Súil siar ar na cluichí Gaeltachta

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a d’imir foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine.

Geraldine McLaughlin shoots on goal 30/11/2014
Laoch An Tearmann, Gearóidín Nic Lochlainn, i mbun scórála i gCluiche Ceannais na hÉireann. INPHO/Ryan Byrne

Bua stairiúil ag mná An Tearmann

Is í Gearóidín Nic Lochlainn laoch an Tearmainn an Luan seo tar éis di 3-8 a aimsiú i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann inné. Le cabhair Nic Lochlainn, fuair An Tearmann an ceann is fearr ar sheaimpíní Chorcaigh, Mainistir na Móna, 3-12 in aghaidh 1-13.

Chiallaigh an bua gurb iad mná an Tearmainn an chéad chumann ag aon ghrád as Dún na nGall a bhfuil craobh na hÉireann buaite acu, idir fhir agus mhná.

Cuireann an bua seo deireadh le bliain den scoth do na Conallaigh a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta i Maigh Cuilinn ag tús an tsamhraidh chomh maith.

Is iad mná Mhainistir na Móna a bhí chun cinn ag leath ama, 0-10 in aghaidh 1-3.

Is í Laura Nic Gearailt a bhí ag aimsiú na scóranna do na Corcaígh, 0-6 faighte aici sa chéad 30 nóiméad. Mhéadaigh Mainistir na Móna an bhearna go sé phointe go luath sa dara leath, 0-12 in aghaidh 1-3, ach ina dhiaidh sin, ní raibh ach foireann amháin sa choimhlint.

D’aimsigh Nic Lochlainn a dara cúl den chluiche tar éis 44 nóiméad agus bhí an triú ceann faighte aici cúig nóiméad roimh an deireadh.

Le 25-35 aimsithe aici thar na seacht gcluiche craobha a d’imir an Tearmann i mbliana, tá éacht scórála déanta ag Nic Lochlainn agus mar chaptaen, ní raibh bean níos oiriúnaí chun an corn a chrochadh sa deireadh thiar.

Pic2-Árann
Foireann Árann a chaill Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisear na hÉireann i Birmingham an Satharn seo, 29 Samhain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Feachtas Oileáin Árann tagtha chun deiridh thar sáille

Bhí gaiscí Oileáin Árann go mór i mbéal an phobail nuair a fuair said an ceann is fearr ar Acaill i gCraobh Chonnacht, ach tá a rás rite ag na hoileánaigh faoi dheireadh.

Is i Birmingham, Sasana a chuaigh aistear na hoileánaigh i dtír nuair a bhuail John Mitchels as Learpholl iad i gCluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann, 1-14 in aghaidh 1-9.

Is sa chéad leath a bhuaigh seaimpíní na Bhreataine an cluiche seo agus iad 1-10 in aghaidh 0-2 chun cinn tar éis 25 nóiméad. Thosaigh foireann Learpholl ar luas lasrach agus bhí siad 1-3 in aghaidh 0-0 chun cinn tar éis cúig nóiméad, Colly ó Murchú ag aimsiú an chúil.

Bhí Oiléain Árann fós ag streachailt agus Míchéal Ó Maolmhuaidh agus Ciarán Ó Laidheanáin ag déanamh an chuid is mó den scóráil do na Mitchels.

Tháinig Oileáin Árann ar ais beagáinín roimh dheireadh an chéad leath, Eoghan Póill agus Mairtín Ó Goill ag aimsiú pointí chun é a fhágáil 1-10 in aghaidh 0-6 ar chlár na scór tar éis 30 nóiméad.

Bhí na Gaillimhigh i bhfad níos fearr sa dara leath agus nuair a d’aimisgh Ó Goill cúl tar éis 50 nóiméad, ní raibh ach cheithre phointe idir na foirne, 1-12 in aghaidh 1-8. Ach ní raibh muintir Árann in an bhearna a laghdú roimh an fheadóg dheireanach.

Cé go mbeidh aiféala ar imreoirí Oileáin Árann gur chaill siad an deis Craobh na hÉireann a bhuachan, tá neart sóláis le fáil ó na gaiscí eile a bhain siad amach i mbliana, sin iad Comórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan agus an grád idirmheánach a bhaint amach den chéad uair.

