Rabhadh oráiste oighir agus fuachta le teacht i bhfeidhm do 19 contae tráthnóna

Tiocfaidh an rabhadh oráiste oighir agus fuachta i bhfeidhm ag 6pm tráthnóna

Rabhadh oráiste oighir agus fuachta le teacht i bhfeidhm do 19 contae tráthnóna

Tá rabhadh aimsire oráiste fógartha ag Met Éireann do 19 contae.

Tiocfaidh an rabhadh oráiste oighir agus fuachta seo i bhfeidhm ag 6pm tráthnóna inniu agus beidh sé i bhfeidhm go dtí meán lae amárach, Déardaoin.

Meastar go mbeidh an teocht chomh híseal le 5C faoin reophointe oíche anocht in áiteanna.

Baineann an rabhadh oráiste nua le Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, an Mhí, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, An Cabhán, Muineachán, Luimneach, Tiobraid Árann, An Clár, Liatroim agus and Ros Comáin.

Beidh an rabhadh buí oighir agus fuachta atá eisithe ag Met Éireann cheana i bhfeidhm don stát ar fad go dtí Dé hAoine.

Cé go bhfuil grean is salann á gcur síoraí seasta ar na príomhbhóithre tá contúirt ar na bóithre tánaisteacha agus ar chosáin a bheidh ina reothalach, go háirithe má tá an áit foscúil.

Le cur leis an gcontúirt tá an ceo seaca ag cur isteach go mór ar léargas lucht tiomána agus caithfear a bheith fíorcháiréiseach agus tiomáint go réidh stuama.

Tá achainí eisithe i bpáirt ag An Garda Cósta, Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI) agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann ag impí ar an bpobal a bheith ar a n-airdeall thart ar an uisce.

Cé go gcuireann an t-oighear fonn scátála is spraoi ar dhaoine óga, meabhraíonn na heagraíochtaí sábháilteachta uisce dúinn “nach ionann neart ná tiús an oighir in aon áit agus nach cóir a ghabháil amach ar an oighear”. Iarrann siad freisin ar dhaoine a bheith cúramach agus iad “ag siúl cois abhann nó uisce ar fhaitíos go mbeadh an cosán sleamhain agus go sciorrfadh duine” agus a chinntiú “páistí agus peataí a choinneáil amach ó cholbha srutháin nó uisce”.

Iarrtar ar aon duine a fheiceann duine i dtrioblóid ar an uisce glaoch ar 999 nó 112 nó Cainéal Raidió Mara vhf 16 a úsáid agus an Garda Cósta a iarraidh.

Má tá fonn snámha na Nollag ort, iarrtar ort am a chaitheamh ag dul i dtaithí ar fhuacht an uisce sula gcaitheann tú isteach thú féin agus tú fhéin a théamh go maith i ndiaidh do chuid snámha.

Fág freagra ar 'Rabhadh oráiste oighir agus fuachta le teacht i bhfeidhm do 19 contae tráthnóna'