Róluath ag lucht chur i gcoinne an athaontaithe a bheith ag ceiliúradh

Cá bhfuil straitéis rialtas na hÉireann i dtaobh athaontú na tíre, an é nach bhfuil siad dáiríre faoi?

Róluath ag lucht chur i gcoinne an athaontaithe a bheith ag ceiliúradh

Ba le ríméad, nach mór, a d’fháiltigh bunaíocht an stáit ó dheas roimh thoradh na pobalbhreithe faoi athaontú na hÉireann a foilsíodh san Irish Times. Ba chosúil gur faoiseamh mór dóibh an tuairim nach bhfuil an tír le hathaontú chomh luath sin.

De réir na pobalbhreithe seo bhí 50% de mhuintir an Tuaiscirt in aghaidh athaontú na Éireann is gan ach 27% díobh ar a shon.

Ar ndóigh tagann na figiúr seo salach ar phobalbhreitheanna eile le cúpla bliain anuas a léirigh nach raibh an oiread sin sa difear idir an dá thaobh.

Mar shampla, i Lúnasa na bliana seo bhí 48% in aghaidh athaontú na tíre, dar le Lucid Talks, agus 41% ar a shon; agus dá mba i gceann deich nó cúig bliana déag a bheadh an reifreann go mbeadh 51% ar a shon.

Níos spéisiúla, ámh, i measc daoine óga idir 18 agus 24, bhí 57% díobh ar son an athaontaithe anois láithreach, agus bheadh tuilleadh i gceist dá mba i gceann deich mbliana eile a bheadh an vótáil.

Is léir mar sin go gcaithfidh muid bheith cúramach faoin bpobalbhreith a d’fhoilsigh an Irish Times.

Ach cén fáth go raibh an oiread sin ríméid ar Mhicheál Martin is ar an Irish Times is eile? Bheadh sé intuigthe go gcuirfeadh an scéal gliondar ar chroíthe Aontachtaithe, ach ar cheannaire Fhianna Fáil?

Measaim go léiríonn an freagra nach bhfuil aon spéis dháiríre ag leithéidí Mhichíl Martin nó an Irish Times sa scéal, agus gurb é an rud a ghoilleann orthu ná go mbeadh athrú ar an gcineál stáit a bheidh againn agus Éire athaontaithe.

Thaitneodh Éire aontaithe dá bhfágfaí ar a gcompord iad faoin réimeas atá ann faoi láthair agus an fhaid is nach mbeadh aon éagóir róshoiléir á imirt ar Náisiúnaithe ó thuaidh bheadh siad sásta an mheánaicme Aontachtach a bheith ar a gcompord in éineacht leo freisin.  Éire Roinnte, mar a mhaíonn an Taoiseach, in ionad Éire Aontaithe.

Sin é an fáth, measaim, go ndéanann siad an oiread sin argóintí faoi bhratach úr, amhrán náisiúnta úr is eile.

Tuigeann siad go bhfuil an pobal ó dheas mar aon leis na Náisiúnaithe ó thuaidh bródúil as an mbratach agus as an amhrán náisiúnta, as an troid go deimhin a chuir an stát ar bun; is teastaíonn ó lucht chur i gcoinne an athaontaithe praghas “do-íoctha” a chur leis an éileamh.

Go deimhin, léiríodh sa bpobalbhreith nach dteastaíonn ó mhóramh suntasach géilleadh maidir leis na pointí sin.

Ní haon ionadh é, mar teastaíonn ón móramh prionsabail na saoirse a leathnú amach, is gan iad a chúngú.  Tá ionad luachmhar measúil le bheith ag ár gcomharsana Protastúnacha san Éirinn Nua: níl leagan úr den sean-Éirinn uathu, Éire a ghlac le daoirse.

É sin go léir ráite, feictear dom go bhfuil naimhde an athaontaithe ag tabhairt an iomad airde ar an bpobalbhreith seo.

