OIREACHTAS NA SAMHNA: ‘Éagóir iomlán” á déanamh ar chainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas orthu

Ag labhairt di ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag an deireadh seachtaine, dúirt Ailbhe Ní Chasaide ón tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide gur ‘mionlach taobh istigh de mhionlach’ iad na cainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas orthu

OIREACHTAS NA SAMHNA: ‘Éagóir iomlán” á déanamh ar chainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas orthu

Tá “éagóir iomlán” á déanamh “le blianta fada” ar chainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas orthu, dar leis an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide ón tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide.

Ag labhairt di ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag an deireadh seachtaine, dúirt Ní Chasaide gur “mionlach taobh istigh de mhionlach” iad na cainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas orthu agus go ndéantar éagóir orthu i réimse an oideachais agus i réimsí eile den saol.

“Tá éagóir iomlán á déanamh orthu le blianta fada. Brúitear amach as na Gaelscoileanna iad agus moltar dá dtuismitheoirí foghlaim na Gaeilge a sheachaint. Úsáidtear diagnóis mar an disléicse le bac a chur ar dhaoine páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge, tuairim atá mícheart agus nach bhfuil bunaithe ar thaighde ar bith,” a dúirt Ní Chasaide.

Dúirt sí gur “ceist cearta daonna agus ceist cearta teanga” a bhí ann go mbeadh teacht ag daltaí scoile a bhfuil míchumais de chineálacha éagsúla orthu ar áiseanna agus acmhainní a d’éascódh úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga phobail agus a d’éascódh foghlaim na Gaeilge.

“Rinne muid tástáil le daltaí scoile timpeall na tíre agus chuir sé alltacht orm an líon daltaí atá ann a bhfuil an tacaíocht de dhíth go crua orthu. Tá an disléicse ar tuairim is 10% de pháistí scoile, agus níl aon ábhar measúnaithe ná tacaíocht ann don té arb í an Ghaeilge a chéad teanga nó teanga a scoile,” a dúirt sí.

Bhí an tOllamh Ní Chasaide ag labhairt ar chuid de na háiseanna sin atá forbartha agus á bhforbairt ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra le tamall de bhlianta anuas.

Tá na tograí sintéise agus aitheanta cainte atá á bhforbairt ag an tSaotharlann ina gcroíchuid de na háiseanna agus acmhainní sin agus thug Ní Chaiside spléachadh ar an obair sin ag Aonach an Oireachtais Déardaoin.

Ar cheann de na tograí sin tá an aip ‘Meall an Óige’, a úsáideann an intleacht shaorga le fónaic na Gaeilge a mhúineadh – fónaic atá “go huile is go hiomlán difriúil” le fónaic an Bhéarla. Dúirt sí go ndéanann ‘Meall an Óige’ foghlaim na léitheoireachta i bhfad níos éasca do dhuine a bhfuil deacrachtaí acu le litriú agus léamh na Gaeilge.

“Tá córas fuaimnithe agus litrithe na Gaeilge an-difriúil le córas fuaimnithe agus litrithe an Bhéarla. Trí ‘Meall an Óige’ foghlaimítear fuaimeanna na Gaeilge gan aon litir ná focal scríofa a fheiceáil ar dtús, ansin foghlaimítear na litreacha agus na fuaimeanna difriúla Gaeilge a théann leo, agus tugtar an páiste ar aghaidh chuig an leibhéal réamhliteartha agus liteartha ina dhiaidh sin.

“Tá scéal agus amhrán ag dul le gach péire fuaimeanna a bhíonn ag gach litir – an consan caol agus leathan, agus an guta fada agus gairid – agus bíonn cluichí ann do na daltaí bunaithe ar na scéalta agus na hamhráin. Nuair a bheidh níos mó glórtha páistí againn don chóras aitheanta cainte, beifear in ann cruinneas fuaimniú na bhfocal a thomhas fosta,” a dúirt sí.

Labhair Ní Chasaide freisin faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí scoile nach bhfuil aon urlabhra acu nó a bhfuil fadhbanna urlabhra acu. Dúirt sí go mbíonn deacracht mar sin ag go leor daltaí a bhfuil an t-uathachas orthu, agus ag daltaí eile nach iad ar chúiseanna éagsúla.

Thaispeáin sí áis nua atá forbartha ag an tSaotharlann agus tástáilte le tríocha dalta Gaelscoile a bhfuil fadhbanna urlabhra acu. Is féidir leis an té a úsáidfidh ‘Geabaire’ cumarsáid a dhéanamh agus abairtí a chumadh trí dheilbhíní beaga a bhrú.

“Tá gléasanna mar seo ann don Bhéarla ach ní féidir gléas an Bhéarla a chur in oiriúint don Ghaeilge trí chraiceann na Gaeilge a leagan ar an rud Béarla mar gheall go bhfuil an dá theanga chomh difriúil sin óna chéile. Córas SVO atá ag an mBéarla agus córas VSO atá an nGaeilge. Mar sin ba ghá rud as an nua a chruthú,” a dúirt sí.

Tá súil ag Ní Chasaide agus a comhghleacaithe i Saotharlann Foghraíochta agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide glór 1,000 páiste a thaifeadadh ag Oireachtas na Samhna i mbliana le cur leis na córais sintéise agus aitheanta cainte ar a dtógtar na háiseanna seo.

Fág freagra ar 'OIREACHTAS NA SAMHNA: ‘Éagóir iomlán” á déanamh ar chainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas orthu'

  • Siún Ní M

    B’fhearr a shainmhíniú cé hiad ‘daoine a bhfuil míchumas orthu’. Ní thabharfainn a leithéid ar dhuine a bhfuil disléicse air – tá disléicse orm féin agus ní haon mhíchumas a bhí ann domsa. Thabharfainn é ar dhuine a bhfuil moilliú intinne air, mar shampla, duine a bhfuil cos nó lámh in easnamh air, nó duine atá bodhar. Má shainmhínítear na nithe seo i gceart is céim mhór chun tosaigh é. Is fusa an Ghaeilge ná an Béarla domsa mar tá litriú na Gaeilge níos loighciúla, dar liom.

  • Lárchainteoir

    “Éagóir iomlán” á dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge nach labhraíonn ceachtar den trí mórchanúint ach oiread. Is maith ann don obair atá idir lámha ag abair.ie ach is ann do chainteoirí líofa Gaeilge nach bhfuil aon cheangal leis na canúintí traidisiúnta. Is amhlaidh do pháistí Gaelscoile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Ní aithnítear iad/muid in aon bhealach.

  • Ciara

    Tá faillí á dhéanamh ar na cainteoirí líofa Gaolainne sa chóras oideachais le riachtanais aitheanta foghlama acu agus nach bhfuil ar a gcumas a gcuid scileanna labhartha a léiriú de bharr an beag ‘s fiú atá déanta don scil seo ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí? Teachtaireacht? Scríobhaigí na Gaolainne ach ní gá í a labhairt! Sárú ar chearta teanga!! Ní bheadh cos le seasamh ag Roinn an Oideachais san Ard Chúirt ar shárú cearta daonna na n-ógánach seo. Cás go deimhin do Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa atá ann. Conas nach bhfuil CnaG ná Gaeloidachas ag gníomhú?