GAILEARAÍ/TUAIRISC: Slua breá i láthair don chéad léiriú de shaothar nua scannánóra as Conamara faoin gceoltóir Tony MacMahon

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn i measc an tslua breá a bhí i láthair in Institiúid Scannáin na hÉireann ag an deireadh seachtaine don chéad léiriú de 'Slán leis an gCeol', scannán nua le Cathal Ó Cuaig as Iorras Aithneach faoi Tony MacMahon, an ceoltóir bosca cáiliúil as contae an Chláir

Rian Ó Conaire, Marcus Ó Conaire agus Katharina Ó Conaire. Pictiúr: Adrian Heffernan

Ní raibh cor as duine ar bith in amharclann Institiúid Scannán na hÉireann i mBaile  Átha  Cliath nuair a taispeánadh an scannán Slán Leis an gCeol. Scannán  corraitheach é a rinne Cathal Ó Cuaig faoin gceoltóir iomráiteach Tony MacMahon.

280 duine de lucht féachana a bhí ann a dúirt lucht eagair na hamharclainne liom.  Bhí an chuid dheireanach de na ticéid díolta seachtainí ó shin, a dúirt sí.

Bhí Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn ann agus an-aoibh air. Ba léir go raibh comhbhá faoi leith aige le fear a chontae dúchais, contae an Chláir,

Bhí Tony féin ann agus gan an scannán feicthe aige go dtí  sin. Tháinig Cathal Ó Cuaig as Barcelona le bheith ann. I láthair freisin bhí Séamas Deasy, an fear a rinne an obair cheamara. Ealaíontóir ceart críochnaithe é sin freisin.

Tháinig Máirtín Tom Sheáinín ann ar son Raidió na Gaeltachta. Go deimhin murach Máirtín b’fhéidir nach mbeadh an scannán déanta ar chor ar bith: agallamh a rinne sé le MacMahon trí bliana ó shin a chuir Cathal ag smaoineamh ar an scannán a dhéanamh.

Baineadh stangadh as Cathal nuair a chuala  sé gur dúradh le MacMahon go raibh  galar Parkinson air. Ní raibh an t-eolas sin baileach cruinn ach  bhí an scéal dona go leor. Bhí an chosúlacht ann go mbeadh sé deacair aige aon cheol a chasadh níba mhó.

Cheap Cathal gur mhaith an t-ábhar scannáin é—ealaíontóir mór ag iarraidh a chumas ceoil a fháil ar ais.

Tá an scannán sin déanta go cumasach aige.

Bhí meas an domhain ag Cathal ar cheol Tony MacMahon agus é ag éirí aníos in  Aill na Brún anseo i gConamara. Bhíodh sé ag éisteacht leis seasta ar an raidió agus ag féachaint air ar an teilifís. Ba léir dó i gcónaí gur ceoltóir den scoth a bhí ann,  gan trácht ar a bheith ina chainteoir líofa rúndaingean nach raibh faitíos ar bith air riamh seasamh lena chuid tuairimí.

Bhí Cathal  bródúil go háirithe as an leagan amach a bhí ag MacMahon ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus ar chomh tábhachtach is atá sé déileáil  leis an gceol sin go hómósach.

Bhí meas eile fós ag Cathal air agus is é sin go ndearna sé sárobair in RTE ag tabhairt aitheantais do cheoltóirí, d’amhránaithe agus do  dhamhsóirí as chuile cheard d’Éirinn.

Níor fhág sé ar lár muintir Pharóiste Charna. Ba mhór an t-údar bróid é sin ag Cathal Ó Cuaig agus é ina scorach in Aill na Brún.

Mar sin féin ní raibh uaidh scannán bog moltach a dhéanamh de. D’fhág sá an chaint faoi Tony féin.

Chuir seisean a chás i láthair go hionraic i nGaeilge agus i mBéarla. Níor cheil sé ar bhealach ar bith gach ar fhulaing sé, ní hé amháin ó bhuail an galar atá air faoi láthair é ach uaireanta eile i gcaitheamh a shaoil.

