‘Aimsir na gcúcamar’ a thugtar i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, ar an am seo den bhliain, séasúr na hamaidí.
Is é an chaoi nach mbíodh le tuairisciú ag na hiriseoirí bochta, fadó, i gcroílár an tsamhraidh ach méid na gcúcamar ag na taispeántais talmhaíochta a bhíodh fairsing an tráth seo.
D’imigh sin agus tháinig seo. Sa lá atá inniu ann, faraor, idir chogaí agus athrú aeráide, níl aon ghanntanas ábhair ag cur as dúinne iriseoirí agus colúnaithe, agus cé nach raibh orm féin, buíochas le Ceres agus Déiméitéir, tuairisciú a dhéanamh ar thaispeántas talmhaíochta riamh, tháinig cumha orm i ndiaidh aimsir na gcúcamar mar a bhíodh.
Níl cúcamair agam i mo cheapach ghlasraí féin, ach tá gircíní, agus déanta na fírinne níl sa ghircín ach cúcamar beag, cineál a fhástar go sonrach chun picilí a dhéanamh.
Níl rud ar bith chomh héasca le gircíní a fhás. Cuireann tú síol sa talamh, tagann planda aníos agus tagann gircíní beaga air – neart acu, bíodh do chuid prócaí steirilithe faoi réir agat.
Níl sé chomh deacair sin gircíní a phicilt ach oiread, tiocfaidh tú ar oideas ach cuardach idirlín a dhéanamh, agus ní suaimhneas intinne go dtí é.
Tugann an phicilt siar mé ar bhóithrín na smaointe, bóithrín nár shiúil mé féin riamh toisc gur i bhfad ó ghircíní agus ó thaispeántais talmhaíochta a rugadh mé, bóithrín chuig saol parailéalach éigin nach raibh agam agus ina mbíodh loinnir órga ar gach rud.
Ach ag an am céanna, tugann an phicilt suaimhneas intinne dom toisc go mbeidh íoslach lán prócaí agam an lá a dhéanfas Putin cíbirionsaí ar lárionaid dáiliúcháin na n-ollmhargaí, nó rud níos measa ná sin.
Lena chois sin, mura ndéanfaidh tú picilí astu, rachaidh gircíní ó mhaith laistigh de chúpla lá, fiú amháin sa chuisneoir; coinneoidh ceapach ghlasraí gnóthach thú fiú agus an saol ag titim as a chéile i do thimpeall.
Col ceathrair de chuid an chúcamair agus an ghircín is ea an cúirséad.
Tá cúirséid agam sa cheapach ghlasraí freisin, cinn bhuí agus cinn ghlasa. Ach oiread le gircíní níl trioblóid ar bith ag baint leo, cuireann tú síol sa talamh san earrach agus faoi lár mhí Iúil beidh cúirséid ag teacht amach as do chuid cluasa.
An deacracht leis an gcúirséad ná nach bhfuil blas ar bith air. Ceann de na maslaí is fearr dár chuala mé riamh ná seo: ‘cúirséad de dhuine is ea é siúd’. Ní hamháin nach mbíonn blas ar bith dá chuid féin ar an gcúirséad, is é an chaoi go nglacann sé chuige féin pearsantacht na gcomhábhar eile ina thimpeall; cuach na nglasraí is ea an cúirséad.
Mar sin féin, is i mo chuid cúirséad, agus ní mo chuid scríbhneoireachta, is mó a chuireann na comharsana spéis nuair a chuirim mo sheastán glasraí agus litríochta le taobh an bhóthair gach maidin. Ach cé a chuirfeadh locht orthu? Agus an saol mar atá, tá cumha orainn uilig i ndiaidh aimsir na gcúcamar agus a gcuid col ceathracha.
Fág freagra ar 'Cumha i ndiaidh aimsir na gcúcamar'