Tá deireadh á chur le Aniar TV, ceann de na comhlachtaí is mó a bhíonn ag soláthar clár do TG4, cinneadh a bhainfidh creathadh as earnáil na teilifíse Gaeilge.
Tuigtear do Tuairisc go mbeidh an comhlacht, a bhfuil conarthaí ollsoláthair acu chun cláir faisnéise, cláir cheoil agus cláir bheo a sholáthar do TG4, á scor ag tús na bliana seo chugainn.
I ráíteas a chuir TG4 ar fáíl do Tuairisc dúradh gur “cúis díomá” é don stáisiún “gur chinn Aniar TV gan cur isteach ar na hollsoláthair, ach is cinneadh Aniar a bhí ann sa deireadh thiar”.
Ní raibh Aniar TV sásta aon ráiteas a thabhairt do Tuairisc faoin gcinneadh, ach tá an comhlacht á scor tráth a bhfuil ceisteanna á gcur san earnáil neamhspleách léiriúcháin faoin méid maoinithe a bhíonn ar fáil chun cláir a dhéanamh do TG4.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil amhras ar roinnt comhlachtaí san earnáil faoi ghnéithe de chur chuige coimisiúnaithe ollsoláthair an stáisiúin.
Ó bunaíodh Aniar TV in 2017, tá os cionn 200 uair a’ chloig de chláir theilifíse déanta ag an gcomhlacht do TG4. Tá an comhlacht, atá lonnaithe i gConamara agus Corca Dhuibhne, ar cheann de na comhlachtaí teilifíse Gaeltachta is mó a chuireann fostaíocht ar fáil.
Cuireadh fostaithe an chomhlachta ar an eolas tamall ó shin go raibh sé i gceist é a scor.
Deichniúr a bhíonn fostaithe ag an gcomhlacht agus bíonn timpeall an méid céanna ag obair go neamhbhuan ar chláir éagsúla.
Shocraigh Aniar TV gan cur isteach ar aon chonradh nua le TG4 sa bhabhta tairisceana is déanaí a d’fhógair an stáisiún, mí an Mheithimh seo caite.
D’fhág cinneadh Aniar TV gan cur isteach ar an gconradh go mbeadh comhlacht eile le fáil chun cuid de sceideal TG4 a líonadh.
Tuigtear do Tuairisc chomh maith go raibh ar TG4 roinnt conarthaí ollsoláthair a athfhógairt i rith an tsamhraidh. Dúirt TG4 nach bhféadfaí aon rud a rá faoin mbabhta tairisceana ná faoi líon na gconarthaí a raibh gá iad a athfhógairt toisc go raibh an próiseas tairisceana fós ar siúl.
Dúirt TG4 go raibh “roinnt cruinnithe” ag an Ard-Stiúrthóir, Stiúrthóir Ábhair agus baill eile den fhoireann le stiúrthóirí Aniar TV “chun na roghanna a bhí san fhógra ollsoláthair a phlé leo”.
“Ar deireadh, de réir tuiscint TG4, chinn Stiúrthóirí Aniar TV gan iarratas a dhéanamh ar na hollsoláthair. Ó thaobh TG4 de, rinneadh gach iarracht agus tugadh gach deis do Aniar TV (maraon le comhlachtaí eile a bhíonn ag léiriú do TG4) tabhairt faoi iarratas ar na hollsoláthair nua,” a dúradh i ráiteas TG4.
Ag déanamh clár do chroí-lucht féachana TG4, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhíonn Aniar TV agus tuigtear go raibh an stáisiún sásta le caighdeán oibre an chomhlachta.
Bhunaigh na léiritheoirí Seán Ó Cualáin agus Niamh Ní Bhaoill Aniar TV in 2017 nuair a thug TG4 isteach córas nua coimisiúnaithe a bhí bunaithe ar chonarthaí níos faide a thabhairt do chomhlacht amháin chun cláir a dhéanamh i réimse ar leith.
Faoi chóras na gconarthaí ollsoláthair bronnadh conradh ceithre bliana ar Aniar TV i réimsí na gclár ‘Fíorasach’ agus ceoil, agus tá an comhlacht ag soláthar do TG4 le naoi mbliana anuas.
