Gailearaí de na pictiúir is fearr a sheol ár léitheoirí chugainn le coicís anuas…
Iarradh ar léitheoirí Tuairisc.ie a gcuid pictiúr féin a sheoladh chugainn ag nuacht@tuairisc.ie faoin téama ‘Caisleán’ agus ‘Séipéal’ le coicís anuas.
Seo thíos gailearaí de na pictiúir is fearr linn.
An tseachtain seo, tá muid ag iarraidh oraibh bhur bpictiúir faoin téama ‘Cé’ a sheoladh chugainn. Cuirigí chugainn pictiúir de chéanna, lamairní, poirt, agus calaí…
Déan cinnte d’ainm a lua leis an bpictiúr chomh maith leis an áit ar tógadh é, agus d’ainm úsáideora Instagram má tá ceann agat. Féadfar na pictiúir a aimsiú ar Instagram faoin haischlib #picphobail.
Túr Bhaile na nGall, Corca Dhuibhne. Pictiúr: Lisa Ní Bhuachalla
Caisleán Dhún Guaire, Cinn Mhara. Pictiúr: John Ó Liodáin
Caisleán i nDeilginis, Contae Átha Cliath. Pictiúr: Eoin Ó Riain
Počitelj, Boisnia. Pictiúr: Ciara Ní Bhroin
Caisleán Dhún Libhse, Contae Aontroma. Pictiúr: Áine Ní Bhreisleáin
Séipéal Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath. Pictiúr: Tomás Ó Coimín
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pictiúir an Phobail – ‘Caisleán’ agus ‘Séipéal’'