Ar an gcéad dul síos, tagann sé salach ar gach aon phobalbhreith eile a rinneadh le cúpla bliain anuas a léirigh go soiléir nach raibh an oiread sin idir an dá thaobh.

Sé an rud is tábhachtaí faoin scéal go léir ná nach bhfuil díospóireacht tosaithe go fóill maidir le cruth na hÉireann Nua.  Molann Sinn Féin tionóil de chuid an pobail a bhunú ar fud na tíre le fadhbanna a phlé agus le teacht ar réitigh inghlactha.

Rud amháin ámh atá le tabhairt as an bpobalbhreith seo ná go bhfuil faitíos ar Phrotastúnaigh faoi rudaí ar nós seirbhísí sláinte (agus faitíos ar roinnt Náisiúnaithe fúthu freisin), oideachas, is caighdeán maireachtála.

Tá faitíos ar na Protastúnaigh faoi rud eile freisin: a bhféiniúlacht mar phobal.  Ní dóigh liom go mbaineann sé sin le comóradh a dhéanamh ar an slad a rinne Impireacht na Breataine ar fud an domhain (is ní cóir go ngéillfeadh muid dá leithéid ar aon chuma); ach le ról is stádas na bProtastúnach sa saol nua.

Is trí dhíospóireacht ar ndóigh a dhéanfar an faitíos sin a mhaolú, trína chinntiú go mbeidh ról tábhachtach lárnach cumhachtach, measúil mar shaoránaigh, ar aon dul le chuile dhuine eile, ag na Protastúnaigh ó thuaidh.

Cinnte, nach iad a thug Henry Joy McCracken, Harry Munroe is Dolly Brae dúinn?

Níl Sinn Féin fiú ag lorg vótáil amárach, ach tá díospóireacht is idirbheartaíocht á lorg acu.

Agus, an cheist a chuir Brian Feeney san Irish News, cá bhfuil straitéis rialtas na hÉireann i dtaobh athaontú na tíre?

B’fhéidir go mbeidh ról níos dearfaí ag Leo Varadkar ná Micheál Martin nuair a ghlacfaidh Varadkar post an Taoisigh i gceann seachtaine.

Fág freagra ar 'Róluath ag lucht chur i gcoinne an athaontaithe a bheith ag ceiliúradh'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dolly Brae?

  • Pádraig

    Éireann Aontaithe agus Gaelach co Mhaith.
    Gaelach agus Aontaithe co Mhaith.
    Faoi Rialtas ar son na Beatha.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘Róluath ag lucht chur i gcoinne an athaontaithe a bheith ag ceiliúradh –– Cá bhfuil straitéis rialtas na hÉireann i dtaobh athaontú na tíre, an é nach bhfuil siad dáiríre faoi?’, tuairisc.ie, Nollaig 12, 2022.

    Is í ‘an fhadhb’ is mó ar lucht an athaontaithe, más fadhb í, go bhfuil tromlach Aontachtaithe i gcónaí ann nach bhfuil athaontú ag teastáil uathu. Is minic a chuireann Náisiúnaithe i leith na nAontachtaithe gurb é grá na hailpe atá acu seo do Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann. Is cinnte go bhfuil, nó go raibh, buntáistí geilleagracha le baint as a bheith sa Ríocht Aontaithe. Ach ní hiad na buntáistí sin amháin atá ag an Ríocht Aontaithe ar Éirinn, dar le hAontachtaithe. Is ar thaobh ‘Réabhlóid Ghlórmhar 1688’ a bhí formhór na bProtastúnach thuaidh, agus ar thaobh Rí Liam aimsir Chath na Bóinne 1690. Níl sé ag cur isteach puinn ar na Protastúnaigh sin gur ar thaobh Rí Liam a bhí Pápa na Róimhe an uair úd, –– is é sin, má tá a fhios acu gur mar sin a bhí. Formhór mór Chliarlathas Caitliceach na hÉireann i ndeireadh an 18ú céad, is ag tacú le Rialtas Shasana a bhí siad. I gcoinne Réabhlóid na Fraince a bhí Rialtas Shasana, mar a bhí Pápa na Róimhe. Sa bhliain 1800 thug Rialtas Shasana pinsean saoil £4000 d’Anraí Cairdineál York, deartháir don Phrionsa Séarlas Éadbhard Stíobhard. Ábhar blianta roimhe sin thairg lucht ceannais Réabhlóid na Fraince Ríocht na hÉireann don Chairdinéal York, ach dhiúltaigh Theobald Wolfe Tone scun scan glacadh leis sin. Bhí plean, ar feadh tamaill, ag lucht Réabhlóid Mheiriceá Uachtaránacht Mheiriceá a bhronnadh ar an bPrionsa Séarlas Éadbhard Stíobhard, ach ní dheachthas chun cinn leis an bplean seo ach a oiread. Is casta go mór í an stair ná a mheastar coitianta.

