Agus gan ach coicís fágtha go dtí go roghnóidh muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá a 47ú huachtarán, níl oiread na fríde idir Donald Trump agus Kamala Harris i rás an Tí Bháin.
Gob ar ghob atá an leasuachtarán agus an t-iaruachtarán i mbeagnach gach ceann de stáit na cinniúna, na stáit sin a shocróidh cé leis a bheidh an lá.
De réir na hanailíse is déanaí ag an New York Times ar phobalbhreitheanna éagsúla, ar an meán, níl ceachtar iarrthóir fiú pointe amháin chun cinn i gcúig cinn de na stáit chinniúnacha sin ina bhfuil sé ina chogadh dearg don uile vóta – Pennsylvania, Michigan, Nevada, Wisconsin agus North Carolina.
I stáit North Carolina, Pennsylvania agus Michigan, an farasbarr is mó atá ann ná .02%.
Chun go mbeadh an bua acu, meastar go gcaithfeadh Trump ar a laghad ceann amháin de na trí stát idir eatarthu sin a bhuachan.
De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí tá Trump chun cinn ar éigean le tamall i roinnt de na stáit idir eatarthu ach chun filleadh ar an dTeach Bán bheadh air bearna a dhéanamh i mBalla Gorm na nDaonlathach agus Michigan, Pennsylvania nó Wisconsin a thabhairt leis.
Le roinnt toghchán anuas, tugadh i bhfad níos mó tacaíochta sa deireadh d’iarrthóir áirithe ná mar a bhí á thuar sna pobalbhreitheanna. B’amhlaidh an scéal i gcás Joe Biden in 2020 agus le Trump féin in 2016, agus dá dtarlódh a leithéid arís d’fhéadfadh go mbeadh bua níos boige ag Trump nó Harris ná mar a shíltear.
De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh ag Trump agus Harris ag dul ar gcúl.
Léirítear sna pobalbhreitheanna náisiúnta nach bhfuil Harris chun cinn ach le thart ar phointe céatadáin amháin, an farasbarr is lú aici ó bhí Comhdháil Náisiúnta na nDaonlathach ann mí Lúnasa.
Ach bíodh is go bhfuil dul chun cinn déanta ag Trump, tá an buntáiste atá aige sna stáit idir eatarthu chomh beag sin gur cothrom le chéile, nó geall leis, atá na hiarrthóirí.
De réir na samhla réamhaisnéise a bhíonn á húsáid ag an suíomh idirlín 538, a bhíonn á reáchtáil ag an suirbhéir pobalbhreithe aitheanta Nate Silver, bhuafadh Trump an toghchán 51 uair as gach céad agus bheadh móramh vótaí an choláiste toghcháin aige 49 uair as 100.
Seo an chéad uair ó d’fhoilsigh 538 a gcéad tuar faoin gcoimhlint idir Kamala Harris agus Donald Trump, go bhfuil Trump bailithe chun cinn, fiú más ar éigean é.
Agus an rás ag éirí níos géire i stáit idir eatarthu an tuaiscirt agus Chrios na Gréine, deir 538 nach bhfuil ach caitheamh na pingine idir na hiarrthóirí.
Os cionn 90 vóta coláiste toghcháin atá sna seacht stát is mó atá idir eatarthu sa toghchán: 19 atá ag Pennsylvania, 16 atá ag North Carolina, 16 atá ag Georgia, 15 vóta atá ag Michigan, 11 atá ag Arizona, 10 atá Wisconsin agus sé cinn atá ag Nevada.
Meastar go mbeidh an lá le Harris má éiríonn léi 44 vóta coláiste toghcháin a bhuachan sna stáit idir eatarthu sin agus gur 51 vóta a theastóidh ó Trump le go dtoghfaí ina uachtarán é don dara huair.
538 vóta atá sa Choláiste Toghcháin agus móramh 270 vóta a theastaíonn chun an t-uachtarán a thoghadh.
Fág freagra ar 'Trump agus Harris ar comhtharrac coicís roimh lá na vótála'