Tá fear sna caogaidí gafa mar chuid den fhiosrúchán atá ar siúl maidir leis an ionsaí a rinneadh tráthnóna inné i mBaile Átha Cliath ar Michael Healy-Rae, Teachta Dála do Chiarraí.
Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána go bhfuil fear ar a choinneáil i stáisiún Gardaí Shráid Chaoimhín san ardchathair.
“Tá duine gafa ag na Gardaí maidir leis an ionsaí a líomhnaítear a rinneadh ar Shráid Chorcaí i mBaile Átha Cliath 8, Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair 2026.
“Cuirfear aon eolas breise ar fáil in am trátha.”
Bhí an Teachta Healy-Rae ag taisteal ina charr féin ar Shráid Chorcaí thart ar a 4.10 tráthnóna inné nuair a tháinig fear faoina dhéin agus d’ionsaigh é trí fhuinneog an chairr.
Bhí Gardaí ar an láthair go pras agus thug siad an Teachta Dála ón láthair go dtí Stáisiún Gardaí Shráid Chaoimhín áit ar cuireadh fios ar otharcharr.
Cuireadh cóir leighis ar Theachta Chill Gharbháin in ospidéal Naomh Uinseann agus scaoileadh amach é roimh a 9.00pm aréir. Dúradh gurbh éigean roinnt greamanna a chur i ngoin a bhí ar a chloigeann.
Dúirt Michael Healy-Rae nach ligfeadh sé d’ionsaí an lae inné cur isteach ar a chuid oibre mar Theachta Dála.
“Pé cúis a bhí leis an ionsaí seo, ní choinneoidh sé mise ó mo chuid oibre ná ó ionadaíocht a dhéanamh ar son mhuintir Chiarraí chomh maith agus is féidir liom.
“Mar sin féin, caithfimid an nimheadas atá á dhíriú ar pholaiteoirí agus ar ionadaithe poiblí a phlé, nimh atá ag éirí níos measa.
“Is ceart agus is cóir go mbeadh easaontú agus díospóireacht dhian pholaitiúil ann ach ní féidir glacadh go deo le drochíde phearsanta, imeaglú ná foréigean mar chuid ar bith den tsochaí dhaonlathach.”
I ráiteas a rinne an Teachta inniu, ghabh sé a bhuíochas leis na Gardaí i Stáisiún Shráid Choimhín, foireann an otharchairr agus an fhoireann ar fad in Ospidéal Naomh Uinseann as an gcúram agus an chabhair ar fad a thug siad dó.
Ba é inné an chéad lá ar ais ag an Dáil agus bhí Michael Healy-Rae had ar a bhealach as Teach Laighean agus an carr stoptha aige ag soilse tráchta ar Shráid Chorcaí nuair a tharla an eachtra.
Deirtear gur thosaigh an t-ionsaitheoir ag béicíl ar an Teachta sula ndearna sé faoina dhéin.
Fág freagra ar 'FIOSRÚCHÁN: Fear gafa maidir le hionsaí a rinneadh ar an Teachta Michael Healy-Rae'