    Uaisle Caitliceacha de chuid na hÉireann, chuir siad formhór 200 bliain amú ag tacú le Rítheaghlach na Stíobhardach. Mionlach a thacaigh le hÉirí Amach 1798. An mionlach Protastúnach a thacaigh le hÉirí Amach 1798, ní mórán muiníne a bhí acu as na Caitlicigh a thacaigh leis. Cuir i gcás, William Drennan, an té a chuimhnigh i dtosach ar na hÉireannaigh Aontaithe a bhunú. Nuair ba léir ar lucht Réabhlóid na Fraince gurbh é a mian an Creideamh Caitliceach a scriosadh, mhaolaigh ar thacaíocht na gCaitliceach in Éirinn le hÉirí Amach 1798. Mhaolaigh chomh maith ar thacaíocht na bProtastúnach leis an Éirí Amach, nuair a thacaigh lucht Réabhlóid na Fraince le Réabhlóid Mheiriceá. Bhí Protastúnaigh go leor a chuir spéis i dteanga, agus i saoithiúlacht na Gaeilge, agus i gceol dúchais na hÉireann i ndeireadh an 18ú céad, agus i dtosach an 19ú céad. Rinne an tUrramach Jim Stubbs amach ábhar blianta ó shin gurbh í an Ghaeilge an chéad teanga ag 25% de na Protastúnaigh thuaidh go dtí isteach sa 19ú céad, agus go raibh 25% eile de na Protastúnaigh ann ar dátheangaigh as a n–óige ba ea iad. Rinne na Preispitéirigh iarrachtaí go leor ar riar ar na Gaeilgeoirí dúchais ina dteanga féin.

    Na hÉireannaigh Aontaithe ar Phrotastúnaigh iad, sceimhligh siad aimsir 1798 nuair a chonaic siad na Cosantóirí/Defenders ag plódú isteach sna hÉireannaigh Aontaithe. Cuid de na réabhlóidithe Caitliceacha, bhí siad i bhfabhar a gcuid naimhde polaitíochta a dhíothú ar fad. Sceimhligh na Protastúnaigh, i dtosach an 19ú céad, nuair a chonaic siad Gaeil Chaitliceacha ón tuath ag plódú isteach i gCathair Bhéal Feirste. Is amhlaidh a tuigeadh do na Protastúnaigh gur gearr gur chathair Chaitliceach a bheadh i mBéal Feirste. Tá sé déanta amach ag Breandán Ó Buachalla i leabhar leis-sean, I mBéal Feirste Cois Cuain (1968) go raibh deireadh tagtha faoin mbliain 1860 le tacaíocht na bProtastúnach léannta thuaidh le teanga agus le saoithiúlacht na Gaeilge, agus le ceol dúchais na tíre. Gaeilge ar fad a labhraíodh Pádraig Ua Maoileoin liomsa agus mé ag obair sa Ghúm fadó. Ach bhí abairt Bhéarla a chuireadh Pádraig ag obair anois is arís: Don’t confuse me with the facts; my mind is made up.

