D’fhón póca ag beannú duit i nGaeilge, do charr cliste ag glacadh le horduithe uait i nGaeilge, botaí an stáit ag cur seirbhís i nGaeilge ar fáil duit agus do pháistí ag foghlaim códáil trí Ghaeilge le cabhair an AI.
Sin cuid den tsamhail den Ghaeltacht atá leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta ina bplean straitéiseach nua d’fhorbairt na hintleachta saorga.
Deirtear in Uirlisí IS don Ghaeilge -Deiseanna agus Dúshláin, áfach, gur dúshlán mór roimh fhorbairt seirbhísí i nGaeilge is ea an easpa ábhair ar ardchaighdeán sa teanga ar líne.
Chun dul i ngleic leis an easpa sin, tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta corpas nua Gaeilge a chruthú a bhféadfadh innill IS [Intleacht Shaorga] foghlaim uaidh.
Deirtear, ach an corpas nua a bheith ann go mbeifí ábalta, mar shampla, Gaeilge a labhairt le seirbhísí amhail Siri, Alexa agus Google Maps.
Chomh maith leis sin bhainfí leas as an gcorpas nua chun innill IS a fhorbairt a chuirfeadh seirbhísí stáit ar fáil i nGaeilge don phobal.
Táthar ag súil go bhfágfadh an córas nua IS go mbeadh “daoine in ann a ngnó praiticiúil a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge”. Bheadh, mar shampla, cainteoirí Gaeilge “in ann leas a bhaint as botaí comhrá an stáit trí Ghaeilge amháin, rud a chruthóidh eispéireas nádúrtha dóibh siúd a roghnaíonn na seirbhísí seo a úsáid ina dteanga dhúchais”.
Is é is aidhm leis an phlean nua ná go mbeadh pobal na Gaeltachta ábalta leas a bhaint as an AI “chun a gcultúr, a dteanga, agus an geilleagar Gaeltachta a neartú”.
Tá an tÚdarás ag súil go síneoidh fathaigh idirnáisiúnta an AI amhail OpenAI, Meta, Google agus Anthropic meamram comhthuisceana leo maidir le seirbhísí Gaeilge a fhorbairt agus “cás na Gaeilge a chur chun cinn leo mar theanga dhigiteach”.
Aithnítear sa phlean go mbainfidh dúshlán leis na mórchomhlachtaí IS a spreagadh chun tacú leis an nGaeilge.
“An príomhdhúshlán ná na comhlachtaí móra a mhealladh agus a fháil ar bord leis an togra, rud a d’fhéadfadh a bheith deacair mar gheall ar a dtosaíochtaí tráchtála reatha,” a deirtear.
Dúshlán mór eile a luaitear sa phlean ná na heasnaimh atá ann ó thaobh líon agus caighdeán an ábhair i nGaeilge atá ar fáil chun oiliúint a chur ar innill IS agus forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí IS i nGaeilge.
Deirtear go bhfuil “bearna ollmhór” idir na hacmhainní teanga ar líne i nGaeilge agus “an leibhéal corpais atá ag teastáil chun freastal ar riachtanais theicneolaíocha na Gaeilge”.
“Tá impleachtaí tromchúiseacha agus fadtéarmacha ag an easnamh seo d’fhorbairt innill IS, mar is ar mhéid agus ar chaighdeán na n-ábhar atá i gcorpais phoiblí a bhraitheann éifeachtacht agus cruinneas na gcóras seo.
“Tuigtear d’Údarás na Gaeltachta ón taighde a rinneadh go dtí seo nach bhfuil a fhios go beacht cén caighdeán atá leis an ábhar Gaeilge atá ar fáil faoi láthair, agus ní féidir seo a fheabhsú gan rochtain ar chorpais Ghaeilge d’ardchaighdeán.”
Cuid de na fadhbanna is mó a bhainfeadh le forbairt corpais nua ná “ceisteanna ceadúnais, cóipchirt agus úinéireachta intleachtúla”.
Deirtear go bhfuil na dúshláin chéanna “le sárú ag gach mionteanga eile ar fud na cruinne” agus go mbíonn an tÚdarás ag plé na ndúshlán sin le grúpaí teanga i dtíortha eile atá “sa chás céanna” d’fhonn a bheith ag foghlaim “óna chéile”.
In ainneoin na ndúshlán a aithnítear sa phlean, an sprioc atá ag an Údarás ná go mbeidh an Ghaeltacht “ina heiseamláir dhomhanda maidir le glacadh le teicneolaíochtaí IS i bpobail teanga mionlaigh, rud a tharraingeoidh aird idirnáisiúnta agus a chuirfeadh le clú na hÉireann mar cheannaire sa nuálaíocht teicneolaíochta”.
Maítear chomh maith go gruthófar “margadh nua” d’fhiontair Ghaeilge a bheidh bunaithe ar sheirbhísí IS “rud a thabharfaidh deiseanna fostaíochta nua agus a chuirfeadh le héagsúlacht eacnamaíoch na gceantar Gaeltachta”.
“Sa ré nua IS tá gach rud chun athrú. Tá rogha shimplí againn mar phobal: a bheith inár lucht féachana nó a bheith páirteach inti,” a deirtear.
“Tá Údarás na Gaeltachta tar éis an dara rogha a roghnú, ag obair go tréan chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht i lár an aonaigh.”
Deir an tÚdarás nach bhfuil aon rogha acu ach a bheith ag brath ar comhoibriú na n-ollchomhlachtaí teic go dtí go bhforbrófar Múnla Teanga Mór Eorpach oscailte (LLM).
Tá sé i gceist ag an Údarás comhdháil idirnáisiúnta a reáchtáil sa chéad ráithe de 2026 “chun díriú ar cheann de na ceisteanna móra dár ré – an gaol idir an intleacht shaorga agus mionteangacha an domhain”.
Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag súil go mbeidh Gaeilge ag do charr cliste, ach fadhb le heaspa ábhair foghlama don AI'