‘Is gá í a choinneáil beo’ – Daniel O’Donnell ag smaoineamh ar albam iomlán i nGaeilge

Deir an t-amhránaí Daniel O’Donnell gur ‘teanga álainn’ í an Ghaeilge agus go bhfuil sé tábhachtach go ‘gcoinneoidh muid greim uirthi’

‘Is gá í a choinneáil beo’ – Daniel O’Donnell ag smaoineamh ar albam iomlán i nGaeilge

Tá spéis ag an amhránaí aitheanta as Dún na nGall, Daniel O’Donnell, albam iomlán a thaifeadadh i nGaeilge. Dúirt O’Donnell in agallamh leis an irisleabhar RSVP go bhfuil tuairim is fiche amhrán i nGaeilge aige agus gur mhaith leis iad a chur ar aon albam amháin, ach nach bhfuil aon obair déanta chuige sin aige fós.

“Canaim amhráin i nGaeilge ar gach seó [a dhéanann sé] ar TG4. Deirimid i gcónaí go gcuirfimid ar albam iad, ach ní raibh an deis againn tabhairt faoi fós. Is dócha go bhfuil thart ar fiche amhrán ann. Tá siad taifeadta agam i mBéarla ach tá leaganacha Gaeilge agam díobh fosta,” a dúirt O’Donnell san agallamh.

Dúirt sé gur “teanga álainn” í an Ghaeilge agus go bhfuil sé tábhachtach go “gcoinneoidh muid greim uirthi” agus mhol sé gluaiseacht na Gaelscolaíochta.

“Is deacair an teanga í. Déanaim cláir ar TG4. Tá nathanna cainte áille sa Ghaeilge. Is teanga álainn í. Is í ár dteanga í. Is linne í. Is cuid dár gcultúr, dár stair, agus dár dtraidisiún í. Tá sé tábhachtach greim a choinneáil uirthi. Is cuid d’Éirinn agus den Éireananchas í. Óna thaobh sin de, is gá í a choinneáil beo.

“Tá Gaelscoileanna an-tábhachtach. Is dóigh liom go gcaithfidh cothromaíocht a bheith ann fosta. Agus Éire ag éirí níos ilchultúrtha, caithfear an tÉireannachas a choinneáil beo fosta. Tá sé sin tábhachtach. Caithfimid muid féin a oscailt agus cultúir eile a ghlacadh chugainn féin, ach caithfimid gan dearmad a dhéanamh orainn féin,” a dúirt sé.

Is as Cionn Caslach é O’Donnell, baile beag atá i gceantar oifigiúil Gaeltachta na Rosann i nDún na nGall agus ba as an oileán Gaeltachta Uaigh a mháthair Julia. Tá an-spéis léirithe ag O’Donnell sa Ghaeilge i gcaitheamh a shaoil agus is minic a chuireann sé cláir cheoil i láthair ar TG4. Tá agallaimh déanta aige le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus d’fhreastail sé ar chúrsaí teanga in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Sa bhliain 2011 bhí sé i measc na gceoltóirí a ghlac páirt i dtaifeadadh an albaim Le Cuidiú Dé. Chan sé an t-amhrán ‘Le Cuidiú Dé’, leagan Gaeilge den amhrán ‘You Raise Me Up’, ar an albam le hairgead a bhailiú d’ospís Dhún na nGall.

Fág freagra ar '‘Is gá í a choinneáil beo’ – Daniel O’Donnell ag smaoineamh ar albam iomlán i nGaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Féir plé do Daniel. Agallamh an-spéisiúil.

  • WTF

    Mo cheol thú a Daniel!