Ní haon rún é má tá a fhios ag triúr Fianna Fáileach é…

Tá fadhbanna móra ag Fianna Fáil, ina measc go mbíonn siad ag scaoileadh an uile rún atá acu agus ag inseacht ar a chéile mar a bheadh páistí i gclós na scoile

Ní haon rún é má tá a fhios ag triúr Fianna Fáileach é…

Micheál Martin. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Bhí sé de cháil riamh ar Fhianna Fáil go mbíodh an smacht agus an dílseacht an-láidir san eagraíocht. Bhí córas feachtasaíochta agus canbhasála níos éifeachtaí ná dream ar bith eile acu agus bhí a shliocht sin orthu.

D’éirigh leo a bheith ar an bpríomhpháirtí sa tír den chuid is mó den aois seo caite. Fiú nuair a bhíodh achrann inmheánach sa bpáirtí, mar a bhí aimsir Thriail na n-Arm agus le linn ré Charlie Haughey, coinníodh smacht a bheag nó a mhór ar an méid a bhíodh ar eolas ag an saol mór faoi chúrsaí inmheánacha an pháirtí.

Tá an saol athruithe ó bhun le roinnt blianta anuas. Ciallaíonn an nua-theicneolaíocht go bhfuil iliomad bealach anois le heolas a roinnt agus nach raibh sé chomh héasca riamh.

Bíodh sin mar atá, caithfidh gur comhartha sóirt den ghéarchéim i bhFianna Fáil ar na saolta seo an tráchtaireacht sheachtainiúil a fhaigheann muid anois ar ghnóthaí inmheánacha an pháirtí nuair a thagann an páirtí parlaiminte le chéile.

Tuigeann an saol mór chomh cinniúnach agus a bhí sé don pháirtí dul i gcomhrialtas le Fine Gael i mbliana. Tuigeann muid gur chuir sé corraíl intinne ar go leor de bhaill an pháirtí. Tá cáineadh leanúnach á dhéanamh ar ról an pháirtí sa gcomhrialtas céanna. Tá baill áirithe den pháirtí – na Teachtaí Dála Marc MacSharry agus John McGuinness, go háirithe – thar a bheith cáinteach ar ról an pháirtí sa rialtas.

Tarlaíonn sé go minic nuair a bhíonn páirtí i rialtas go ligtear na maidí le sruth de bharr brú ó chúraimí rialtais. Ní hamháin go bhfuil cúraimí rialtais ag cur brú orthu i mbliana, tá géarchéim sláinte poiblí ann agus bíonn obair thaidhleoireachta go leor le déanamh idir na trí pháirtí comhrialtais.

Ceann de na nithe a pléadh ag cruinniú páirtí parlaiminte Fhianna Fáil an tseachtain seo, deirtear linn, an t-athbhreithniú atá déanta ar an gcaoi ar éirigh leo san olltoghchán san Earrach.

Cé go bhfuil siad ar an bpáirtí is mó sa rialtas agus oifig an Taoisigh ina seilbh is léir go bhfuil deacrachtaí móra le sárú ag Fianna Fáil.

Tá an tacaíocht a léirítear dóibh sna pobalbhreitheanna níos ísle ná mar a bhí riamh. Tá fadhbanna ar leith acu i measc daoine óga. Tá go leor den dream a mbeadh claonadh acu dul le Fianna Fáil san am a caitheadh ag vótáil anois do Shinn Féin. Agus ní léir go bhfuil aon smaointe nua ag Fianna Fáil le haghaidh a thabhairt ar an deacracht sin.

Má tá Fianna Fáil le téarnamh a dhéanamh, caithfidh an cheannaireacht smacht a bheith acu ar an eagraíocht agus an chéad chéim chuige sin gan chuile shiolla a thagann óna mbéal ag cruinnithe páirtí parlaiminte a bheith á fhoilsiú go poiblí.

Cén chaoi an bhféadfaidís muinín nó tacaíocht a spreagadh i measc an phobail nuair atá an chosúlacht orthu go bhfuil siad ag scaoileadh an uile rún atá acu agus ag inseacht ar a chéile mar a bheadh páistí i gclós na scoile?

Tá siad i rialtas anois ach tá obair go leor le déanamh acu sna míonna seo romhainn más le Fianna Fáil tábhacht ar bith a bheith leo feasta i ndán polaitíochta na tíre.

Fág freagra ar 'Ní haon rún é má tá a fhios ag triúr Fianna Fáileach é…'

  • Donncha Eile

    B’fhéidir gur rún níos fearr a bheadh ann gan a bheith ag déanamh rudaí as bealach a bhfuil gá a sceithe, seachas do mholadh a Mháirín a bheith ag ceilt mí-iompar ar mhaithe le íomhá.

  • Poraic o'hEipicín

    Ráite go mhaith.
    Donnacha

  • Poraic o'hEipicín

    Níl rún a thila é má bhfuil fhios ag cuiger is fiche faoi .