LÁ GAN LOCHT SA GHAELTACHT: Amuigh ar an bhfarraige mhór amach ó Ché Heilvic, ag iascach amach ó Gualainn a’ Bheadarach, ó dheas arís go Faill an Staicín

Dá mbeadh lá ar do thoil agat le caitheamh sa nGaeltacht cén chaoi a gcaithfeá an lá? An scríbhneoir agus file Áine Uí Fhoghlú atá againn an uair seo sa tsraith bheag nua don samhradh

LÁ GAN LOCHT SA GHAELTACHT: Amuigh ar an bhfarraige mhór amach ó Ché Heilvic, ag iascach amach ó Gualainn a’ Bheadarach, ó dheas arís go Faill an Staicín

Is fada an lá ó chuireamar amach ó Ché Heilvic ar thrálaer i bhfochair ár gcarad, duine d’iascairí na háite, rud ba mhinic linn a dhéanamh fadó. Braithim uaim an boladh agus an siosarnach áirithe sin a bhíonn amuigh ar an bhfarraige mhór, glór na dtonn agus an suaitheadh bog a chuireann ort do dhá chos a chur i dtaca is tú dod luascadh ag lámh na mara. Dá mba rud é go raibh mo mhian agam mo lá-sa féin gan locht a rianadh i mbliana, d’athchruthóinn lá dá raibh.

Scaoilim an rópa ceangail den ché agus dreapaim síos isteach sa mbád. Brúnn an scipéir é féin amach ón mbáidín taobh leis lena lámh, agus tosnaímid ag gluaiseacht go mall réidh, gob an bháid dírithe ar an mbearna idir an ché agus an tonnchosc. Méadaíonn fuaim an innill, luas an bháid. Ardaímid agus íslímid ar na tonnta boga. Tá corrsteall éadrom uisce ag éirí chugainn. An ghrian éirithe anois de chúl an Chinn agus teas inti cheana féin. Fiú is gan puth gaoithe ar talamh, bíonn leoithne i gcónaí sa chuan. Ardaím m’aghaidh chuici. Líonaim mo scamhóga.

Tá péire seagaí scrogallacha suite ar Charraig Oileáin, a sciatháin leata, á dtriomú féin. Na cága cosdearga go gnóthach ag cuardach na bhfeithidí i measc na gcaoróga mara bándearga a mhaisíonn an t-oileáinín ard glas seo. Is tearmann caomhnaithe oifigiúil éan é Ceann Heilvic, agus tá siad go flúirseach ag rothlú is ag scinneadh ar bharr uisce, ag súil lena gcreach a ghabháilt. Faoin am a chímid Carraig a’ Scamaill, tá ár gcosa tagtha i dtaithí ar rithim an bháid in aghaidh na dtonn maol. Caitheann an t-iascaire fuílleach éisc dreoite amach uainn. I bpreabadh na súl, bailíonn scata faoileán glórach, ag cur ar a chéile le neart sainte. Tamall amach agus Gualainn a’ Bheadarach ar ár gcúl, múchann sé an t-inneall agus scaoilimid dorú an duine lán de dhuáin amach thar thaobh an bháid. Tá ár gcéadfaí uile líon-lán. Ní fada go mbraithim an lúbarnaíl is an tarraingt ar an dorú. Is gairid go mbíonn cúpla dosaen maicréal ag déanamh rince an bháis i mbun an bháid.

Ó dheas linn arís, thar Charraig Áilis agus go Carraig a’ Mhadra agus siúd romhainn amach ár gceann scríbe, Faill a’ Stáicín, An Stáicín féin ina sheasamh in airde mar a bheadh garda na trá. Tá taithí as a óige ag an scipéir, óna athair a thug eolas na farraige leis óna athair siúd agus ósna glúnta a d’imigh roimhe. Ní haon bhac air an bád a thabhairt isteach gairid go maith don tráigh agus sinn a chur i dtír sa chuas aoibhinn seo. Siúlaimid cosnocht, fliuch, as an taoide isteach ar an ngaineamh buí, te.

Anso a chaitheas samhraí m’óige. Ar an tráigh the seo atá faoi bhun an tí inar tógadh mé agus faoi bhun an tí a thógamar féin dár dteaghlach, snadhmadh nascanna grá agus briseadh croíthe. Sásaíodh macnas colainne agus mianta. Anso a tharla aicsean na hóige do ghlúnta an cheantair agus dosna céadta turasóirí. Agus is thíos ar an tráigh aoibhinn seo a chaitheas féin agus mo chéile gach lá gréine le linn chlutharú Chóivid. Dhreapaimis síos na failltreacha géara. Thugaimis linn ár bpicnic. Lasaimis tine bhreá leis an adhmad raice, a chuireadh blas an deataigh ar an tae.

Táimid anso arís. Caith uait na Costas, tá sé go léir anso againn. Gaineamh mín órga fad do radhairc. Duileasc, carraigín agus sleabhcán. Smugairlí, crosóga agus portáin. Teas Meánmhara sa chuainín beag seo a bhfuil a aghaidh ó dheas is na failltreacha arda ag sú an teasa is á scaoileadh chugainn go mall. Farraige ghléghorm agus spéir gan néal. Tigh Solais Mhionn Ard agus Ceann Airde Móire ar dheis uait.

Snámhaim gan stró sa sáile suaimhneach, a chuid filltíní luaineacha ag caitheamh drithlíní gréine dá dhroim. Snámhaim, gan aird ar am ná ar chlog, go dtuirsíonn mo ghéaga. Siúlaim fud fad na trá, fiosraím gach pluais, gach muirchur. Róstaímid cúpla maicréal i scragall stáin ar an tine raice. Lón coirp is anama. Tugaimid chun cuimhne an phaindéim is ré órga ár n-óige. Sínimid ár gcnámha scothaosta siar ar ár suaimhneas go n-imíonn an ghrian i bhfolach taobh thiar den bhfaill, go mbíonn sé in am filleadh ar an mbád is ar an gCé thoir.

Agus leis sin, fágaim slán ag mo lá gan locht sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'LÁ GAN LOCHT SA GHAELTACHT: Amuigh ar an bhfarraige mhór amach ó Ché Heilvic, ag iascach amach ó Gualainn a’ Bheadarach, ó dheas arís go Faill an Staicín'

  • Tomás

    Go hálainn!