Brionglóid ag Lagarde euro domhanda a mholadh

Tá an dollar ag dul i laghad mar chúlchiste ach ní hé an euro a fuair buntáiste as sin agus níl aon chúis faoi leith ann go gcuirfí lena stádas anois

Brionglóid ag Lagarde euro domhanda a mholadh

In alt a foilsíodh san Financial Times le deireanas, dúirt Uachtarán Bhanc Ceannais na hEorpa, Christine Lagard, nach raibh “ról ceannasach an dollair” cinnte a thuilleadh is gur léirigh sé sin go bhféadfadh an euro dul in airde go “buaic dhomhanda”. Brionglóid atá sa gcaint seo, ceapaim.

Ó cuireadh tús leis an euro, is ar éigean go raibh tionchar níos mó aige ná mar a bhíodh ag na hairgeadraí a dtáinig sé ina n-ionad – thart ar 20% de chúlchistí an domhain.

Sea, tá an dollar ag dul i laghad mar chúlchiste, ó bhuaic 70% go faoi 60%, ach ní hé an euro a fuair buntáiste as sin. Is airgeadraí amhail franc na hEilvéise, punt na Breataine, agus yen na Seapáine a líon an t-easnamh. Níl aon chúis faoi leith ann go gcuirfí le stádas an euro anois.

Maidir leis an euro tá an-chuid fadhbanna ag baint leis ón tús: fabhtanna struchtúrtha, ilroinnt airgeadais leanúnach, fás marbhánta agus institiúidí doiléire. In ainneoin chomhtháthú na mblianta, tá an tAE tar éis dul chun cúil ar eacnamaíochtaí forbartha eile, go háirithe ó thaobh na nuálaíochta agus na táirgiúlachta.

Easpa infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt (R&D), éileamh lag tomhaltais, claonadh i gcoinne pholasaithe tionsclaíochta, agus múnla rialachais a chuireann isteach ar ghníomhaíocht agus ar fhreagracht.

Tá na fadhbanna seo tar éis dul in olcas le blianta beaga. Tá costas fuinnimh i ndiaidh dul in airde – brúite ag cinneadh an AE gan brath ar ghás na Rúise; tá cúlú eacnamaíochta ann i gcuid mhór d’Iarthar na hEorpa, agus fiú an díthionsclú, ag a bhfuil an Ghearmáin, go háirithe, buailte go dona.

Tá an ghéarchéim fuinnimh féinfheidhmithe seo tar éis an bhearna a leathnú a thuilleadh idir an Eoraip agus geilleagair níos fuinniúla ar nós na Stát Aontaithe.

Mar aon leis sin, féach seasamh luaineach idirnáisiúnta an AE, agus is léir nach bhfuil tarraingt láidir ag an euro mar airgeadra sábháilte. Ní théann infheisteoirí i dtreo dlínsí polaitiúla nach bhfuil slán nó atá guagach go straitéiseach.

Tá fadhb bhunúsach ann, ámh, a ndéanann Lagarde dearmad uirthi. Caithfidh airgeadra taisce domhanda freastal ar éileamh domhanda, rud a chiallaíonn de ghnáth go gcaithfí easnaimh thrádála a bheith ann le hairgead domhanda a mhealladh isteach.

Ach farasbarr trádála an múnla bhíonn ag stáit na hEorpa de ghnáth.

Aithníonn Lagarde cuid de na dúshláin seo ach creideann sí gur féidir iad a réiteach le comhtháthú is lánpháirtiú níos doimhne – an margadh aonair a chur i gcrích, rialacháin a laghdú, agus aontas margaí caipitil a chruthú.

Ach go fírinneach ní hí an fhadhb nach bhfuil dóthain den chomhtháthú ann – ach próiseas an chomhtháthaithe féin. Tá an euro i ndiaidh an cumas a bhaint ó na ballstáit a bheith in ann deighleáil go solúbtha le fadhbanna de réir riachtanais a gcuid geilleagair féin.

Tá smacht daonlathach na náisiún laghdaithe, agus tá cumhacht aistrithe go hoifigí gan freagracht mar An Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach, oifig Lagarde féin.

Ach arís is arís bíonn An Coimisiún agus an BCE ag feidhmiú chun leas dream beag daoine ag barr na sochaí: déine sa mbaile, comhsheasamh le NATO taobh amuigh agus smachtbhannaí ionsaitheacha a tháinig ar ais i gcoinne gheilleagair na hEorpa.

Ach is é an locht is mó atá ar argóint Lagarde ná nach dtuigeann sí céard a thiomáineann an dídhollarú ar fud an domhain. Tugann sí faoi deara nach bhfuil roghanna thar an dollar tagtha go forleathan ar an saol, ach ní aithníonn sí céard atá taobh thiar den dídhollarú ar an gcéad dul síos.

Is í an phríomhchúis ná go mbíonn rialtas SAM ag baint úsáid as an dollar mar uirlis troda – trí smachtbhannaí, sócmhainní a ghabháil agus comhéigean airgeadais. Tá tíortha ag iarraidh an riosca sin a fhálú, ach ní hionann sin is a rá go mbeidh siad sásta an chumhacht sin a thabhairt do stát eile, go háirithe stát a bhí céad faoin gcéad taobh thiar den chomhéigean airgeadais a chleacht Meiriceá.

Cén fáth a ndéanfadh náisiúin aistriú ó chóras pionóis amháin go córas eile?

Ag deireadh thiar níl ceannas airgeadais nua ag teastáil ón domhain, ach córas díláraithe ina socraíonn stáit a gcuid idirbhearta airgid ina gcuid airgeadraí féin.

Sin é díreach atá ar siúl ag na BRICS, agus sin é an fáth go bhfuil níos mó tíortha ar fud an domhain ag iarraidh a bheith páirteach leo – tíortha atá cairdiúil leis an Iarthar agus tíortha atá faoi bhagairt.

B’fhéidir tuilleadh den Eoraip seo atá de dhíth ach Eoraip éagsúil ar fad.

Fág freagra ar 'Brionglóid ag Lagarde euro domhanda a mholadh'