‘Tá an tír curtha againn ar a bealach go todhchaí a bheidh níos inbhuanaithe’ – Eamon Ryan ag éirí as

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais gurb é an t-aon údar aiféala atá aige gur ina théarma féin mar cheannaire a tosaíodh an chaint gur chuma leis na Glasaigh faoin tuath

‘Tá an tír curtha againn ar a bealach go todhchaí a bheidh níos inbhuanaithe’ – Eamon Ryan ag éirí as

Tá sé deimhnithe ag Eamon Ryan go bhfuil sé ag éirí as a cheannaireacht ar an gComhaontas Glas agus nach mbeidh sé ina iarrthóir sa gcéad olltoghchán eile.

Dúirt Eamon Ryan go bhfanfadh sé ina Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go dtiocfaidh deireadh le téarma oifige an rialtais agus go bhfanfaidh sé ina cheannaire ar a pháirtí go dtí go roghnófar cennaire nua.

Dúirt an tAire nach raibh ar a chumas na huaireanta fada oibre a bhíonn ar ionadaí poiblí agus a chúraimí mar thuismitheoir a dhéanamh níos mó chomh maith leis an gcúram a theastaíonn óna mhac a bhfuil riachtanais bhreise aige.

Catherine Martin, Aire na Gaeltachta agus leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, is mó a bhí á lua mar chomharba ar Ryan mar cheannaire, ach dúirt sí ní hamháin nach mbeadh sí san iomaíocht don phost ach go raibh ag éirí as an leascheannaireacht.

Thug Martin dúshlán Ryan do cheannaireacht an pháirtí in 2020 ach níor éirigh léi. Roderic O’Gorman, Pippa Hackett agus Ossian Smyth is mó atá á lua leis an bpost anois.

Dúirt Eamon Ryan nach iad drochthorthaí an pháirtí sna toghcháin is deireanaí a spreag a chinneadh. Dúirt sé gur bhraith sé cúpla mí ó shin go mba mhaith an t-am é seo le héirí as an gceannaireacht, beag beann ar thorthaí na dtoghchán Eorpach agus áitiúil.

Ghabh sé buíochas lena bhean Victoria White “an crann taca agus an inspioráid is mó” atá aige agus lena mhuintir agus a chairde.

Dúirt Ryan gur “pribhléid” ab ea a shaol mar ionadaí poiblí agus go raibh sé mórtasach as a bhfuil déanta ag an gComhaontas Glas le ceithre bliana. Luaigh sé na táillí laghdaithe ar an gcóras iompair poiblí, na creidmheasanna fuinnimh, agus an dlí athchóirithe dúlra.

“Tá an tír curtha againn ar a bealach go todhchaí a bheidh níos inbhuanaithe,” a dúirt Eamon Ryan i dTeach Laighean agus a chinneadh éirí as á fhógairt aige.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais gurb é an t-aon údar aiféala atá aige gur ina théarma féin mar cheannaire a tosaíodh an chaint gur chuma leis na Glasaigh faoin tuath sa tír seo, go raibh postanna á gcailleadh ag daoine mar gheall ar pholasaithe na nGlasach agus nach raibh baint ná dáimh ag an bpáirtí leis an ngnáthdhuine atá ag siúl na sráide.

“Níl blas ar bith de sin fíor,” a dúirt Ryan inniu.

Cháin sé na hionsaithe eagraithe a bhí á ndéanamh ar na Glasaigh ar na meáin shóisialta. Luaigh sé freisin ionsaithe pearsanta air féin agus fiú ar a athair, atá ar shlí na fírinne.

Ghabh sé buíochas leis na daoine a vótáil ar a shon ó chuir sé tús lena shaol poiblí.

Ní go rómhaith a chruthaigh an Comhaontas Glas sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla ag tús na míosa. Chaill an páirtí os cionn leath de na suíocháin a bhí acu sna húdaráis áitiúla agus an dá shuíochán a bhí acu i bParlaimint na hEorpa.

Is é Eamon Ryan, a bhí ina cheannaire ar a pháirtí ó 2011, an dara ceannaire ar pháirtí comhrialtais a d’éirigh as i mbliana. I mí Aibreáin, d’éirigh Leo Varadkar as mar cheannaire ar Fhine Gael.

Agus Eamon Ryan ar an stiúir, d’éirigh níos fearr leis an gComhaontas Glas in olltoghchán 2020 ná mar a d’éirigh leo in aon olltoghchán eile.

Tar éis an toghcháin sin, níos lú ná 10 mbliana ó chaill an páirtí gach suíochán Dála a bhí acu i ndiaidh thobchliseadh an gheilleagair, chuaigh siad ar ais i mbun comhrialtais arís.

Toghadh Eamon Ryan chun na Dála den chéad uair in 2002. Bhí sé ina aire cumarsáide idir 2007-2011 nuair a chaill sé féin agus a chomhghleacaithe go léir a suíocháin san olltoghchán.

Toghadh arís é in 2016.

Fág freagra ar '‘Tá an tír curtha againn ar a bealach go todhchaí a bheidh níos inbhuanaithe’ – Eamon Ryan ag éirí as'

  • JP

    Beidh polaitíocht na hÉireann agus, go deimhin, an tír féin idir phobal is imshaol níos boichte dá cheal.
    Fear ann féin, fear ardaigeanta, coinsiasach.
    Go dté tú slán a Éamoin.