D’inis sé dhúinn faoin ngalar dubhach a bhíodh air go minic. Ghabh sé a leithscéal faoi leithcheal a dhéanamh ar a bhean agus ar a chlann nuair a bhí sé tugtha go huile agus go hiomlán beagnach don cheol.

Dúirt sé nach bhfuil a bhean ná an mac is sine ag caint leis anois ar chor ar bith ach dúirt sé freisin go raibh an mac eile, Oisín,  ina shuí in éineacht  leis ag breathnú ar an scannán.

Dá gcloisfeá an bualadh bos a fuair sé faoi sin.

Ní dobrón ar fad atá sa scannán ná baol air. Chonaic muid píosaí scannánaíochta de Tony agus é ag casadh ceoil go gealgháireach nuair a bhí sé  i mbarr a mhaitheasa. Bhí sé ansin ó bhí sé ina fhear an-óg agus go mór mór nuair a rinne sé féin agus Barney McKenna an turas cáiliúil ar fud na hEorpa.

Nuair a bhí an scannán feicthe againn tugadh MacMahon féin, Cathal Ó Cuaig agus Séamas Deasy ar an stáitse gur cheistigh Tristan  Rosenstock iad. Dúradh le Tony as an lucht éisteachta gur fear a bhí ann a chosain fiúntas an cheoil thraidisiúnta i gcónaí — an “pure drop” mar a tugadh air. Fiafraíodh de an bhfuil aon duine á chosaint inniu? Dúirt sé go bhfuil. Ar na daoine a d’ainmnigh sé bhí Martin Hayes agus Des Geraghty. Bhí Des Geraghty i láthair é féin.

Ag an gceoltóir breá as Ciarraí, Danny O’Mahoney, atá bosca ceoil Tony Mac Mahon anois. Dúirt Tony le Máirtín Tom Sheáinín ar Raidió na Gaeltachta an lá faoi dheireadh gur ceoltóir maith eile é Danny. Is maith liom féin an focal “eile” san abairt sin.

Amuigh i bhforhalla  na hamharclainne agus an slua ar a mbealach amach chas Danny cúpla dreas croíúil ar bhosca ceoil Tony MacMahon. Dhamhsaigh cailín meánscoile darbh ainm Siobhán Ní Chuaig-Griallais céipear ar an sean-nós. Iníon deirfíre le Cathal Ó Cuaig í Siobhán.

Mairfidh oidhreacht Tony MacMahon.

 

Máirtín Tom Sheáinín le Micheál D. Ó hUigínn.Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Cathal Ó Cuaig, Stiúrthóir agus Léiritheoir ‘Slán leis an gCeol’ le hUachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Áine Ní Chuaig, Siobhán Ní Chuaig, Seán P. McKiernan, píobaire, agus Máirtín Tom Sheáinín, RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Seán P. McKiernan agus  Cathal Ó Cuaig. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Ronnie Quinlan, Eagarthóir ‘Slán leis an gCeol’,  Conor Quinlan,Katarzyna Jendrek, Ewa Doszczak, Smideadh ‘Slán leis an gCeol’. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

An tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn.i mbun comhrá le Tony MacMahon.  Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Siobhán Ní Chuaig ag damhsa. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Máire Ní Chuaig, Roxana Barcewicz, Feisteas ‘Slán leis an gCeol’. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Kamil Krawczak, fear ceamara le Conor Quinlan. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Ronnie Quinlan agus Cathal Ó Cuaig. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Mairéad Bn. Uí Chuaig, Des Geraghty,  Tristan Rosenstock  agus Áine Ní Chuaig

 

Áine Ní Chuaig agus Ruadhán Mac Eoin. Pictiúr: Adrian Heffernan

 

 

Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Pictiúr: Adrian Heffernan

 

Micheál Ó Cuaig, John Sheahan, Cathal Ó Cuaigh agus Kamil Krawczak, Pictiúr: Adrian Heffernan

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/TUAIRISC: Slua breá i láthair don chéad léiriú de shaothar nua scannánóra as Conamara faoin gceoltóir Tony MacMahon'