 

Pic3-Ó'Flaithearta
Laoch na himeartha i gCluiche Ceannais Ciarraí Thiar, Maitiú Ó Flaitheartha ón nDaingean, Pictiúr: CLG an Daingin

Craobh Chiarraí Thiar buaite ag An Daingean arís

Bhí farasbarr cúig chúilín ag An Daingean ar a comharsana, An Ghaeltacht, i gCluiche Ceannais Chiarraí Thiar an Satharn seo caite, an 29 Samhain.

Chríochnaigh sé 0-15 in aghaidh 0-10 d’fhir An Daingean, seachtain tar éis go bhfuair fhoireann mionúir An Daingean an ceann is fearr ar fhoireann An Ghaeltacht i gCraobh Mionúr Ciarraí Thiar.

An deireadh seachtaine seo, ba iad An Ghaeltacht ab fhearr ag tús an chluiche agus iad 0-4 in aghaidh 0-2 chun cinn tar éis 15 nóiméad.

Tháinig An Daingean ar ais sa choimhlint ina dhiaidh sin agus tar éis obair mhaith ó imreoir Chiarraí, Paul Geaney, bhí na foirne cothrom ag leath ama, 0-5 an taobh.

Ní fhéadfaí na foirne a scaradh tar éis an briseadh ach an oiread, 0-8 an taobh cupla nóiméad isteach sa dara leath.

Ach ansin bhí an lámh in uachtar ag an Daingean nuair a d’aimsigh siad trí phointe as a chéile, an leathchúlaí ar dheis, Tomás Ó Suilleabháin, ag fáil péire acu. Níor chabhraigh sé leis an nGaeltacht gur cuireadh Éanna Ó Conchúir den pháirc.

Bhí an Daingean chun cinn as sin go deireadh an chluiche, agus pointí eile á bhfáil ag Tomás Ó Suilleabháin agus ag laoch na himeartha ar an lá, Maitiú Ó Flaithearta.

Pic4-OileanCiarrai
Seaimpíní Craobh Idirmheánach na hÉireann na bliana seo, mná Deasúnaigh Oileán Ciarraí, a fuair an ceann is fearr ar An Fhairche. Pictíur: Catleisland Desmonds

Céim barraíochta é Craobh na hÉireann do mhná na Fairche

Is iad Deasúnaigh Oileán Ciarraí seaimpíní Craobh Idirmheánach na hÉireann tar éis bua 2-11 in aghaidh 1-6 a fháil ar An Fhairche ar an Satharn seo caite, an 29 Samhain.

Cé nach raibh sé tuillte, b’fhéidir, ag mná na Fairche an cluiche a chailleadh le hocht bpointe, níl aon dabht ach gur bhuaigh an fhoireann ab fhearr ar an lá.

Ba iad seaimpíní Chiarraí ab fhearr ag tús na himeartha agus bhí siad 0-7 in aghaidh 0-1 chun cinn tar éis 20 nóiméad.

Chaill siad an deis an bhearna sin a mhéadú roimh leath ama agus thug sé sin spreagadh d’fhoireann An Fhairche. D’aimsigh Mairéad agus Lorna Seoighe dhá chic saor dóibh roimh leath ama chun ceithre phointe a fhágáil eatarthu tar éis 30 nóiméad.

Nuair a fuair Leanne Mangan cúl d’Oileán Ciarraí seacht nóiméad isteach sa dara leath, bhí an chuma ar an scéal go raibh rás An Fhairche rite ach d’éirigh go hiontach le mná na Gaillimhe chun an farasbarr a laghdú go dtí trí phointe tar éis cúil ón ionadaí Michaela Ní Chearnaigh, leath bealaigh tríd an dara leath.

B’in deireadh leis an teacht aniar ag An Fhairche, faraor, agus nuair a d’aimsigh Oileán Ciarraí cúl agus pointe in am cúitimh, chuir sé cuma aontaobhach ar chlár na scór i ndeireadh báire.

Fág freagra ar 'Súil siar ar na cluichí Gaeltachta'