Léireofar an dráma 'Lugh, Lasair agus an Draoi Briste' san ‘Amharclann Speisialta’ ar eastát tionsclaíochta na Ceathrún Rua ón Aoine seo chugainn go dtí an Luan 22 Aibreán. Dráma nuascríofa ag Darach Mac Con Iomaire é seo a choimisiúnaigh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Suas le 75 gasúr a bheidh páirteach ann rud a fhágann gur dócha gurb é seo an léiriú is mó dá leithéid sa Ghaeltacht riamh. Pictiúir ón gcleachtadh le Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Na haisteoirí óga sa dráma ‘Lugh, Lasair agus an Draoi Briste’ a bheidh ar siúl san Amharclann Speisialta ar Eastát Tionsclaíochta na Ceathrún Rua ag deireadh na seachtaine seo
Sos beag ar cheann de na seiteanna speisialta
Cruinniú Léirithe: Morgan Cooke, atá i mbun an cheoil, Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir agus an léiritheoir, agus Ríonach Ní Néill, atá i mbun an damhsa
‘An Amharclann Speisialta’ á cruthú i monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta
‘Níl fadhb ar bith leis an script seo’
Cúrsaí ceoil á bplé
Cultacha speisialta an dráma a phléann le ceist na timpeallachta
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: 75 páiste as Conamara ag cleachtadh do mhórdhráma nua á léireofar ar an gCeathrú Rua'