446 cás nua den choróinvíreas fógartha, 5,000 duine básaithe sa stát

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna go bhfuilimid i dtús an ceathrú maidhm den Covid-19

446 cás nua den choróinvíreas fógartha, 5,000 duine básaithe sa stát

An tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

448 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Beirt eile a raibh an víreas orthu atá básaithe agus líon na marbh fógartha ag an HSE den chéad uair ó rinneadh cibirionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte mí Bealtaine.

Beagnach 5,000 duine atá básaithe sa stát de dheasca an víris ó thús na paindéime.

7,155 duine ar fad a fuair bás de dheasca an víris in Éirinn go dtí seo, 5,000 ó dheas agus 2,155 ó thuaidh.

399,784 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 272,336 ó dheas agus 127,448 ó thuaidh.

Níor tháinig aon athrú le lá anuas ar líon na ndaoine le Covid-19 sna hospidéil ó dheas. 44 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 14 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna go bhfuilimid i dtús an ceathrú maidhm den Covid-19.

“An t-aon rud nach bhfuil a fhios againn ná cé chomh forleathan is a bheidh sí,” a deir an tOllamh Nolan.

Thug an tOllamh Nolan le fios chomh maith tráthnóna gur idir 1.0 agus 1.2 atá ráta atáirgthe an ghalair, nó an uimhir R, i láthair na huaire. Dúirt sé go raibh forleithne an ghalair ag méadú thart ar 2% gach lá.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go mbeadh scaipeadh níos gasta ar an gcineál Delta den choróinvíreas, díreach mar atá ag tarlú in Albain agus sa Tuaisceart faoi láthair.

“Nuair a chreidimid go bhfuil an fhianaise againn chuige athraímid an polasaí – déanaimid an beart is gá go sciobtha agus go cuí,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go bhfuil dochtúirí sláinte phoiblí ag rá le NPHET go bhfuil cúrsaí difriúil faoi láthair mar go bhfuil ráigeanna “ag scaipeadh go héasca” i láithreacha éagsúla.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan gur “beag difríocht” a dhéanfadh an chomhairle is déanaí ó NIAC, faoi vacsaíní d’aoisghrúpaí éagsúla, ó thaobh scaipeadh an Delta sa ghearrthéarma.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 326 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

21 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gceithre cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,166,842 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 871,216 duine.

Fág freagra ar '446 cás nua den choróinvíreas fógartha, 5,000 duine básaithe sa stát'

  • Antóin

    Beagnach 5,000 duine atá básaithe sa stát de dheasca an víris ó thús na paindéime. Níl aon cheist ach gur drochscéal é sin. Beagnach 13, 300 leanbh a cuireadh chun báis sa bhroinn le linn an ama ceanna. Drochscéal eile ach gan mórán iomrá air.