GAILEARAÍ: Scéalta móra spóirt na bliana i bpictiúir

Insítear anseo scéal an spóirt in Éirinn in 2018 le cabhair ó chuid de na híomhánna is mó a mbeidh cuimhne orthu nuair a fhéachfar siar ar imeachtaí móra 2018. PICTIÚIR: Inpho.ie

GAILEARAÍ: Scéalta móra spóirt na bliana i bpictiúir
Bhí bua drámatúil ag foireann rugbaí na hÉireann i bPáras ag tús mhí Feabhra nuair a d’éirigh le preabchic Johnny Sexton agus an t-am caite
In Twickenham a bhí Éire sa bhabhta deireanach den chomórtas Lá Fhéile Pádraig, mar a bhfuair siad bua eile. D’aimsigh Jacob Stockdale a sheachtú húd sa chraobh an lá ceánna
D’fhág an bua go raibh an ilchraobh tugtha leo ag Éirinn don tríú huair i stair an chomórtais
Ba iad peileadóirí Chora Finne a bhí ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh an lá céanna agus greadadh buailte acu ar Raonaithe Nemo chun Craobh Shinsir Peile na gClubanna a bhuachan
B’éigean athimirt a bheith ann sa chluiche iomána idir Cuala agus na Piarsaigh. Fir Bhaile Átha Cliath a thug an lá leo sa deireadh agus an chraobh buaite acu don dara bhliain as a chéile
D’fhág laoch Chúige Chonnacht, John Muldoon, slán leis an mBóthar Beag mí Aibreáin nuair a d’imir sé a chluiche deireanach i nGaillimh roimh éirí as dó ag deireadh an tséasúir
Léirigh lucht rugbaí na hÉireann a mianach arís mí Bealtaine nuair a thug Cúige Laighean leo Corn na gCuradh tar éis dóibh Racing 92 na Fraince a chloí sa chluiche ceannais
Ba é ‘Newbridge or nowhere’ nó ‘An Droichead Nua nó Dada’ scéal mór CLG an tsamhraidh. Dhiúltaigh Cill Dara a gcluiche in aghaidh Mhaigh Eo sa bhabhtaí cáilithe a imirt in aon áit seachas ag baile…
Ba iad an fhoireann bhaile a bhuaigh an cluiche agus d’éirigh bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford, as a phost ina dhiaidh
Rinne foireann haca na hÉireann éacht nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais Chorn an Domhain mí Lúnasa…
Cé nár éirigh leo sa chluiche ceannais, cuireadh fáilte mhór roimh na himreoirí nuair a tháinig siad abhaile
Bhí dea-scéal ag Éirinn sa lúthchleasaíocht an mhí chéanna nuair a bhuaigh Thomas Barr bonn cré-umha sa chliathrás 400 méadar ag Craobhacha na hEorpa i mBeirlín
Ba iad Luimneach a bhí ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh ar 19 Lúnasa agus Craobh Iomána na hÉireann tugtha leo acu den chéad uair ó 1973. Fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh sa chluiche ceannais chun clabhsúr a chur ar shárbhliain iomána
Bhuaigh imreoir lár páirce Luimnigh, Cian Lynch, gradam ‘Iománaí na Bliana’
Ní raibh Craobh na hÉireann buaite ag iománaithe Luimnigh le 45 bliain agus ní hiontas go ndearnadh ceiliúradh mór millteach
Chas Áth Cliath agus Tír Eoghain ar a chéile sa chluiche ceannais peile
Ba iad fir na príomhchathrach a thug an lá leo agus a gceathrú craobh as a chéile buaite acu
Bhuaigh Corcaigh ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann chun Corn Uí Dhufaigh a thabhairt leo arís
Bhuaigh na deartháireacha O’Donovan, Gary agus Paul, boinn óir ag Craobh Rámhaíochta an Domhain sa Bhulgáir mí Mheán Fómhair
Bhuaigh Éire ceann eile an lá dár gcionn nuair a d’éirigh le Sanita Puspure bonn óir a bhaint amach sa rás aonair
Cúl Carla Rowe a chinntigh bua Átha Cliath i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais Chraobh Peile na mBan 2018
Tar éis dóibh trí chluiche ceannais as a chéile a chailleadh i gcoinne Chorcaí idir 2014 agus 2016, fuair mná Átha Cliath a ndíoltas faoi dheireadh
Tháinig foireann rugbaí na Nua-Shéalainne go Baile Átha Cliath mí na Samhna
Scóráil Jacob Stockdale úd tábhachtach eile d’Éirinn chun na All Blacks a bhualadh
Ba é an chéad uair gur éirigh le hÉirinn an ceann is fearr a fháil ar an Nua-Shéalainn ag baile
Tháinig deireadh le ré Martin O’Neill agus a leasbhainisteora Roy Keane le foireann sacair na hÉireann mí na Samhna
Ceapadh iarbhainisteoir na foirne, Mick McCarthy in áit O’Neill agus socraíodh go dtiocfaidh Stephen Kenny i gcomharbacht air in 2020
Bhuaigh Kellie Harrington bonn óir ag Craobhacha Dornálaíochta an Domhain san India ag deireadh mhí na Samhna
Bhuaigh Shane Ryan bonn cré-umha ag Craobhchomórtas Gearrchúrsa Snámha an Domhain sa tSín mí na Nollag, an chéad uair riamh ag iomaitheoir as Éirinn bonn sinsir snámha a fháil ag craobh an domhain

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scéalta móra spóirt na bliana i bpictiúir'