Ó Pháirc an Chrócaigh go Búdaipeist – scoth na bpictiúr ó shárbhliain spóirt

Idir Rory McIlroy, David Clifford, Kate O’Connor agus Troy Parrott, is iomaí gaiscíoch a tháinig chun cinn i gcúrsaí spóirt na tíre seo in 2025

Ó Pháirc an Chrócaigh go Búdaipeist – scoth na bpictiúr ó shárbhliain spóirt

Ógánaigh Chnocán na Biolraí ag iarraidh greim a fháil ar an sliotar i bPáirc an Chrócaigh. INPHO/Tom Maher

INPHO/Bryan Keane

Níl gach duine i dtaithí go fóill ar lá mór na gclubanna CLG a bheith chomh luath sa mbliain ach Peadar Ó Cofaigh Byrne agus a chomrádaithe ó Chuala a bhí ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh mí Eanáir agus Craobh Shinsir Peile na hÉireann tugtha leo acu,

 

INPHO/Bryan Keane

Dream eile ó Bhaile Átha Cliath, Na Fianna, a bhuaigh an chraobh iomána níos luaithe an tráthnóna sin agus a mbainisteoir Niall Ó Ceallacháin agus a mhac Alfie ar a suaimhneas i ndiaidh an chluiche.

 

INPHO/Ryan Byrne

Táthar ag súil go n-aimseoidh Evan Ferguson agus Troy Parrott lán mála cúl d’fhoireann sacair na hÉireann sna blianta atá romhainn ach tosach óg eile a bhí i mbéal an phobail mí Feabhra agus Michael Noonan ag scóráil do Shamrock Rovers in aghaidh Molde na hIorua is gan é ach sé bliana déag d’aois.

 

INPHO/Ben Brady

Ceithre cinn as cúig chluiche a bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann i gCraobh na Sé Náisiún san earrach ach chliseadar sa gcoimhlint chinniúnach i gcoinne na Fraince, an cluiche baile deireanach d’Éirinn ag Peter O’Mahony, Conor Murray agus Cian Healy.

 

INPHO/Morgan Treacy

Bliain ar leith a bhí in 2025 do lucht lúthchleasaíochta na hÉireann agus rinneadh ceiliúradh ag Craobhchomórtais na hEorpa Faoi Dhíon mí an Mhárta agus boinn chré-umha buaite ag Mark English (800m) agus Kate O’Connor (Heaptatlan) agus bonn óir buaite ag Sarah Healy (3000m).

 

INPHO/Bryan Keane

Rinne Rory McIlroy an beart in Augusta faoi dheireadh agus comórtas na Masters buaite aige, an séú fear riamh a bhuaigh gach ceann de na mórchomórtais ghailf.

 

INPHO/Ryan Byrne

Tharla athbheochan na peile in 2025 agus suim sna cluichí múscailte ag na rialacha nua. Mhéadaigh an tsuim sin nuair a bhuaigh an Mhí ar Áth Cliath i gCraobh Laighean, Séamus Lavin anseo ag ceiliúradh agus an ceann is fearr faighte ag fir na Mí ar a gcomharsana den chéad uair le 15 bliain.

 

INPHO/Ryan Byrne

Níor athraigh cúrsaí rómhór i gCúige Chonnacht agus a gceathrú craobh as a chéile buaite ag na Gaillimhigh ach rinne Johnny McGrath agus a bhainisteoir Pádraic Joyce an gaisce a cheiliúradh mar sin féin.

 

INPHO/Ben Brady

Bhí scliúchas ag deireadh chluiche ceannais Uladh idir Ard Mhacha agus Dún na nGall agus ní róshásta a bhí Jim McGuinness agus Aidan Forker lena chéile.

 

INPHO/Ben Brady

Ar a shuaimhneas a bhí Michael Murphy áfach agus Corn an Anglo-Celt buaite arís aige tar éis dó filleadh ar fhoireann an chontae ag tús na bliana.

 

INPHO/James Crombie

Cé gur chloígh siad Áth Cliath, níor éirigh le fir na Mí craobh an chúige a thabhairt leo agus iad sáraithe ag contae Lú sa gcluiche ceannais, an chéad chraobh ag an gcontae ó 1957. An cúl báire Niall McDonnell atá ag ceiliúradh agus an fheadóg dheireanach séidte i bPáirc an Chrócaigh.

 

INPHO/James Crombie

Ní raibh iománaithe Chorcaí ag fanacht chomh fada céanna le greim a fháil ar Chraobh na Mumhan agus rinneadar sin le bua ar Luimneach i gcluiche ceannais an chúige agus pocanna éirice ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile. An bheocht a bhí i lucht tacaíochta Chorcaí, agus blaiseadh di faighte anseo ag Diarmuid Healy, ceann de scéalta móra na craoibhe.

