Ropadh i gCumann na gCapaillíní agus an céad á cheiliúradh

Tá spochadh agus sáiteáin i gCumann Lucht Chapaillíní Chonamara le fada an lá. Tá sé ina imní anois go bhféadfadh scoilt an-mhór tarlú

Ropadh i gCumann na gCapaillíní agus an céad á cheiliúradh

Ina bhaileabhair atá Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara.  Is trua gur mar sin a bheadh sé; tá ainmhí ársa agus ainmhí álainn faoina gcúram.  Ní hé amháin sin ach tá tionscal luachmhar ag baint leis an gcapall dúchasach anois.  Tá cuid de mhianach Chonamara ar fhoirne idirnáisiúnta eachtraíochta agus léimní; capaillíní ligthe, sách ard agus sách aclaí.

Ait go leor, tá airde an chapaillín féin ar cheann de na hábhair ba chúis le séideadh an tsoip an iarraidh seo.  Airde 13.2 lámh, ar a mhéid, an tomhas a bhí leagtha síos do chapaillín Chonamara sa seanreacht.  Ansin tugadh isteach ‘Little Heaven’ sna 1940idí.  Scafaire de stail a bhí 15.2 lámh agus súil ann go gcuirfeadh sé airde agus coisíocht sa gcapaillín dúchasach. Tádar ag fás ó shin.

Níl sé seo ceart, a deir lucht cosanta an traidisiúin.

Shocraigh comhairle stiúrtha Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara go leagfaí amach córas faoina mbeadh tomhas dá dhéanamh ar feadh achar blianta ar na capaillíní go bhfeicfí cén airde a bheadh iontu.  14.2 lámh an teorainn nua airde atá molta.  Bheadh an clárú i leabhra an Chumainn ag brath air sin. Bhí go leor úinéirí spréachta le stiúrthóirí an Chumainn.  D’fhéadfá a bheith ag fanacht cúig bliana sula bhfaighfí dintiúirí don chapaillín.  Tá airgead, díolachán agus ceannacht i gceist; bheifí caillteach leis an réimeas nua, a deirtear.

Leagadh milleán ar Chomhairle an Chumainn.

Ansin, sa mullach air sin uilig, athraíodh cuid de Sheó Bliantúil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara as an gClochán go hoirthear na Gaillimhe anuraidh.  Cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a thug orthu é sin a dhéanamh, a deir Comhairle an Chumainn.  Ach d’at an scéal agus bhí cuid mhaith ball amhrasach go rabhthas ag cuimhneamh ar an Seó – ócáid mhór thraidisiúnta – a athrú as Conamara uilig.   Tá spochadh agus sáiteáin i gCumann Lucht Chapaillíní Chonamara le fada an lá.  Ach, is cosúil go bhfuil an cás gaibhte go snaidhm i rópa an iarraidh seo.  D’fhéadfadh scoilt an-mhór tarlú.

Tá Cruinniú Práinne do bhaill an Chumainn tarraingthe ag grúpa taobh istigh den eagraíocht agus tacaíocht láidir acu i measc na mball.   I mBaile Chláir na Gaillimhe a bheidh an cruinniú seo san oíche Dé Sathairn seo chugainn.  Tádar ag iarraidh oifigigh shinsearacha san gCumann a bhriseadh as a bpostanna agus athruithe suntasach eile a chur ar obair na heagraíochta.  Tá an meastachán ar na capaillíní agus ceist na hairde fite, fuaite sa rún seo.

Ach, d’fhógair Comhairle an Chumainn – bíonn scór ball ar an gComhairle go hiondúil – nach bhfuil saidsan ag tabhairt aon aird, ná aon aitheantas, don chruinniú práinne.  Dá réir sin, ní bheidh aon ghlacadh ag an gComhairle, a dúradh, le cinneadh ar bith a dhéanfar ag an gcruinniú sin.

D’fhéadfadh sé, mar thoradh air seo uilig, go mbeadh dhá ghrúpa ag éileamh gur acusan atá ceannas ar Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara.   An chéad cheist eile ná cén chaoi ar féidir le foireann na hoifige (atá lonnaithe ar Pháirc an tSeó sa gClochán) a ngnó a dhéanamh má tharlaíonn éiginnteacht mar sin?   Muna mbeadh an córas oifige ag obair, cé a bheadh ann le meastacháin a dhéanamh ar chapaillíní lena gclárú, agus cé a bheadh ar fáil le hobair chlárúcháin a dhéanamh?

An saol amach romhainn atá i gceist ansin.

Idir an dá linn, tá cath dá throid agus go maith os cionn 350 síniúchán ag an dream atá ag eagrú cruinniú práinne an tSathairn seo chugainn.  Dhá rún atá ar chlár an chruinnithe:

  • Vóta mímhuiníne i dtriúr ball sinsearach de Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara.
  • Moladh go bhfillfí ar an gcóras meastacháin agus clárúcháin ar chapaillíní a bhí ann in 2024, agus roimhe sin.

Má ghlactar leis na rúin sin Dé Sathairn, cé a dhéanfaidh réiteach agus cé aige a bheidh an t-adhastar i gCumann Lucht Chapaillíní Chonamara agus Seó bliantúil an Chumainn ag teannadh linn – Seó stairiúil freisin?

Nuair a osclófar na geataí ar Pháirc an tSeó sa gClochán ar an 19 Lúnasa seo chugainn beifear ag cur tús leis an gcéadú Seó …agus an Cumann ina bhaileabhair.

Fág freagra ar 'Ropadh i gCumann na gCapaillíní agus an céad á cheiliúradh'