Saineolaí daonáireamh ag dul sa tóir ar cháipéisí ‘caillte’ shuirbhé Gaeltachta

Deir an Dr Brian Gurrin ó Choláiste na Tríonóide go bhfuil súil aige go dtiocfaidh sé ar leideanna sa chartlann náisiúnta faoinar tharla do thuairisceáin suirbhé a rinneadh ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht i 1925

Saineolaí daonáireamh ag dul sa tóir ar cháipéisí ‘caillte’ shuirbhé Gaeltachta

Tá saineolaí daonáireamh ag súil le fáil amach céard a tharla do cháipéisí a bhain le suirbhé faoi chainteoirí Gaeilge a rinneadh 100 bliain ó shin.

Deir an Dr Brian Gurrin ó Choláiste na Tríonóide go bhfuil súil aige go dtiocfaidh sé ar leideanna sa chartlann náisiúnta faoinar tharla do na tuaireascáin a scríobhadh le linn an tsuirbhé a rinneadh ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht cothrom an ama seo céad bliain ó shin.

Bhí Brian Gurrin atá ag obair le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, meitheal a bunaíodh chun athchruthú á dhéanamh ar cháipéisí cartlainne a dódh sna Ceithre Cúirteanna i 1922.

Agus an obair sin curtha i gcrích ag Gurrin agus a chomhghleacaithe, tá sé i gceist aige Cartlann Náisiúnta na hÉireann a ransú sna seachtainí amach romhainn d’fhonn teacht ar na tuairisceáin a scríobh baill den Gharda Síochána agus iad ag bailiú eolais do Choimisiún na Gaeltachta i samhradh na bliana 1925.

“Níor chuala mé féin faoi [an suirbhé] go dtí bliain nó dhó ó shin agus mé i mbun taighde do leabhar atá mé a scríobh faoi dhaonáirimh na hÉireann,” a dúirt Gurrin le Tuairisc.

“Ní raibh an t-am agam go dtí seo a sheiceáil an raibh na tuairisceáin féin, seachas tuarascáil an Choimisiúin, ar fáil mar gheall ar an ualach mór oibre a bhí orainn leis an Maoinchiste. Ba mhaith liom a fheiceáil anois ar tháinig na tuairisceáin nó na nótaí a rinne an Garda Síochána slán,” a dúirt sé.

Tá an tuarascáil a scríobh Coimisiún na Gaeltachta, agus ar ar bunaíodh na chéad teorainneacha Gaeltachta, ar fáil le fada an lá ar shuíomh Thithe an Oireachtais, ach níl fáil ag scoláirí ar na tuairisceáin ar a bunaíodh saothar an Choimisiúin.

Mar chuid den thuarascáil an Choimisiúin tá léarscáileanna “iontacha” a tarraingíodh bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé.

“Tá na léárscáileanna go hiontach. Chruthaigh siad tuarascáil freisin, bhí siad ag iarraidh a fháil amach cár sheas an Ghaeilge in 1925. Thóg siad na figiúirí ó Dhaonáireamh 1911, an daonáireamh ba dhéanaí ó tharla nár reáchtáladh ceann in 1921 mar gheall ar Chogadh na Saoirse, agus d’aimsigh siad na ceantair ar theastaigh uathu díriú orthu.

“Bhí aon chontae dhéag i gceist, na háiteanna a bhfuil an Ghaeltacht ann fós anois agus ceithre chontae eile – Ros Comáin, Tiobraid Árann, an Clár agus contae Lú. I samhradh na bliana 1925, sheol siad na Gardaí amach leis an áireamh a dhéanamh agus chuir siad tuarascáil sách cuimsitheach le chéile,” a dúirt Gurrin.

Bhí an Dr Gurrin ar dhuine na daoine ba mhó a d’oibrigh ar athchruthú a dhéanamh ar na taifid daonáirimh a cailleadh sa dóiteán mór a tharla le linn Chogadh na gCarad i mBaile Átha Cliath in 1922 cuidiú cáipéisí a bhí i leabharlanna, cartlanna agus stórais eile ar fud na tíre agus ar fud na Breataine.

Tá an saineolaí daonáireamh ag tabhairt aghaidh ar an chartlann náisiúnta chun tuairisceáin shuirbhé Gaeilge 1925 a chuardach. Deir sé gur léir dó gur oibrigh na Gardaí a bhailigh an t-eolas agus na státseirbhísigh a réitigh an tuarascáil “go han-tapa” idir samhradh na bliana 1925 agus foilsiú na tuarascála an bhliain chéanna.

“Bhí siad ag iarraidh a fheiceáil cén seasamh a bhí ag an nGaeilge mar theanga phobail ceithre bliana déag tar éis an daonáirimh dheireanaigh. Caithfidh gur tharla an rud ar fad go han-tapa, foilsíodh an tuarascáil féin an bhliain chéanna.

