A Mhamaí, an mbeireann tú leat do chuid fiacla chun na bhflaitheas?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Molann ár gcolúnaí fanacht glan ar an gcuid is mó de chanón Disney más fearr leat ceisteanna deacra a sheachaint

lion-king-1

Nuair a théann tú go na flaithis, an dtéann do chuid fiacla suas leat freisin?’ a d’fhiafraigh beainín an naíonra díom an lá cheana gan coinne agus muid ag siúl suas an baile mór. Ní raibh ceisteanna móra an tsaoil ar m’intinn agam; bhí muid ar an mbealach chuig an mbácús is ní raibh d’imní orm ach an roghnóinn toirtín úll nó bunnóg seacláide de chineál éigin.

Cuirim an locht uile ar The Lion King a bhí  ina rogha na seachtaine ag club scannán an tí an tseachtain roimhe. Bhí sé feicthe cheana agam, sách minic (rómhinic le bheith ionraic) ach níor chuimhnigh mé gur saol crua atá sa sabhána. Fiú ag Disney.

Níor chuimhnigh mé ach ar na hamhráin ghealgháireacha ar nós Hakuna Matata, a dhéanann ceiliúradh ar saol spraíúil, ceal imní an tsabhána ina bhfuil an leon is an torc ina gcairde. Saol nach bhfeicfidh tú mórán de ag David Attenborough. An mbíonn aird an fhir sin ar an áit cheart ar chor ar bith? Cá bhfuil an damhsa aige? Na hamhráin mhóra?

Tabharfaidh muid uilig faoi na ceisteanna seo ar ár mbealach féin ach is dócha go mbíonn muid uilig ar thóir suaimhneas éigin sna freagraí a nglacaimid leo. Bímse ar chaoi ar bith.

Más fearr leat ceisteanna deacra a sheachaint, molaim fanacht glan ar an gcuid is mó de chanón Disney. Ní scéal é nó go mbeidh bás maith tubaisteach, tragóideach istigh ina lár.

Más Mamaí nó Daidí thú i scannán Disney, fainic! Is teoranta an líon bunnógaí seacláide amach romhat. Fíortheoranta go deo.

Is dócha go raibh a fhios agam nach raibh an leagan den scannán ar chuimhnigh mé air bunaithe go hiomlán ar an bhfírinne. Bhí barúil agam nach mbíonn dreas damhsa le ceol Elton John ar pháirceanna móra na hAfraice gach maidin le héirí na gréine.

‘Ceapaim go bhfágann tú do chuid fiacla i do dhiaidh nuair a théann tú go na flaithis,’ a d’fhreagair mé an lá sin go raibh deireadh ráite faoin scéal.

Ní raibh aon mhaith ann. ‘Ach bhí a chuid fiacla ag daidí Simba nuair a bhí sé thuas sna flaithis,’ a dúirt sí ag tagairt don athair sa Lion King a labhair ón ‘taobh eile’ leis an leon óg agus é ina thaibhse mór sna clabhtaí.

Bhuel, drochrath ar an scannán céanna. Faraor nár bhreathnaigh muid ar Peppa Pig arís. Ar a laghad, tuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis an gcáca milis agus an ‘pháirc spraoi’.

Fág freagra ar 'A Mhamaí, an mbeireann tú leat do chuid fiacla chun na bhflaitheas?'

  • Fearn

    Nach gcasfá an cheist ar an bhainín í fhéin a spreagfadh an loighic naíonda?