Scéim nua iasachta rothar seolta i nGaillimh

Naoi stáisiún déag agus 195 rothar a bheidh ar fáil don phobal faoin scéim ach níl focal Gaeilge le feiceáil fós ar na scáileáin ag na stáisiúin

bike galway

Sheol an tAire Iompair, Turasóireachta Paschal Donohoe, scéim nua iasachta rothar i gCathair na Gaillimhe inniu.

Naoi stáisiún déag agus 195 rothar a bheidh ar fáil don phobal faoin scéim nuair a chuirfear i bhfeidhm ina hiomláine í an bhliain seo chugainn.

Níl focal Gaeilge le feiceáil ar na scáileáin ag na stáisiúin, cé go bhfuil treoracha úsáidte ar na rothair féin i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt urlabhraí na Comhairle Cathrach go bhfuiltear ag obair ar an bhfadhb seo agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh rogha Ghaeilge ar fáil go luath.

Dúirt urlabhraí Ghaillimh le Gaeilge, an eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn i measc gnólachtaí sa chathair, go réiteofar é seo go luath.

“Ní thuigimid an mhoill. Bhí muid i dteagmháil leo faoi, ghlac na comhairleoirí cathrach leis gur cheart go mbeadh sí ann. Tá an t-aistriúchán réidh agus táimid ag súil go gcuirfear ar fáil é gan mhoill.”

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Donohoe go bhfuil sé ag súil go mbeidh an rath céanna ar an scéim i nGaillimh agus a bhí ar Dublin Bikes i mBaile Átha Cliath.

Ó seoladh scéim na hArdchathrach cúig bliana ó shin, tá os cionn ocht milliún turas déanta ar na rothair.

Sna seachtainí amach romhainn, seolfar scéimeanna Chorcaí agus Luimnigh freisin agus ar deireadh, beidh 740 rothar ar fáil sna trí chathair.

Táthar ag súil go mbeidh gach rothar in úsáid trí huaire sa ló agus go ndéanfar 750,000 turas orthu sa gcéad bhliain.

Fág freagra ar 'Scéim nua iasachta rothar seolta i nGaillimh'