Ba chóir don Stát agus go háirithe don Roinn Oideachais agus Eolaíochta breathnú arís ar chabhrú leis na Coláistí Gaeilge mar a rinneadar i bhfoirm deontais chaipitíochta go dtí le fíorghairid, a dúirt Máire Denvir, CONCOS. Bhí Máire ag caint le linn seoladh taighde tuarascála dar teideal ‘Tionchar na gColáistí Gaeilge ar an Teanga agus ar phobal na Gaeltachta’ i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath ar an Máirt, (31 Márta). Ba é Ionad na dTeangacha, Coláiste na hOllscoile Má Nuad a rinne an taighde don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
“I ndeireadh na dála, nuair a dheireann 96% de phobal a ndéantar taighde neamhspléach orthu go gcuireann freastal ar choláiste Gaeilge feabhas ar chaighdeán a gcuid Gaeilge, is fiú aire agus suntas a thabhairt don méid sin,” a dúirt Máire.
Bhí Aire na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Joe McHugh, i láthair don seoladh. Agus í ag cur fáilte roimhe, thagair Máire dá bhlaiseadh seisean de shaol an choláiste Gaeilge le hachar beag ama.
Ní raibh an t-uafás taighde le fáil ar na Coláistí Gaeilge go nuige seo. “Rinne an tOllamh Liam Mac Mathúna iniúchadh ar dhearcadh na scoláirí sna Coláisti Gaeilge i leith na Gaeilge i 1977 ach níor pléadh dul chun cinn teanga na scoláirí sa taighde sin.” Léirigh staidéar a rinne Gráinne Ní Ghallchóir i 2010 gurbh fhiú an-chuid airgid do phobal na Gaeltachta an tionscal seo. Tá riar tráchtaisí máistreachta ollscoile ar fáil a rinne staidéar ar ghnéithe difriúla de na coláistí – “ceann liom féin ina measc”, ar sise.
“Cruthaíodh sna staidéir sin ar fad go raibh agus go bhfuil an-fhiúntas don scoláire, do phobal na Gaeltachta agus don tír i gcoitinne sna Coláistí Gaeilge. Tá toradh thar a bheith dearfach ar an anailís a rinne an fhoireann in Ollscoil Mhá Nuad ar na láidreachtaí, na laigí, na deiseanna agus na bagairtí a bhaineann le dul chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Gaeilge agus sna pobail ina bhfuil said gníomhach.”
Ag tagairt do ról an mhúinteora, d’impigh Máire ar na Ranna Stáit cuí agus ar an gComhairle Múinteoireachta breathnú arís ar an tábhacht thar na bearta atá le tréimhse Ghaeltachta ábhar oidí na gColáistí Oideachais. “Iarraim go n-íocfaí táillí na scoláirí sin don tréimhse Ghaeltachta mar gur cuid an-tábhachtach dá n-oiliúint mar mhúinteoirí í.
“Níl aon amhras ach go bhfaighidh an Stát luach a chuid airgid astu nuair a rachaidh said isteach sna scoileanna agus dearcadh dearfach acu ar ár dteanga dhúchais, an Ghaeilge.”