Tástáil le déanamh ar mhianach ceannaireachta Sunak agus Donaldson

An bhfuil ceachtanna le foghlaim ó Uachtarán na hÚcráine ag ceannairí i dtíortha ina bhfuil an tsíocháin i réim

Tástáil le déanamh ar mhianach ceannaireachta Sunak agus Donaldson

Inniu, amárach nó níos deireanaí, ceann scríbe sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach faoin bprótacal iarBhreatimeachta, seans. Má chuireann Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak agus an tUachtarán Ursula von der Leyen bailchríoch ar mhargadh beidh obair dhúshlánach le déanamh ag Sunak agus ag ceannaire an DUP.

Déanfar dianphromhadh ar a gcumas mar cheannairí.

I gcás Sunak tá an trioblóid á coipeadh cheana féin agus díoltas Boris Johnson ag bagairt air. Mar ba léir ó lúbaireacht an iar-phríomh-aire Johnson ag deireadh na seachtaine bhí seisean agus cairde ag iarraidh margadh Sunak a scrios sula ndéanfaí é.

Ní bheidh leisce ar chuid den eite sin a rá gur ar mhaithe leis na haontachtaithe i dTuaisceart Éireann atá siad ach mairg don té a bheadh ag brath orthu. D’ainneoin é a bheith náirithe, ruaigthe as oifig mar Phríomh-Aire, is mian le Johnson filleadh ar Uimhir a 10 Sráid Downing agus an milleán á chur aige ar Sunak as a bhriseadh. Chomh maith lena mian Sunak a lagú go tubaisteach teastaíonn briseadh iomlán ón Aontas Eorpach, gan aon chomhréiteach ó chuid acu.

An bhfuil na tréithe ceannaireachta ag Sunak chun a ndúshlán a thabhairt? Measann roinnt i measc na gCaomhach nach bhfuil. Síleann siad go ngéillfidh sé mar a rinne sé cúpla babhta cheana. Ar an lámh eile deir a lucht tacaíochta go roghnaíonn ceannaire maith an pháirc chatha ar a ndéanfaidh sé seasamh. An é comhréiteach faoin bprótacal iarBhreatimeachta an chúis a roghnóidh sé. Ós é biseach na heacnamaíochta a thosaíocht an gcuirfidh sé cos i dtaca chun an caidreamh leis an AE a fheabhsú, cogadh trádála a sheachaint agus, i gcás Thuaisceart Éireann, chun cuma fheidhmiúil a chur ar réigiún den Ríocht Aontaithe atá ina chiseach? Seans nach féidir an cath seo a sheachaint ó tá andúil ag na Tóraithe in achrann faoi Bhreatimeacht.

Is iad an DUP an dara cuid den dúshlán do Sunak. An mbeidh sé in ann a áitiú orthu gur cheart filleadh ar Stormont? Meastar go dteastódh am ó cheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go dtí go mbeadh na toghcháin áitiúla thart sa Bhealtaine agus go dtí deireadh shéasúr na máirseála. D’fhágfadh sin an DUP ag caint ar fhilleadh sa bhfómhar ar a luaithe. Conas a ghabhfadh Sunak i ngleic leis sin? An bhféadfaí casadh dearfach a chur air, a rá go rabhthas ar an mbóthar ceart, go raibh feidhmiú an mhargaidh á thástáil agus obair ullmhúcháin d’Fheidhmeannas nua ar siúl?

An mbeadh Jeffrey Donaldson in ann a pháirtí a thabhairt ar ais go Stormont? Fiú dá mbeadh eite Donaldson den DUP sásta leis an margadh ní gá go mbeadh an lucht tacaíochta ná na comhghuaillithe go léir a rith an feachtas in aghaidh an phrótacail ar a suaimhneas. Ní ribín réidh do Jeffrey Donaldson an cúrsa sin. Rinne David Trimble é i 1998 nuair a bhí Jeffrey Donaldson i measc na n-easaontóirí san UUP agus rinne Ian Paisley an DUP é in 2007 nuair a rinne sé margadh chun cumhacht a roinnt le Sinn Féin. Níorbh éigean do Jeffrey Donaldson gníomh dearfach ceannaireachta a dhéanamh go dtí seo. An bhfuil an mianach ann chun gníomhú, an chluas bhodhair a thabhairt do Jim Allister an TUV, don dílseoir Jamie Bryson agus don LCC –scáthghrúpa na bparaimíleatach dílseach atá ag bagairt ‘míshuaimhnis’ mura sásófar iad?

Díol suntais iad na tréithe a bhaineann le dea-cheannaireacht. Ní hionann na cásanna ar ndóigh. Bheadh sé seafóideach a rá go bhfuil an tástáil a dhéanfar ar Sunak agus Donaldson inchomparáide leis an éigeandáil san Úcráin ach féach mar a fuarthas eiseamláir na scothcheannaireachta ansin in am an ghátair.

“Níl síob de dhíth orm…..”

Bliain agus an t-am seo bhí freagra Volodymyr Zelensky glan soiléir. Ní raibh aon chuimhneamh ag Uachtarán na hÚcráine ar a thír ná a mhuintir a thréigean nuair a thairg Stáit Aontaithe Mheiriceá bealach éalaithe dó. Tacaíocht airm a bhí uaidh in aghaidh ionradh na Rúise. Bhí mianach níos crua san Uachtarán ná mar a cheap a lán a bheadh san iarfhuirseoir.

Ar an drochuair thug an slad agus marú na mílte le bliain anuas iliomad seansanna don Uachtarán chun a mhisneach agus a scileanna cumarsáide a léiriú. Éacht ab ea é meanma na gcosantóirí sa bhaile a chothú agus a áitiú ar Mheiriceá agus an Eoraip tacú lena chúis.

Murab ionann agus an bheirt fhear a chaithfidh cinntí cinniúnacha a dhéanamh i dtaca leis an bprótacal agus Stormont, ní raibh aon rogha ag Vlodomyr Zelensky faoin gcúis a chaithfí a fhreastal.

Chinntigh ionradh na Rúise é sin. An raibh na tréithe ceannaireachta atá follasach anois ag Zelensky ann ó dhúchas? Nó arb é an t-uafás a d’imir Vladimir Putin ar a thír a thug chun cinn iad?

Agus an bhfuil ceachtanna le foghlaim ag ceannairí i dtíortha ina bhfuil an tsíocháin i réim?

Fág freagra ar 'Tástáil le déanamh ar mhianach ceannaireachta Sunak agus Donaldson'