An gual, an t-ól agus an sneachta – leabhar nua faoi imirceoirí Chonamara i Meiriceá

Tá muintir Chonamara curtha i leabhar ficsin ag an saoi is fearr atá ann ar stair na nÉireannach i Stát Maine 

An gual, an t-ól agus an sneachta – leabhar nua faoi imirceoirí Chonamara i Meiriceá

Dá bhféadfadh Coley Ó Cualáin lán buicéid guail a chrochadh leis i ngan fhios ó cheantar na ndugaí i bPortland, bheadh ruainnín teolaíochta agus compoird ag a bhean agus a chlann an oíche sin. Geimhreadh préachta a bhí ann ar chósta Stát Maine agus an sneachta ag teacht anoir aduaidh ón gCiorcal Artach go feanntach.

Dúirt a bhean leis ar maidin agus é ag dul amach an doras chuig a chuid a chuid oibre ar na dugaí – ‘longshoreman’ a thugtar orthu sna Státaí – go raibh sí gaibhte go tóin an bhuicéid agus nach raibh fanta ach cúpla cent ar íochtar an mhuigín ina gcoinnítí sóinseáil an ghuail. 

Ach ní fhéadfadh Coley gealltanas a thabhairt. Bhí na seacht bhfainic curtha ar fhir an ‘longshore’ gan aon ghadaíocht a dhéanamh. Cuireadh trí seachtaine fionraíochta ar Bhúrcach as Conamara an tseachtain roimhe sin de bharr gur rugadh air ag tabhairt sláimín guail leis. 

Ba as Maínis i gCarna í Máire Seoige roimh phósadh di. In Portland a casadh í féin agus Coley Ó Cualáin as Caladh Mhaínse ar a chéile. Deichniúr clainne a bhí acu faoin tráth sin agus spás gann. Bhí na sionnáin (soinneáin) chrua ag teacht trí fhuinneoga an tí ach bhí leisce orthu rud ar bith a rá leis an úinéir ar fhaitíos go n-ardódh sé an cíos orthu. Rinne cheana.  Sa bhliain 1900.

Tá inseacht go leor eile ar an scéal seo. 

Ní raibh Coley Ó Cualáin agus a bhean Máire Seoige ariamh ann. Pearsana iad atá curtha i leabhar ficsin staire ag an Ollamh Michael Connolly, arb as Portland é féin. 

Tráthúil go leor ba as Caladh Mhaínse agus Maínis a shinsear féin. Rugadh agus tógadh é i gceantar Munjoy Hill in Portland, áit a raibh muintir Chonamara go fairsing ann tráth den saol. Cónaíonn sé ansin fós. Glactar leis go forleathan go bhfuil an tOllamh Connolly ar an saoi is fearr atá ann ó thaobh stair na nÉireannach i Stát Maine.

Rinne sé eagarthóireacht sa mbliain 2004 ar leabhar faoin teideal They change their Sky, stair chuimsitheach faoi chosán agus faoi shaol na nGael i stát Maine. Scríobh sé freisin le blianta beaga anuas Seated by the Sea, cuntas ar na hoibrithe duga in Portland chomh maith le saothar faoi shaol John Ford, fear na scannán. Ar ndóigh, ba John Feeney a bhí air siúd an chéad lá ariamh agus ba as an Spidéal a thuismitheoirí. 

Baineann an chuid is mó den leabhar nua seo de chuid

le muintir Chonamara; imirceoirí as Cois Fharraige, as Carna, as Corr na Móna, as na hOileáin. D’oibrigh na mná i mbun seirbhíse i dtithe ardnósacha; chuaigh formhór na bhfear i dtreo na ndugaí. Ní raibh fuireadh ar bith ar an lear tráchta a bhí ar bun i gcalafort Phortland sa tseanaimsir. Bhí báid ghuail i measc na soitheach a bhí ag teacht isteach agus bhí láimhsiú na lastas sin ar chuid den obair ba throime a bhí ann.

Bhí riar Éireannach ag dul go Maine chomh fada ó shin le lár an ochtú céad déag; daoine as tuaisceart na tíre a bhformhór. Ba thart ar 1860 a thosaigh an imirce thréan go Portland. Tosaíodh seirbhís bád paisinéirí as Learpholl díreach go Portland agus í ag stopadh ag Cóbh Chorcaí ar an mbealach in 1854. Chuir an bád bealach níos fusa taistil ar fáil ach ba é an Gorta agus an t-anó agus an drochshaol ba mhó a thug ar dhaoine seolta a chrochadh. 

Mar sin a bhí sé ag an mbeirt atá i gcroí an scéil seo de chuid Mhichael Connolly.  D’imíodar i dtréimhse an ocrais agus an chruatain a tharla in iarthar na hÉireann go háirithe i ndeireadh na 1870idí agus i dtús na 1880idí. 

Tháinig fás sciobtha ar Portland agus bhí daonra 50,000 ann sa mbliain 1900. Ba as Éirinn 7,644 agus b’in 41.6% d’imirceoirí na cathrach uilig. As iarthar na hÉireann ba mhó a chuaigh daoine go Portland agus ba as Conamara a chuaigh a dtromlach anonn. 

Saothraíodh an saol ann ach bhí buntáiste ollmhór amháin ann nach raibh in Éirinn- obair. Ansin a bhí Coley Ó Cualáin, a bhean Máire agus na gasúir i 1900. Bhí Coley ag sluaisteáil tonnaí guail ach ní raibh luach buicéad guail aige. Togha fear oibre é ach bhí sé tugtha don ól, marach a bhain le roinnt de mhuintir na hÉireann. Bhíodar in íochtar ach beag beann ar mhí-ádh agus ar bhuillí an tsaoil, níor loiceadar. Ba mar sin é ag mórán chuile Choley agus chuile Mháire eile; seasmhacht agus diongbháilteacht. Níl léargas níos fearr air sin uilig ná go bhfuil iarGhobharnóir Stát Maine, Joseph Brennan, théis focal molta faoin leabhar nua seo a scríobh don chlúdach.

Ba as Caladh Mhaínse í máthair Joseph Brennan agus ba as an mbaile ba ghaire dó – Roisín na Mainiach – a athair. Bhain mac leo, atá go breá láidir fós agus é sna hochtóidí, an post ba shinsearaí amach i Stát Maine ar feadh dhá théarma sna 1980idí. Chuaigh a mhuintir roimhe go Portland mórán mar a chuaigh Coley Ó Cualáin agus Máire Seoige.

Beidh leabhar Connolly, Murky Mist,  le fáil faoi cheann cúpla mí.

Fág freagra ar 'An gual, an t-ól agus an sneachta – leabhar nua faoi imirceoirí Chonamara i Meiriceá'