Tuar Fitzmaurice – ‘Tá sos ó Chiarraí á thógáil ag Marc Ó Sé, fillfidh sé i ról bainistíochta…’

D’fhógair Marc Ó Sé, duine de mhórlaochra na peile i gCiarraí, inniu go bhfuil sé ag éirí as a bheith ag imirt dá chontae

Tuar Fitzmaurice – ‘Tá sos ó Chiarraí á thógáil ag Marc Ó Sé, fillfidh sé i ról bainistíochta…’

Marc Ó Sé. INPHO/James Crombie

Níl Marc Ó Sé ach ‘ag tógáil’ sos ó fhoireann peile Chiarraí agus ní fada go bhfillfidh sé ar ais ar fhoireann an chontae i ról bainistíochta, dar leis an bhfear atá i gceannas ar an bhfoireann faoi láthair, Éamonn Fitzmaurice

“Cé go bhfuil sé ag tógáil briseadh atá tuillte go maith aige ó Chiarraí faoi láthair, d’fheicfinn é ag teacht ar ais i ról bainistíochta sula i bhfad,” a deir Fitzmaurice i ráiteas a d’eisigh Bord Chontae Chiarraí tar éis d’Ó Sé a fhógairt níos luaithe tráthnóna go raibh sé ag éirí as an imirt.

Deir Fitzmaurice go raibh tionchar ar leith ag fear na Gaeltachta ar na himreoirí óga a bhí tagtha isteach ar phainéal Chiarraí le cúpla bliain anuas agus go raibh ardmheas air sa seomra feistis.

“D’fhoghlaim go leor de na himreoirí óga atá againn a lán uaidh agus tá sé taispeánta aige céard a theastaíonn ó imreoir caide Chiarraí agus na dualgais a bhíonn ag baint leis sin. Tá lánmheas acu uile ar an bpainéal air.”

Tá Ó Sé ag plé le foirne cheana féin agus é ina roghnóir ar fhoireann faoi 21 na Gaeltachta a bhuaigh Craobh an Chontae cúpla bliain ó shin agus ghabh sé buíochas speisialta lena chumann áitiúil agus na fir a stiúir é agus é óg.

“Buíochas faoi leith le Cumann Caide na Gaeltachta. Ní bheinn ag imirt le Ciarraí murach an club iontach, speisialta seo. Liam Ó Rócháin agus go háirithe Micheál Ó Sé a bhí mar bhainisteoirí agus mé ag fás aníos. Bhí tionchar an-dearfach ar fad ag Micheál orm agus do chreid sé ionam i gcónaí.”

Thug Fitzmaurice moladh ar leith d’Ó Sé as a iltréithí is a bhí sé.

“Ar feadh na mblianta, ba é an cosantóir é a raibh air an tosach is fearr a bhí ag an bhfreasúra a mharcáil. Níos minice ná a mhalairt, bhí muid in ann talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an ceann is fearr aige sa choimhlint sin. Ní hamháin go raibh sé in ann fear a mharcáil duine ar dhuine ach bhí cumas peile ar leith ann chomh maith.

“Is cosantóir é a bhí in ann caid a imirt agus bhíodh sé ag ionsaí ón líne lánchúil i bhfad sular thosaigh gach duine á dhéanamh, ag fáil pointí agus uimhir 2 ar a dhroim chomh fada siar le cluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Ard Mhacha in 2006.”

Ní hé Fitzmaurice an t-aon iarbhainisteoir a mhol Ó Sé inniu. Thagair Jack O’Connor chomh maith don chluiche ceathrú ceannais sin in 2006 nuair a scóráil Ó Sé pointí leis an dá chos.

“Ba é an bua is mó a bhí aige mar chosantóir ná an léamh a bhí aige ar an imirt agus an choisíocht a bhí aige. D’imir sé chun tosaigh ar thosach an chuid is mó den am ach bhí an aclaíocht aige chun teacht ar ais dá n-imeodh an liathróid thairis…

“Bhí mise i mo roghnóir ar choiste a phioc an fhoireann is fearr le 30 bliain anuas agus ní raibh mórán argóna ann nuair a tháinig sé chomh fada leis an uimhir a 2 a phiocadh. Tá an méid atá déanta ag Marc agus ag Clann Uí Shé do chaid Chiarraí thar na bearta. Ní bheidh a leithéid ann arís.”

Fág freagra ar 'Tuar Fitzmaurice – ‘Tá sos ó Chiarraí á thógáil ag Marc Ó Sé, fillfidh sé i ról bainistíochta…’'