 

INPHO/Ryan Byrne

Bhí scéal mór i gcúrsaí sacair in Éirinn mí an Mheithimh agus é fógartha ag Damien Duff go raibh sé ag éirí as mar bhainisteoir ar Shelbourne, níos lú ná bliain tar éis dóibh an phríomhroinn a bhuachan. Ba é Duff an phearsa ba mhó sa tsraith, mar a léirigh sé nuair a tháinig sé amach as na sceacha taobh thiar den chúl i bPáirc Dalymount le faire ar chluiche agus é ar fionraí.

 

INPHO/Tom O’Hanlon

Lá mór a bhí ann do Shane Power agus foireann mhionúir iomána Phort Láirge ag deireadh mhí an Mheithimh agus Craobh Mhionúir na hÉireann buaite acu.

 

INPHO/James Crombie

Shane Ryan, Gavin White agus Paudie Clifford ag ceiliúradh tar éis do Chiarraí curaidh na bliana roimhe sin, Ard Mhacha, a dhíbirt as an gcraobh peile sna babhtaí ceathrú ceannais.

 

INPHO/Ryan Byrne

Fuair na Ciarraígh an ceann is fearr ar shean-naimhde eile, Tír Eoghain, sna babhtaí leathcheannais agus David Clifford, a roghnófaí mar Pheileadóir na Bliana níos deireanaí sa mbliain, ina rí.

 

INPHO/Ryan Byrne

In aghaidh Dhún na nGall a bhí Ciarraí sa gcluiche ceannais ach ní raibh na Conallaigh in ann ag muintir Clifford ná ag a gcaptaen Gavin White, a d’ardaigh Corn Mhig Uidhir ag tús mhí Iúil.

 

INPHO/James Crombie

Bhí fonn spraoi ar Patrick Horgan agus a mhac Jack tar éis do Chorcaigh buachan go bog ar Áth Cliath i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann sa gCraobh Iomána. D’fhógair laoch Chorcaí ag deireadh na bliana go raibh sé ag éirí as an imirt idirchontae.

 

INPHO/James Crombie

Ba í an choimhlint idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh an ceann mór sna babhtaí leathcheannais agus imní ar an ógánach Darragh McCarthy go raibh sé tar éis a fhoireann a chur go tóin poill agus cárta dearg bronnta air tráth a raibh an cluiche idir dhá cheann na meá.

 

INPHO/Bryan Keane

Tháinig na Tiobraid Árannaigh slán, áfach agus taispeántas iontach tugtha ag McCarthy in aghaidh Chorcaí sa gcluiche ceannais. 1-13 a d’aimsigh McCarthy, a roghnaíodh mar Iománaí Óg na Bliana, agus 2-2 a scóráil John McGrath, Iománaí na Bliana 2025.

 

INPHO/Morgan Treacy

Is beag duine, Conor Lehane ina measc, a thuig cén chaoi ar thit an tóin go hiomlán as Corcaigh sa dara leath agus iad sé phointe chun tosaigh ag leath ama.

 

INPHO/Ryan Byrne

Na deartháireacha McGrath, Brian, Noel agus John, le Corn Mhic Cárthaigh.

 

 

 

INPHO/Gary Carr

Thug Katie Taylor agus Amanda Serrano aghaidh ar a chéile den tríú huair mí Iúil ach bean na hÉireann a bhí chun cinn arís agus é fógartha ina dhiaidh go raibh Taylor chun sos a thógáil ón dornálaíocht.

 

INPHO/Tom Maher

Thíos san Astráil a bhí na Leoin i mbliana agus úd ó Hugo Keenan sa nóiméad deireanach den dara cluiche ag cinntiú go dtabharfadh na cuairteoirí an corn leo

 

INPHO/Dan Sheridan

Bhuaigh an Astráil an cluiche deireanach sa tsraith ach bhí imreoirí na Leon fós in ann scíth a ligean agus an beart déanta.

 

INPHO/Ben Brady

Áth Cliath a thug leo Craobh Shinsir Peile na mBan tar éis dóibh contae na Mí a bhualadh sa gcluiche ceannais. Ba é an cluiche ceannais an cluiche deireanach ag Hannah Tyrell don fhoireann agus í ainmnithe mar Imreoir na Bliana ag deireadh an tséasúir.

 

INPHO/Ben Brady

Ba í Carrie Dolan laoch na Gaillimhe agus poc saor slánaithe aici ag fíordheireadh an chluiche ceannais i gcoinne Chorcaí chun Craobh na hÉireann a thabhairt siar den tríú huair ó 2019.