    Tá a chuma ar Eoin Ó Murchú nár mhaith leis féin go ndéanfaí a aigne dhalladh leis na heolaistí. Is í an pholaitíocht ceird na hindéantachta, a deirtear, agus is fearr leathbhairín ná a bheith gan arán. Tá bun maith lena cheapadh go bhfuil 8 dToghlach as na 18 dToghlach thuaidh a thacódh le hathaontú leis an bPoblacht, ach toradh an vóta a bheith bunaithe ar 50%+ de vótaí na vótálaithe cláraithe thuaidh; ba den chiall é sin a thástáil roimh ré, trí Reifreann ar an mbonn céanna, i.e. 50%+ de na vótálaithe cláraithe a bheith i bhfabhar an cheist shubstainteach a chur ar vóta. Is iad na Toghlaigh atá i gceist agam, na 6 Thoghlach ar feadh na Teorann: An Dún Theas; An tIúr agus Ard Mhacha; Fir Mhanach agus Tír Eoghain Theas; Lár Uladh; Tír Eoghain Thiar; agus an Feabhal. Tá 2 Thoghlach i gCathair Bhéal Feirste a bhfuil an rud céanna le rá ina dtaobh: Béal Feirste Thiar; agus Béal Feirste Thuaidh. Bainimis amach a bhfuil inbhainte amach i dtosach. Dá mbeadh Reifreann ar Athaontú na 6 Chontae leis an bPoblacht, is baolach gurbh é an toradh a bheadh air, faoi cheann 2 ghlúin, go súfaí isteach na Protastúnaigh, i dtaobh creidimh is cultúir, san Éirinn Nua Dhí–Chríostaithe. An in é atá uainn, dáiríre? Cuimhnímis, maidir le formhór na bProtastúnach a throid ar son neamhspleáchas na hÉireann in Éirí Amach 1798, gurbh iad lucht labhartha na hUltaise iad, lucht labhartha na teanga nach dtéann aon stad ar na ‘Náisiúnaithe’ ach ag magadh fúthu.

    Mheasfadh duine, tar éis na mblianta, go mbeadh a oiread cur amach ag Eoin Ó Murchú ar stair na bProtastúnach thuaidh nach é Harry Munroe a thabharfadh sé ar an bhfear ar gnách Henry Munro a thabhairt air. An féidir go bhfuil aois chomh mór sin ag Eoin go raibh aithne phearsanta ar Mhunro aige? Mheasfadh duine leis go mbeadh a fhios ag Eoin Ó Murchú gur eachtra sheicteach ba ea Cath Dolly’s Brae [1849], agus gur 4 Caitliceach a maraíodh, agus aon Oráisteach amháin lena linn. Trí dhearmad a maraíodh an tOráisteach, agus ba iad a dhream féin a rinne é sin. Proinsias Ó Conluain, trócaire air, rinne sé clár faisnéise raidió den scoth i dtaobh an chatha sin, The Two Sides of Dolly’s Brae, Eanáir 1, 1978, agus tá fáil i gcónaí ar an Idirlíon ar an gclár sin. Is maith is fiú leabhar le Dáire Keogh a léamh, The French Disease –– The Catholic Church and Radicalism in Ireland, 1790–1800 (1993), ó thaobh Éirí Amach 1798 de, agus leabhar le Petri Mirala, Freemasonry in Ulster, 1733–1813 (2007) ó thaobh an éirí amach chéanna de. Ábhar léitheoireachta i gcomhair na Nollag!

    Is Marxach neamhleithscéalach é Eoin Ó Murchú. Níl tuiscint ar bith ar lucht creidimh aige, bídís ina gCaitlicigh nó ina bProtasúnaigh.