An víreas bolgaí moncaí – tá bratach an tuair cheatha go breá, ach cneá ar chraiceann an duine aeraigh …

Le seachtain anuas, fuair ár gcolúnaí léargas ar conas mar a bhí an saol ag fir aeracha i dtús na 1980idí, nuair a bhí an galar SEIF ina scéal mór

An víreas bolgaí moncaí – tá bratach an tuair cheatha go breá, ach cneá ar chraiceann an duine aeraigh …

Bhí faithne ar mo mhuineál, díreach faoi mo smig. Lá amháin, tuairim is trí seachtaine ó shin, bhí sé ansin, gan choinne. Shocraigh mé fáil réidh leis mé féin le leigheas baile atá in úsáid le cuimhne na ndaoine: gairleog.

Ach in ionad taos a dhéanamh den ghairleog agus scuaibín beag a úsáid chun an taos sin a chuimilt den fhaithne amháin, dhá uair sa lá, mar a mhol an t-oideas, ghearr mé ingne gairleoige ina slisíní agus leag ar an bhfaithne iad – níos mó ná sé nó seacht n-uaire sa lá. Bhí deifir orm fáil réidh leis an smál.

Stuif láidir atá i ngairleog. D’imigh an faithne laistigh de choicís – ach dódh an craiceann timpeall air agus anois bhí cneá ar mo mhuineál nach raibh éagsúil leis na loirg a fhágann an víreas bolgaí moncaí ar chraiceann an duine. Ní raibh sí éagsúil leis na híomhánna sna tuairiscí faoin ngalar sin, cibé.

Ba ansin a thosaigh an chraic.

D’fhiafraigh an bhean thíos staighre díom, go hamhrasach, an raibh mé tar éis mé féin a ghearradh agus m’fhéasóg á bearradh agam.

Chuir bean an tsiopa ghlasraí masc ar a haghaidh nuair a dhruid mé leis an scipéad agus rinne tagairt don bholgach mhoncaí ‘a bheith amuigh ansin’.

‘An bhfuil tú cinnte go n-úsáideann tú coiscín i gcónaí nuair a luíonn tú le fear?’ a d’fhiafraigh cara amháin de mo chuid.

Agus leis an tseoid dheireanach sin, táimid tagtha go croílár na ceiste atá do mo chéasadh le seachtain anuas. Tá a fhios ag na daoine fiosracha thuas ar fad gur fear mé a luíonn le fir. Anois, an mbeadh oiread amhrais orthu faoin gcneá sin ar mo mhuineál dá mba fear mé a mbeadh dúil aige i mná?

Ó bhris an ráig seo den bholgach mhoncaí amach san earrach, tá claonadh sa tuairisceoireacht an galar a lua le fir aeracha – d’ainneoin go bhfuil sé deimhnithe agus athdheimhnithe ag na saineolaithe nach ndéanann an víreas idirdhealú idir daoine agus nach galar gnéis atá sa bholgach moncaí, fiú amháin. Is leor tamall a chaitheamh gar do dhuine a mbeadh sé air chun é a tholgadh.

Ní raibh mé ach i mo ghasúr beag nuair a tháinig na chéad tuairiscí faoin ngalar SEIF amach. Níor thuig mé céard a bhí i gceist ag an léitheoir nuachta, fiú amháin, nuair a dúirt sí ‘fir aeracha’. Faoin am gur tháinig mé féin amach, i lár na 1990idí, thuig an saol agus a mháthair gur féidir le duine ar bith an galar sin a tholgadh. Ach inniu, sa bhliain 2022, mothaím gur fear aerach mé atá beo sa bhliain 1982.

Níl an chomparáid sin go baileach cruinn ar ndóigh. Comhionannas pósta? Cinnte! Bratach an tuair cheatha san ollmhargadh áitiúil? Gan dabht! Ach fós féin, tá mo leithéidí faoi amhras maidir le galair a scaipeadh.

An lá tar éis di a masc a chur uirthi féin agus a rá go raibh an bholgach mhoncaí ‘amuigh ansin’ d’fhiafraigh bean an tsiopa ghlasraí díom glan amach céard a bhí sa chneá sin ar mo mhuineál.

Mhínigh mé di céard a tharla.

‘Nach iontach an lus í an ghairleog,’ a dúirt sí. ‘Tá mé féin chun triail a bhaint aisti!’

Is fear deas mé, agus mhol mé di taos a dhéanamh den ghairleog agus é a chuimilt den fhaithne amháin seachas den chraiceann timpeall air.

Fág freagra ar 'An víreas bolgaí moncaí – tá bratach an tuair cheatha go breá, ach cneá ar chraiceann an duine aeraigh …'