Óráid i nGaeilge faoin Meánoirthear tugtha i bParlaimint na hEorpa

Dúirt Lynn Boylan, a toghadh ina Feisire Eorpach do Shinn Féin i mbliana, go raibh ‘bliain iomlán den chinedhíothú’ á tabhairt chun cuimhne ag muintir Gaza an tseachtain seo

Óráid i nGaeilge faoin Meánoirthear tugtha i bParlaimint na hEorpa

Is í an Feisire Eorpach Lynn Boylan an duine is deireanaí a labhair Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

I nGaeilge a bhí formhór na hóráide a thug an feisire de chuid Shinn Féin faoi choimhlint an Mheánoirthir.

Ag labhairt di in Strasbourg, dúirt Boylan, a toghadh ina Feisire Eorpach i mbliana, go raibh “bliain iomlán den chinedhíothú” á tabhairt chun cuimhne ag muintir Gaza an tseachtain seo agus nach mór don Aontas Eorpach “beart a dhéanamh” i bhfianaise rialú na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta [ICJ].

“Tá muintir Gaza ag tabhairt chun cuimhne bliain iomlán den chinedhíothú, bliain amháin d’fhoréigean brúidiúil ar shibhialtaigh. Tar éis rialaithe a thug an ICJ le déanaí ní mór don Aontas beart a dhéanamh, ní mór dóibh trádáil a chur ar fionraí agus smachtbhannaí a fhorchur.

“Is géarú dainséarach é an t-ionsaí ar an Liobáin. Léiríonn sé an neamhaird gan cás gan náire ar shaol na sibhialtach. Is tír neodrach í Éire. Tá stair bhródúil síochánaíochta sa Liobáin againn. Dé Domhnaigh thug Iosrael neamhaird arís agus arís eile ar rabhadh UNIFIL go raibh siad ag cur i mbaol sábháilteacht na gcoimeádaithe síochána,” a dúirt an feisire.

Ag leanúint uirthi i mBéarla dúirt sí nach raibh aird ar bith ag Iosrael ar a chuid dualgas idirnáisiúnta agus gur gá don Eoraip éirí as “cosaint taidhleoireachta a thabhairt don chinedhíothú”.

14 Feisire Eorpach atá ag Éirinn i bParlaimint na hEorpa ó d’fhág an Bhreatain an tAontas agus thug ceathrar den 14 duine sin le fios go labhródh siad Gaeilge sa Pharlaimint “go rialta” agus mar “ghnáthchleachtas”.

I dtoghlach an Deiscirt a toghadh triúr den cheathrar a dúirt go labhródh siad Gaeilge: Seán Kelly (Fine Gael), Billy Kelleher (Fianna Fáil), agus Cynthia Ní Mhurchú (Fianna Fáil). Ba i mBaile Átha Cliath a toghadh an ceathrú duine – Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre).

Fág freagra ar 'Óráid i nGaeilge faoin Meánoirthear tugtha i bParlaimint na hEorpa'

  • Criostóir

    Cuireann Lynn Boylan an locht ar fad ar Iosrael, mar is dual di. An é go gceapann sí nár cheart d’Iosrael faic a dhéanamh faoi na mílte diúracán atá á scaoileadh ag Hezbollah ar shibhialtaigh Iosraelacha le bliain anuas? Faoi mar a dúirt mé inné, ní féidir cead a gcinn a thabhairt do leithéidí Hezbollah cineál ‘post lae’ a dhéanamh den sceimhlitheoireacht, iad ag ceapadh gur féidir leo diúracáin a scaoileadh ar Iosrael i rith an lae agus ansin filleadh abhaile slán sábháilte ar a muintir istoíche amhail is go bhfuil gnáthlá oibre déanta acu agus go bhfuil gach rud togha. Filleann an feall ar an bhfeallaire, agus is ag cur a muintir féin i mbaol a bhí siad nuair a chuaigh siad leis an sceimhlitheoireacht. Ní féidir tús a chur le cogadh agus a bheith ag gearán ansin gur thug do namhaid freagra rófhíochmhar ort. Is róthrua go bhfaigheann sibhialtaigh bás i gcogaí, ach creid é nó ná creid, déanann Iosrael a dhícheall básanna na sibhialtach a íoslaghdú. Is cuid den chogaíocht é go bhfaigheann go leor daoine neamhchiontacha bás agus is trua sin (go háirithe i gcás cogadh i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach nó a bhíonn ina gcónaí lena muintir a fhad is atá cogadh á fhearadh acu). Ach is trua freisin gur thug go leor de mhuintir na Liobáine tacaíocht do Hezbollah, dream a tharraingíonn scrios agus ár ar an bpobal seachas a gcúinsí saoil a fheabhsú, dream a chaitheann na múrtha airgid ar roicéid agus ar thógáil na dtollán seachas aon ní fiúntach a dhéanamh ar son na Liobáine.
    Agus maidir le líomaint an chinedhíthaithe, tá sin bréagach amach is amach. Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar an milliún Arabach in Iosrael féin agus Palaistínigh an diaspóra). Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin.
    Rud eile de – bíonn Lynn Boylan ina tost, nach mór, faoi choimhlintí eile atá ar siúl leis na blianta fada. Bíonn an-fhonn uirthi i gcónaí Iosrael a dhamnú (as é féin a chosaint i gcoinne sceimthlitheoirí) ach cé mhéad óráid atá tugtha aici ag cáineadh na Síne as géarleanúint na nÚigiúrach nó ag cáineadh na hAsarbaiseáine as an nglanadh eitneach atá deanta acu le tamall anuas i Nagorno-Karabakh? Tá sé aisteach go ndíríonn sí ar bhealach chomh mion agus leanúnach sin ar an gcoimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh nuair atá coimhlintí eile chomh tromchúiseach céanna (nó níos tromchúisí fós) ar siúl le blianta beaga anuas agus gan faic na fríde cloiste againn fúthu uaithi. Tá an chuma air nach mbíonn suim ag daoine áirithe i gcearta daonna ach amháin nuair a thugann sé deis dóibh fogha a thabhairt faoi na Giúdaigh…