Sa teach ósta a tharraing sé an litir amach.
Bhí idir olc agus scáth ina shúile. “Níl seasamh ar bith agam le Michael Davitt sin,” a deir sé. “Sin é anois an dara huair le coicís litir a bheith faighte agam uaidh.” Tamall maith de blianta ó shin.
Ní raibh aon ghá dom fanacht go raibh an litir tugtha as a phóca aige go dtuigfinn an scéal.
Michael Davitt House atá baiste ar aonad na Roinne Talmhaíochta i gCaisleán an Bharraigh i gcontae Mhaigh Eo. In ómós do bhunaitheoir Chumann na Talún a cuireadh an t-ainm sin ar an bhfoirgneamh.
Ná tóg ar fhear na litreach é nár thuig sé na cúrsaí sin. Is fánach an lear scoile a bhí ann agus eisean ag éirí aníos; ba é a gcloch nirt ag daoine an saol agus an aimsir a thabhairt leo.
Ach faoin am ar thaispeáin sé an litir sin dom sa teach ósta, bhí cor tagtha sa saol a chuir anró ar chuimse feilméaraí, idir bheag agus mhór – oifigiúlachas na mbeithíoch.
Ag méadú atá an anró sin, agus feilméaraí sáraithe aige fiú agus go bhfuil níos mo scoile ar ghlúin daoine an lae inniu.
‘Thaispeáin torthaí suirbhé le gairid go raibh rialacha, coinníollacha agus páipéarachas ar an dúshlán ba mhó a bhí ag déanamh tinnis d’fheilméaraí na tíre seo; bhí 60% ar an bhfocal sin. Bhí ceist seo an oifigiúlachais chun cinn ar an ardú ar phraghsanna ábhar feilme (54%) mar ábhar imní ag feilméaraí. Ní raibh an drochaimsir ach sa tríú háit ag 48%.
Don té a bhfuil a chosa ar an talamh, ní hábhar iontais iad na torthaí seo.
Caitear cuntas a choinneáil ar réimse ábhar ar nós na bpurgóidí a thugtar d’ainmhithe agus an dáta agus an méid di ar baineadh úsáid as. Caithfear cuntas a choinneáil ar an mbeatha beostoic a ceannaíodh, ar na haistrithe anonn agus anall ar eallach, agus ar sheiceáil ar chúrsaí sábháilteachta feilme.
Ní féidir, as féin, locht a fháil ar chuid ar bith den pháipéarachas sin ach tá toradh eile air seachas páipéar agus ríomhairí.
D’fhéadfaí pionós trom a chur ar fheilméara faoin dearmad is lú ar bith a bheadh ar a chuid páipéarachais. Fiú is go gcuirfí an uimhir chluaise do bheithíoch san mboiscín contráilte, d’fhéadfaí moill mhór a chur ar íocaíochtaí.
Fágann an córas páipéarachais go mbíonn ar fheilméaraí am a chaitheamh ar obair oifige nuair a d’fheilfeadh sé dóibh a bheith amuigh ar an talamh – sin gan trácht ar an imní agus ar an bhfrustrachas a bhaineann leis.
Ach ní páipéar atá ann anois ach freagraí atá ag teastáil ar an ríomhaire.
Bhí mé ag cruinniú cinn bhliana Chumann na bhFeilméaraí Cnoc agus Natura na hÉireann i gConamara agus bhí na hábhair seo go mór i gceist. Glacadh le moladh an-spéisiúil ansin go gcuirfí ranganna ar fáil d’fheilméaraí i gcúrsaí ríomhaireachta agus idirlín, go háirithe maidir le freagraí ar líne.
Seo é an bealach is anróití fós sa bhfeilméaracht. Má bhíonn bosca amháin fágtha gan líonadh, nó an beithíoch ceart curtha isteach sa mboiscín contráilte, beidh aimsir ar an bhfeilméara teacht as an tranglam.
An bhfuil bealach as?
B’fhéidir gurbh fhiú aird a thabhairt ar ráiteas cainte a rinne Albert Einstein, fear a raibh sé tugtha síos dó go raibh sé ar an duine ba mheabhraí ariamh ar an bpláinéad seo. Arsa Einstein: ‘Simplicity is genius.’ Trí fhocal. Ní cosúil gur bua é sin atá ag lucht an chórais talmhaíochta maidir le hoifigiúlachas. Tá comhairle le cur orthu (nach nglacfaidh siad léi!) – laghdaíodh na boscaí agus laghdaíodh na ceisteanna.
Ar ndóigh tá an saol éirithe níos casta, ghlacfadh Einstein féin leis sin. Céard faoin gcóras a bhí ann tráth den saol nuair a chuaigh bodóg amú ar fhear ar aonach i gConamara. Chaith sé an iomarca ama sa teach ósta. Ní raibh páipéar ná ríomhaire aige ach é ag ceistiú chuile dhuine faoin mbodóg. D’éirigh fear amháin mífhoighdeach leis an scéal uilig agus d’fhiafraigh: “Ach an aithneofá an bhodóg dá bhfeicfeá í?” Arsa fear na bodóige: “B’fhéidir nach n-aithneoinn ach d’aithneodh sí mé.”
Nár bhreá simplí an saol é ag feilméara?
Fág freagra ar 'Má bhíonn bosca amháin fágtha gan líonadh, beidh aimsir ar an bhfeilméara teacht as an tranglam'