3,473 cás nua den víreas fógartha, 2,865 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

Tá comhairle faighte ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh go bhféadfaí teanndáileog vacsaíne a thabhairt do dhéagóirí idir 12 and 15 bliain

3,473 cás nua den víreas fógartha, 2,865 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

3,473 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 

Fógraíodh freisin gur chláraigh 2,865 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 

Ní dhearna NPHET aon fhógra maidir le líon na gcásanna nua i rith an deireadh seachtaine ach tugadh le fios inniu gur deimhníodh 13,848 cás nua idir an Satharn agus an Domhnach, ó thástálacha PCR agus antaigine.

634 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 43 duine níos mó ná mar a bhí ansin Dé hAoine. Bhí 53 díobhsan in aonad dianchúraim, naonúr níos lú ná mar a bhí ann Dé hAoine. 

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,235 cás nua a fógraíodh ansin inniu. 

443 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 12 díobhsan atá in aonad dianchúraim. 

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go raibh comhairle faighte ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh go bhféadfaí teanndáileog vacsaíne a thabhairt do dhéagóirí idir 12 and 15 bliain. 

Amárach a dhéanfaidh an Rialtas cinneadh faoi chomhairle NPHET maidir leis an riachtanas masc a chaitheamh in áiteanna poiblí agus i scoileanna.

I dTuaisceart Éireann, tá sé fógartha go mbeidh teanndáileog bhreise á cur ar fáil an t-earrach seo do dhaoine atá os cionn 75 agus aon duine a bhfuil a chóras imdhíonachta leochaileach.  

Fág freagra ar '3,473 cás nua den víreas fógartha, 2,865 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'