„D’fhiosraigh siad líon na gcainteoirí Gaeilge agus an fáil a bhí acu ar an scolaíocht i nGaeilge agus áiseanna eile oideachais. Bhí moltaí sa tuarascáil faoi fheabhas a chur ar chúrsaí agus na pobail Ghaeilge a chosaint,” a dúirt sé.

Is díol suntais é gur i mBéarla amháin a foilsíodh Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta féin, cé gur dóigh leis an Dr Gurrin gur i nGaeilge a rinneadh an obair pháirce.

“Tá an brollach i nGaeilge ach ina dhiaidh sin thiontaigh siad ar an mBéarla le corp na tuarascála féin a scríobh. Glacaim leis gur ‘canvass survey’ a bhí ann. Tá dhá chineál daonáirimh ann – an ceann a bhfuil muid i dtaithí air anois nuair a líonann ceann an tí an fhoirm isteach agus an ‘canvass’ ina dtagann an oifigeach de chuid an stáit chuig an doras le heolas a bhreacadh.

“Glacaim leis gur i nGaeilge a bailíodh an t-eolas agus go gcaithfeadh an duine a bhí á bhailiú a bheith in ann a dheimhniú go raibh an teanga ag na daoine a bhí sna tithe,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur gnáthnós é go ndéanfadh na póilíní an suirbhé in Éirinn ó tosaíodh ar dhaonáirimh a thógáil in 1813 go dtí 1961 nuair a tháinig athrú ar an modh oibre. Ba iad constáblaí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a rinne an cúram nuair a bhí Éire faoi smacht Shasana agus an Garda Síochána ón gcéad suirbhé seo in 1925 go dtí 1961.

Dúirt Gurrin le Tuairisc gur ardaíodh a chroí nuair a chuala sé an Teachta Dála do Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ag fiosrú faoi na tuairisceáin sa Dáil níos luaithe i mbliana agus go raibh sé go maith go raibh aird á tarraingt ar an gceist.

“Bhí Aengus ag iarraidh ar an gCartlann Náisiúnta na tuairisceáin a lorg. Tá súil agam féin é sin a dhéanamh sna seachtainí atá amach romhainn. Fiú má scriosadh an corpas mór caithfidh gur tháinig rud éigin slán.

“An rud is mó a chuirfeadh amhras orm ná nach bhfuil aon tagairt feicthe agam do na taifid seo in aon phíosa taighde a rinneadh ó shin. B’fhéidir go dtugann sé sin le fios dúinn nach ann dóibh níos mó,” a dúirt sé.

Mhínigh Gurrin go bhféadfadh sé gur scriosadh na buntaifid nuair a bhí an tuarascáil scríofa mar gur mheas na státseirbhísigh nach raibh aon luach leo níos mó.

“An fáth a ndéantar suirbhé de chineál ar bith ná le tuarascáil a scríobh. Ní theastaíonn an t-eolas atá sna tuairisceáin ina dhiaidh sin. A luaithe is a bhí an tuarascáil acu, b’in é a bhí uathu, agus d’fhéadfadh sé gur chaith siad amach na leabhair nótaí nuair a bhí siad críochnaithe.

“D’fhéadfadh sé, freisin, gur sheol siad chuig an gCartlann Náisiúnta iad. Ní fhéadfainn a rá anois céard a tharla. Ach ó tharla nár chuala mé féin duine ar bith ag caint orthu ná ag déanamh tagairt dó go dtí seo, chuirfeadh sé amhras ar dhuine,” a dúirt sé.

I mí na Bealtaine, d’iarr Aengus Ó Snodaigh, atá ina urlabhraí Gaeilge do Shinn Féin, ar an rialtas na tuairisceáin ón suirbhé a aimsiú agus iad a chur ar fáil don phobal. D’éiligh sé ar an rialtas “an meas céanna a léiriú do ‘Dhaonáireamh Gaeltachta 1925’ agus atá á léiriú do Dhaonáireamh 1926”.

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc an tseachtain seo gur dea-scéala é go bhfuil duine éigin ag tabhairt na hoibre sin air féin agus go mbeadh an t-eolas ina “seoid” dá n-aimseofaí é.

“Bheadh sé go hiontach dá mbeadh aon duine in ann teacht ar na tuairisceáin seo agus is oth liom a rá nár éirigh liom eolas ar bith sa bhreis a fháil ó na ranna difriúla stáit faoin daonáireamh caillte Gaeltachta agus mé i mbun mo chuid iarrachtaí féin le tamall de bhlianta anuas.

“Bheadh an t-eolas seo ina seoid do phobal agus d’oidhreacht na hÉireann, ag léiriú saibhreas na Gaeilge agus cé chomh leathan is a bhí pobal labhartha na Gaeilge sa bhliain 1925,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Saineolaí daonáireamh ag dul sa tóir ar cháipéisí ‘caillte’ shuirbhé Gaeltachta'