Fuair an Fhrainc an ceann is fearr ar fhoireann na hÉireann i Lyon tráthnóna leis an scór 2-1. Seo scoth na n-íomhánna ó aistear fhoireann Martin O'Neill sa Fhrainc...
An fhoireann a chuaigh chun páirce don chéad chluiche i gcoinne na Sualainne. INPHO/Donall Farmer
Wes Hoolahan ag ceiliúradh a chúil i gcoinne na Sualainne i bPáras. INPHO/Donall Farmer
Darren Randolph agus Ciaran Clark agus díoma orthu i ndiaidh chúl na Sualainne. INPHO/Tommy Grealy
Lucht leanúna na hÉireann i mBordeaux. Thuill dea-iompar lucht tacaíochta na hÉireann ardmholadh le linn an chomórtais. INPHO/James Crombie
Bainisteoir agus leasbhainisteoir na hÉireann, Martin O’Neill agus Roy Keane, agus súil ghéar a choimeád acu ar sheisiún traenála i mBordeaux. INPHO/Donall Farmer
Toby Alderweireld agus Thomas Vermaelen na Beilge ag dul i ngleic le Shane Long sa Stade de Bordeaux INPHO/James Crombie
A chéad chúl aimsithe ag Romelu Lukaku na Beilge INPHO/James Crombie
James McClean agus é cráite i ndiaidh don Bheilg a dtríú cúl a aimsiú. INPHO/Donall Farmer
Shane Long agus Salvatore Sirigu na hIodáile. INPHO/Donall Farmer
Robbie Brady ag ceiliúradh a chúil i gcoinne na hIodáile a d’fhág go raibh Éire cáilithe don dara babhta. INPHO/Donall Farmer
Brady ag ceiliúradh lena bhean Kerrie Harris agus a dheartháir. INPHO/Donall Farmer
Cuid de lucht leanúna na hÉireann ag an Gare de Lille Flandres. INPHO/James Crombie
Robbie Brady, Stephen Ward, Daryl Murphy agus Richard Keogh ag ceiliúradh an chúil a scóráil Brady ó chic pionóis i gcoinne na Fraince i Lyon tráthnóna. INPHO/Donall Farmer
Antoine Griezmann ag ceiliúradh ceann den dá chúl a d’aimsigh sé i gcoinne na hÉireann. INPHO/James Crombie
Imreoirí na hÉireann míshásta leo féin le linn an chluiche i gcoinne na Fraince. INPHO/James Crombie
Robbie Keane agus Shay Given ag fágáil slán ag lucht leanúna na hÉireann i Lyon. Meastar go bhfuil sé i gceist ag an mbeirt acu éirí as a bheith ag imirt d’Éirinn. D’imir Keane 141 uair dá thír agus 131 uair a d’imir Given. INPHO/Donall Farmer
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slán fágtha ag Éirinn le Craobh Sacair na hEorpa'