Tús maith leath na hoibre

Ba dheacair tús níos fearr ar aon chomórtas spóirt a fháil ná an ceann a fuair trí fhoireann Éireannacha i gCorn na gCuradh agus i gCorn an Dúshláin an deireadh seachtaine seo caite. Beidh dúshláin éagsúla rompu an deireadh seachtaine seo.

Darragh Fanning scores a try 19/10/2014
Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

 

Ba dheacair tús níos fearr ar aon chomórtas spóirt a fháil ná an ceann a fuair trí fhoireann Éireannacha i gCorn na gCuradh agus i gCorn an Dúshláin an deireadh seachtaine seo caite.

Ceart go leor, bhí Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht sa mbaile agus iad ag fáil an láimh in uachtar ar a bhfreasúra an deireadh seachtaine seo caite, ach mar sin féin is fiú tagairt a dhéanamh don chur chuige iontach a chonaic muid ón dá thaobh.

Chuir Wasps tús iontach lena gcuairt ar an RDS an Domhnach seo caite, iad chun cinn ag leath-am, agus bhain siad chuile leas as an gcóir gaoithe a bhí ag cuidiú leo.

Mar sin féin, chreid cách nach raibh ann ach ceist ama nó go n-éireodh le fir Átha Cliath a marc a aimsiú.

Tharla sin go luath sa dara leath nuair a rug captaen Laighean, Jamie Heaslip, greim scornaigh ar an gcluiche, ag tabhairt sampla agus agus ag léiriú cinnearachta dá fhoireann, rud a spreag comhimirt iontach agus chuimsitheach ó iarchuraidh na hEorpa, faoi thrí.

Beidh géarghá leis an imirt chéanna i ndeisceart na Fraince an Domhnach seo i gcoinne Castres Olympique, foireann atá sa dara háit déag i dtábla an Top 14. Seachain nach mbeidh bua eile sa bhFrainc ag na Laighnigh.

Is rud amháin imirt agus gruachtáil sa mbaile in aon chomórtas, is rud eile ar fad taisteal thar sáile agus an láimh in uachtar a fháil i gCorn na gCuradh. Sin díreach a rinne na Muimhnigh, cé gurb thóg sé go dtí am breise agus preabchic misniúil ó Ian Keatley sula raibh siad slán.

In ainneoin an bhua sin i gcoinn Sale, is dúshlán eile ar fad cuairt Saracens ar Pháirc Thuamhan an Aoine seo. Tá an fhoireann seo sa dara háit ar thábla an Premiership agus cáil rogha na coitiantachta don chomórtas orthu.

Níl faitíos ar bith ar imreoirí na foirne seo as Londain roimh an gcáil agus an dúshlán atá ag baint leis an bpáirc seo. Is minic leo bua a fháil ann, rud a fhágann go mbeidh géarghá le tréaniarracht eile ón Arm Dearg, chuile dhuine acu, an lucht leanta san áireamh, go háirithe tar éis bua Saracens ar Clermont Auvergne cúpla lá ó shin.

Ba é cuairt na nUltach an t-aon smál a bhí ar iarrachtaí na nGael i mbabtha a 1 de na comórtais Eorpacha. Lig siad na maidí le sruth go dona sa gcéad leath i gcoinne Leicester ar Bhóthar Welford agus in ainneoin aiséirí de shórt sa dara leath, chinn orthu an ceann is fearr a fháil ar na hiarchuraidh.

Fágann sin go bhfuil brú damanta orthu fiú má tá siad sa mbaile an Satharn seo agus iad i gcoinne Toulon, curaidh an chomórtais le dhá bhilain anuas.

Tá baol ollmhór ann go gclisfidh ar Chúige Uladh i mbabhta a Dó. Má tharlaíonn sin, seans go mbeidh a rás rite, ní bheidh acu ansin ach an Pro 12. Nár bhocht an cás é seo, dóibh féin agus d’fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann!

Thiar ar na mBóthar Beag bhí na Connachtaigh i gceannas ó thús go deireadh an chluiche, iad ag léiriú do chach nach bhfuil tada aisteach ná neamhghnáthach ag baint leis an imirt atá feicthe againn uatha ó thús an tséasúir.

Is léir freisin go bhfuil faoi Pat Lam, dúnáras de cuid na gConnachtach a dhéanamh den Bhóthar Beag, mar atá déanta ag Cúige Mumhan le Páirc Thuamhan agus Cúige Laighean leis an RDS. Ach is ar Exeter, i ndeisceart Shasana atá triall na gConnachtach an Satharn seo.

Beidh táistáil chrua agus cheart i ndán dóibh ón bhfoireann atá sa triú háit sa bPremiership faoi láthair. Ní hamháin sin ach ní raibh Exeter róshásta gur chaillsiad úd sa 77ú nóiméad as baile i gcoinne Bayonne, i mbabhta a hAon.

Seans maith go mbeidh siad ar thóir díoltais, ach má éiríonn le Lam agus a chúram bua nó fiú pointe bónais cáiliuil a aimsiú beidh fhíos againn go bhfuil ré nua againn san Iarthar.