Cé chomh fada a mhairfidh iarracht na gCláiríneach agus an éireoidh le Maigh Eo agus Tír Eoghain an taoide a chasadh?

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is mó ón gCraobh Iomána agus ón gCraobh Peile

Cé chomh fada a mhairfidh iarracht na gCláiríneach agus an éireoidh le Maigh Eo agus Tír Eoghain an taoide a chasadh?

Imreoir an Chláir, Shane O'Donnell. Pic: INPHO/James Crombie

An mairfidh iarraidhna gCláiríneach níos faide ná ceann na nDéiseach?

Ag tús na míosa seo, glacadh go forleathan leis gurbh iad Port Láirge an dream ab fhearr le dúshlán a thabhairt do Luimneach i gcraobh na bliana. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, tá na Déisigh díbeartha ón gcomórtas agus neart ceachtanna le foghlaim ag Liam Cahill agus a chuid imreoirí.

Tá contae an Chláir anois tagtha in áit Phort Láirge agus daoine den tuairim gurb iadsan is fearr chun tabhairt faoi shárfhoireann Luimnigh. Cinnte, bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Brian Lohan go dtí seo i gCraobh na Mumhan, rud nach raibh mórán ag súil leis.

Cinnte, ní chuireann cumas Tony Kelly iontas ar aon duine ach tá filleadh Shane O’Donnell agus Peter Duggan tar éis beocht bhreise a thabhairt don fhoireann. Agus áit bainte amach ag na Cláirínigh i gcluiche ceannais na Mumhan roimh chuairt na nDéiseach ag an deireadh seachtaine, fágadh Kelly ar lár. Ach scóráil O’Donnell cúig phointe agus fuair Duggan ocht gcinn chun buille an bháis a bhualadh ar Phort Láirge.

Tá cluiche ceannais na Mumhan rompu anois agus an Clár le haghaidh a thabhairt ar Luimneach. Comhscór a bhí idir na foirne sin cúpla seachtain ó shin ach seans go mbeidh seaimpíní na hÉireann níos díograisí fós i gcluiche ceannais an chúige. Chuir an scrios a rinne Luimneach ar Thiobraid Árann sa dara leath de chluiche ceannais na Mumhan anuraidh foireann na dTiobraid Árannach siar go mór ina dhiaidh sin agus má bhuailtear greadadh ar an gClár, caithfear dul ag cuardach arís do dhream a d’fhéadfadh dúshlán a thabhairt do Luimneach.

Stephen Coen (Maigh Eo) agus Conor Meyler (Tír Eoghain). Pic: INPHO/Ryan Byrne

Deis ag Tír Eoghain agus Maigh Eo dul ar bhóthar a leasa arís

Más le peileadóirí Thír Eoghain agus Mhaigh Eo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach don dara bhliain as a chéile níos deireanaí an samhradh seo, beidh orthu dul an bóthar fada agus cluichí deacra i ndán dóibh sna babhtaí cáilithe.

Ceithre fhoireann ó Roinn 1 a bhí sa phota inné agus tarraingíodh le chéile iad sa chéad bhabhta. Caithfidh Tír Eoghain aghaidh a thabhairt ar Ard Mhacha agus cuirfidh Maigh Eo fáilte roimh Mhuineachán faoi cheann coicíse.

Cluichí crua atá roimh Thír Eoghain agus Mhaigh Eo, foirne nach raibh cuma rómhaith orthu nuair a sáraíodh iad i gcomórtais na gcúigí, ach tá deis acu céim sa treo ceart a thabhairt anois.

Dá n-éireodh le Tír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha, ba mhór an chéim chun cinn é tar éis dóibh a bheith chomh leamh sin in aghaidh Dhoire. Fuair Ard Mhacha an ceann is fearr ar Thír Eoghain sa dara babhta den tsraith ach níor bhreathnaigh buachaillí Kieran McGeeney leath chomh maith sin in aghaidh Dhún na nGall sa chraobh.