 

INPHO/Ben Brady

Chaill mná na hÉireann a seans an ceann is fearr a fháil ar an bhFrainc i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn Rugbaí an Domhain mí Mheán Fómhair ach bhí údar ceiliúrtha ag Linda Djougang níos luaithe sa gcomórtas agus a 50ú cluiche imeartha aici don fhoireann.

 

INPHO/Tom Maher

Chruthaigh Róisín Ní Riain stair nuair a bhuaigh sí cúig cinn de bhoinn – trí bhonn airgid agus dhá bhonn cré-umha ag Craobhchomórtais Parasnámha an Domhain i Singeapór.

 

INPHO/Bryan Keane

Bhí Rory McIlroy ag ceiliúradh arís mí Mheán Fómhair agus an Irish Open buaite aige i gcríoch dhrámatúil sa K Club.

 

INPHO/Matthew Harris

Shane Lowry a bhí ina laoch thall i Nua-Eabhrac ag deireadh an fhómhair agus an leathphointe cinniúnach faighte aige lena chinntiú go mbeadh an Eoraip ag coinneáil greim ar Chorn Ryder.

 

INPHO/Morgan Treacy

Bhí bliain dhochreidte ag Kate O’Connor agus boinn buaite aici ag Craobhchomórtais an Domhain agus na hEorpa faoi dhíon, chomh maith le bonn óir ag Cluichí Domhanda na nOllscoileanna ach sháraigh bean chontae Lú sin uile mí Mheán Fómhair.

 

INPHO/Morgan Treacy

Bhuaigh O’Connor bonn airgid sa heaptatlan ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain i dTóiceo, an chéad bhonn domhanda a bhuaigh lúthchleasaí ón tír seo ó 2013.

 

INPHO/TockoMackic

Rinne an rábálaí Orla Comerford gaisce ag Craobhchomórtais Paralúthchleasaíochta an Domhain sa Deilí Nua an mhí chéanna agus boinn óir buaite aici sa 100m agus sa 200m sa rannóg T13.

 

INPHO/Ryan Byrne

Bhuaigh Shamrock Rovers Príomhroinn na hÉireann in 2025 agus chuireadar Corn FAI leis mí na Samhna, an chéad uair gur éirigh leo an dá chorn a bhuachan in aon séasúr amháin ó 1987.

 

INPHO/Ryan Byrne

Bhí bliain mhaith ag foireann sacair ban na hÉireann agus an t-ardú céime bainte amach acu go dtí Roinn 1 i Sraith na Náisiún. Fuair Éire an ceann is fearr ar an mBeilg i gcluichí cáilithe agus Katie McCabe, a bhuaigh Corn na gCuradh le Arsenal níos túisce sa mbliain, i measc na gcúl.

 

INPHO/Ryan Byrne

Ní cuma rómhaith a bhí ar chúrsaí d’fhoireann na bhfear ag deireadh na bliana, áfach. Bhí an chuma ar an scéal go n-íocfadh foireann Heimir Hallgrímsson as cailliúint thubaisteach in aghaidh na hAirméine agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2026. Thug an fhoireann taispeántas maith i gcoinne na Portaingéile i Liospóin mí Dheireadh Fómhair ach bhuaigh na Portaingéalaigh, d’ainneoin cic éirice de chuid Cristiano Ronaldo a bheith sábháilte ag Caoimhín Kelleher.

 

INPHO/Ryan Byrne

Chaithfeadh Éire an Phortaingéil agus an Ungáir a shárú sa dá chluiche dheireanacha chun áit sna babhtaí cáilithe a bhaint amach agus chuir Troy Parrott ar an mbóthar ceart muid le dhá chúl sa gcéad leath in aghaidh na bPortaingéalach.

 

INPHO/Nick Elliott

Bhuaigh Éire an cluiche agus rinne Ronaldo ceap magaidh de féin sa dara leath agus é curtha den pháirc díreach tar éis dó a bheith ag spochadh as lucht tacaíochta na hÉireann.

 

INPHO/Anthony Stanley

Bhí bua ag teastáil go fóill thall san Ungáir ach chuir Troy Parrott é féin sa Táin agus trí chúl aimsithe aige sa mbua 3-2, an cúl cinniúnach ag teacht sa séú nóiméad d’am cúitimh.

 

INPHO/Tom O’Hanlon

Ní raibh aon duine in ann stop a chur le mná Chill Chóirín-Cluain Bheirn i gCraobh Shinsir Peile Ban na hÉireann agus a gcúigiú craobh as a chéile buaite ag na Gaillimhigh mí na Nollag.

Fág freagra ar 'Ó Pháirc an Chrócaigh go Búdaipeist – scoth na bpictiúr ó shárbhliain spóirt'