Súil ag Conradh na Gaeilge go dtabharfar Acht ‘réasúnta’ Teanga isteach in ainneoin tuairiscí faoi Acht ‘bog’

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh Acht ‘bog’ Teanga á phlé ag na páirtithe polaitíochta i Stormont

Súil ag Conradh na Gaeilge go dtabharfar Acht ‘réasúnta’ Teanga isteach in ainneoin tuairiscí faoi Acht ‘bog’

Pictiúr: Mark Stedman/RolingNews.ie

Níl imní ar Chonradh na Gaeilge faoi na tuairiscí gur Acht ‘bog’ Gaeilge a bheidh mar thoradh ar na cainteanna polaitiúla atá ar bun i láthair na huaire maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie tráthnóna go bhfuil cáipéis “réasúnta” curtha faoi bhráid na bpáirtithe ó thuaidh ag an eagraíocht teanga agus nach údar imní dó na tuairiscí go bhfuiltear ag caint ar Acht ‘bog’ Gaeilge a thabhairt isteach.

Tuairiscíodh inné go bhféadfadh go socrófaí le linn na cainteanna ó thuaidh uasteorainn do chostais an Achta, gur ról comhairleach seachas ról breithiúnach a bheadh ag Coimisinéir Teanga, agus go mbeadh comharthaíocht Ghaeilge le crochadh ar fhoirgnimh mhóra agus ar shéadchomharthaí ach nach mbeadh siad ar shráideanna uile an Tuaiscirt.

“Sílim go bhfuil dealramh leis an bplean Acht Teanga a thabhairt isteach ach fócas bog a bheith aige. Bheadh cur chun cinn na teanga i gceist leis agus dhéanfaí iarracht leis dul i bhfeidhm ar an mórphobal, agus iad a chur i dtaithí ar an nGaeilge a fheiceáil go poiblí, in áit cur chuige ionsaitheach a ghlacadh,” a dúirt foinse i Stormont leis an nuachtán The Belfast Telegraph.

Dúirt de Spáinn, áfach, nach “cur chuige ionsaitheach” a bhí sa phlécháipéis nua a d’fhoilsigh an eagraíocht teanga níos luaithe an mhí seo.

“Tá ár gcur chuige réasúnta agus níl sé ionsaitheach. I gcás na comharthaíochta sráide, mar shampla, chaithfeadh móramh de na cónaitheoirí ar shráid a bheith ar son na comharthaíochta Gaeilge a athrú sula ndéanfaí é sin.

“Maidir le ceist an Choimisinéara Teanga, is gá go mbeadh an Coimisinéir in ann feidhmiú ar na dualgais atá tugtha dó. Tá an Coimisinéir ó dheas in ann imscrúdú a dhéanamh agus a chur os comhair Thithe an Oireachtais agus tá ar Thithe an Oireachtais feidhmiú ar na moltaí sin. Bheadh ar an Tionól feidhmiú ar mholtaí an Choimisinéara ó thuaidh freisin,” a dúirt sé.

Mura ndéanfaí é sin, a dúirt de Spáinn, bheadh gá le córas mar atá sa Bhreatain Bheag a thabhairt isteach ina gcuirtear fíneálacha ar chomhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí eile atá faoi scáth na reachtaíochta teanga sa tír sin.

“Tá dul chun cinn déanta cheana féin ós rud é go bhfuil siad ag caint faoin Acht. Sin an fáth ar leagamar amach cáipéis shoiléir lena bhfuil i gceist le hAcht éifeachtach teanga. Seo an cháipéis is cuimsithí agus is fearr a úsáid agus Acht Teanga á phlé, tá an costasú agus an cur chuige leagtha amach go cruinn soiléir ann.

“Táimid i mbun cainteanna le páirtithe ó thuaidh, leis an rialtas ó dheas agus le rialtas na Breataine faoi. Ní bheinn buartha faoin Acht, tá go leor aineolais faoi le réiteach fós. Tá ról faoi leith ag Rialtas na hÉireann sa cheist seo, rinne an Bhreatain neamhaird iomlán ar mholtaí Chomhairle na hEorpa faoi Acht Teanga agus ní chuirfinn mórán muiníne iontu,” a dúirt sé.

Dheimhnigh de Spáinn nach raibh aon chruinniú ag Conradh na Gaeilge leis na páirtithe Aontachtacha go fóill, an DUP, an UUP agus an TUV, ach go bhfuil “cruinnithe á lorg” ag an eagraíocht leis na páirtithe sin i gcónaí. Bhuail ionadaithe na heagraíochta teanga cheana féin le baill Shinn Féin, an SDLP, agus PBP.

Fág freagra ar 'Súil ag Conradh na Gaeilge go dtabharfar Acht ‘réasúnta’ Teanga isteach in ainneoin tuairiscí faoi Acht ‘bog’'