Is amhlaidh an scéal ag Maigh Eo. Ní raibh siad maith a ndóthain in aghaidh na Gaillimhe roinnt seachtainí ó shin ach tá roinnt imreoirí le teacht ar ais ó ghortuithe, agus thabharfadh bua in aghaidh Mhuineacháin an-spreagadh don lucht tacaíochta go bhféadfadh an fhoireann gaisce de chineál éigin a dhéanamh in 2022.

Beidh na ceithre fhoireann eile sásta leis an tarraingt do na babhtaí cáilithe freisin. Rachaidh Contae Lú chomh fada le Corcaigh agus imreoidh An Clár in aghaidh na Mí agus fios ag an dá fhoireann go mbeidh deis níos fearr acu na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach agus dhá fhoireann ó Roinn 1 le díbirt roimhe sin.

Bainisteoir Átha Cliath, Mattie Kenny. Pic: INPHO/Bryan Keane

Teip Átha Cliath sa chraobh a chniogfas Kenny

Seans gur chuir a chontae dúchais deireadh le ré Mattie Kenny mar bhainisteoir ar fhoireann iomána Átha Cliath ag an deireadh seachtaine nuair a chinntigh bua na Gaillimhe go bhfuil rás Átha Cliath rite i gcraobh 2022.

Ceithre bliana atá caite ag Kenny i gceannas ar fhir na príomhchathrach agus is beag dul chun cinn atá déanta acu san achar sin.

Thosaigh rudaí go maith in 2019 nuair a chríochnaigh Áth Cliath ar bharr Roinn 1B agus chuaigh chomh fada le babhtaí leathcheannais na sraithe. Teip na foirne sa chraobh is mó a chiontóidh Kenny. D’éirigh le hÁth Cliath teacht slán ó Chraobh Laighean in 2019, in áit na nGaillimheach, ach ba mhór an tubaiste dóibh gur bhuail Laois iad sna babhtaí cáilithe.

Chaill Áth Cliath an t-aon dá chluiche a bhí acu i gcraobh Covid 2020, in aghaidh Chill Chainnigh agus in aghaidh Chorcaí, agus cé go ndeachaigh siad chomh fada le cluiche ceannais Laighean anuraidh, bhuaigh na Cait go héasca orthu agus dhíbir na Corcaígh arís iad ón gcraobh ar an gcéad iarracht.

I mbliana, bhí bua maith ag foireann Kenny ar Loch Garman i mBabhta 2 ach bhuail Cill Chainnigh greadadh eile orthu i mBabhta 4 agus cé go raibh seans acu teacht slán le bua i mBóthar na Trá, chuir Gaillimh de dhroim sheoil iad sa dara leath gan mórán dua.

Bhí an mí-ádh scaití ar Kenny le gortuithe a bhain d’imreoirí tábhachtacha agus ar ndóigh chuir Covid isteach go mór ar phéire de na blianta a bhí aige. Seans gurbh é sin ba chúis leis an seal breise a thug bord an chontae dó i gceannas ar an bhfoireann ag deireadh na bliana seo caite ach is deacair a shamhlú go mbeidh fonn orthu bliain eile a thabhairt dó. Ní jab éasca a bheidh ann don chéad dhuine eile ach an oiread agus athrú ó bhonn ag teastáil, de réir cosúlachta.

Fág freagra ar 'Cé chomh fada a mhairfidh iarracht na gCláiríneach agus an éireoidh le Maigh Eo agus Tír Eoghain an taoide a chasadh?'

  • James

    Na Déise, cad d’imigh orthu? Iad ina spadalaigh ó bhuadar an tSraith-Chomórtas? Fiarfaíodh de Guadiola cad déarfadh sé lena chuid imreoirí tráth a raibh 5 chluiche as a chéile imeartha acu in achar gearr agus mórcheann eile le himirt amanathar acu agus, ar sé, “trí fhocal,”
    “Sleep, sleep, sleep.”
    Is léir go raibh na Déise tugtha traochta idir aigne agus corp. Go háirithe ina a n-aigme.
    In inead ghaoisfhocail Guadiola imríodh lasc Jim McGuinness orthu t’réis an chluiche i gcoinne Luimní!
    Traochadh is ea an iomarca d’aon ní.