Ar an Satharn, 14 Bealtaine, le linn Thionól na Mumhan Chonradh na Gaeilge, nocht Coiste Comórtha Éirí Amach 1916- 2016 séadchomhartha a bhfuil trí ghallán ann os comhair Leabharlann Seán Lemass sa tSionainn mar chomóradh ar 1916
Dé Luain, Bealtaine 16 2016 ag 6:13 pm
Na trí ghallán i gcuimhne Laochra na Cásca a nochtadh os comhair Leabharlann Seán Lemass i mbaile na Sionainne le linn Thionól na Mumhan Chonradh na Gaeilge
Ó chlé, Labhrás Ó Donnghaile, Club na Sionna, Seán Ó Nuanáin, An Dr Róisín Ní Ghairbhí, Coláiste Mhuire gan Smál, agus Tomás Chambers, tar éis na léachta a thug an Dr Ní Ghairbhí ar ‘An Síogaí Rómhánach agus an óráid ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa: Náisiúnachas agus Gaelachas an Phiarsaigh’
Leacht Cuimhneacháin Laochra na Cásca ag Leabharlann Seán Lemass, Sionainn. Tá an obair dhealbhóireachta le McTigue agus a Mhic, dealbhóirí, bunaithe ar íomhánna ó Bhliainiris na gCaipisíneach
An Dr Mary Harris, ar chlé, léachtóir sinsearach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thug léacht ar ‘Dúshláin na mBan in Aimsir na Réabhlóide
Seán Ó Nuanáin, Coiste Comórtha Éirí Amach 1916 ag labhairt le linn nochtadh trí ghallán os comhair Leabharlann Seán Lemass sa tSionainn
Fir na bPící os comhair shéadchomhartha 1916 ag Leabharlann Seán Lemass
Ó chlé: An Comhairleoir Pat McMahon, FF, agus an Comhairleoir P J Ryan ,NP, Cathaoirleach Cheantar Bardasach na Sionainne le Donnchadh Ó hAodha Cathaoirleach Dháil na Mumhan Chonradh na Gaeilge
Éamon Ó Nuanáin, Gráinseach, Co Luimnigh agus Risteard Mac Fhlancaigh, Cill Airne
Ó chlé, Máire agus Seán Ó Gairbhí lena n-iníon, an Dr Róisín Ní Ghairbhí
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Oidhreacht 1916 faoi chaibidil ag Tionól na Mumhan i mbaile na Sionainne'