Ar na cláir atá déanta ag Aniar TV, cuid acu a thuill gradaim, tá Bailte, Bádóirí, An Cósta Thiar, Sé mo Laoch, Ceolaireacht, An Club, Ar Son na Cúise agus Rothaí an tSaoil.
Faoin straitéis ollsoláthair a fógraíodh in 2017, reáchtáladh babhtaí coimisiúnaithe agus lorgaíodh ábhar ginearálta i seacht réimse – sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir dhrámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.
Cuireadh go mór le líon na gconarthaí ollsoláthair a bhronntar ó shin.
Nuair a d’fhógair TG4 babhta nua ollsoláthair ábhair mí an Mheithimh seo caite is 17 conradh trí bliana a bhí á dtairiscint. Dúradh gurbh fhiú “suas le €9.7 milliún in aghaidh na bliana” an pota sin don earnáil léiriúcháin neamhspleách.
Bheadh “béim láidir” sa bhabhta tairisceana, a dúirt TG4, ar “ábhar nua, reatha, misniúil agus comhaimseartha a sheasfaidh amach ar an scáileán agus ar líne”.
Fógraíodh go mbronnfaí trí chonradh ollsoláthair ar a laghad ar chomhlachtaí Gaeltachta taobh amuigh de Chonamara.
Is iad na réimsí clár a luadh leis an maoiniú nua – fíorasach, cúrsaí reatha, sraith irise, siamsaíocht fhíorasach, siamsaíocht, ceol, saolchlár, ábhar do dhéagóirí agus don lucht féachana faoi 35 agus ábhar do Cúla4.
Maíodh go ndéanfadh an maoiniú nua “athrú ó bhonn ar earnáil léiriúcháin neamhspleách na Gaeltachta agus na Gaeilge, trí chur le fostaíocht inbhuanaitheach agus tacú le pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge”.
Ach bhain méid áirithe conspóide ó thús le córas coimisiúnaithe an t-ollsoláthair mar go rabhthas buartha go gcuirfeadh sé deireadh le roinnt comhlachtaí beaga léiriúcháin, a bhí ina ndlúthchuid de mhúnla ‘Súil Eile’ TG4 ó bunaíodh é. Measadh chomh maith go mbainfeadh sé de shaoirse agus de chruthaitheacht na hearnála neamhspleáiche teilifíse a raibh baint mhór ag TG4 lena bunú agus a bláthú.
Deir TG4 go dtugann an córas ollsoláthair cinnteacht don earnáil, go gcuireann sé bonn níos seasmhaí fúithi agus gur cur chuige níos éifeachtaí é do stáisiún beag a mhaíonn nach bhfuil dóthain maoinithe ná cinnteachta ó thaobh buiséid aige féin.
Ach dar le roinnt daoine san earnáil neamhspleách go mbíonn an iomarca uaireanta a chloig teilifíse á n-éileamh faoin gcóras agus gan dóthain acmhainní ar fáil. Bíonn deacrachtaí chomh maith ann teacht ar cheamaradóirí, eagarthóirí agus teicneoirí, go leor acu a bhíonn fostaithe ar chonarthaí gearrthéarmacha.
Bítear ag súil go ndéanfaí cláir do TG4 ar chuid bheag den mhéid airgid a bhíonn ar fáil, mar shampla, chun cláir a dhéanamh do RTÉ.
Ag brath ar an seánra, idir €30,000 agus €75,000 in aghaidh an uair a chloig teilifíse a bhíonn ar fáil de ghnáth do chomhlachtaí faoin gcóras ollsoláthair. I gcás clár faisnéise áirithe, mar shampla, timpeall €60,000-75,000, a bhíonn ar fáil ó TG4 i gcomparáid le €100,000-130-000 ó RTÉ.
€65 milliún sa bhliain a fhaigheann TG4 ach tá cás á dhéanamh le fada ag an stáisiún gur chóir go mbeadh an maoiniú céanna acu is atá ag S4C na Breataine Bige, a fhaigheann os cionn €100 milliún sa bhliain. 130 duine atá fostaithe ag TG4.
Tá an stáisiún ag lorg €11 milliún breise do 2027 ina n-aighneacht réamhbhuiséid.
Fág freagra ar 'Ceann de na comhlachtaí is mó a bhíonn ag soláthar clár do TG4 le scor'