GAILEARAÍ: Inis Iron Meáin seolta ag Bundee Aki agus leathmhíle duine sa rás

An t-imreoir rugbaí clúiteach Bundee Aki a sheol an rás Inis Iron Meáin le déanaí agus bhí neart réaltaí eile ann, ina measc na lúthchleasaithe Oilimpeacha Sonia O'Sullivan agus Rob Heffernan. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Ó chlé: Éamon Ó Cuív, iarTheachta Dála, Peter Kane, Méara Chathair na Gaillimhe, Sonia O’Sullivan, réalt lúthchleasaíochta,  Bundee Aki, imreoir rugbaí Chonnacht agus Éireann, a sheol an rás; an siúlóir, Rob Heffernan, buaiteoir bonn Oilimpeach, agus Príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Mairéad Ní Fhátharta

 

Ó mhoch maidine bhí na sluaite ag déanamh ar Halla Naomh Eoin ar muir agus san aer

 

Daithí Ó Treasaigh, Ceirí Tibby agus Sinéad Tibby Ní Threasaigh, Muineachán. Tá Ceirí ag freastal ar Choláiste Naomh Eoin ar an oileán

 

Oileánach eile, Bundee Aki, a sheol an rás

 

Foireann Choláiste Naomh Eoin, Sam Potter, múinteoir, agus Caroline Ní Ghiolla Ruaidh, rúnaí

 

Scoláirí Choláiste Naoimh Eoin, Inis Meáin, bailithe timpeall ar an réalt rugbaí Bundee Aki ag Inis Iron Meáin, Dé Sathairn

 

Aoife Ní Thuathail, (8), Tismeáin, An Cheathrú Rua, Conamara, a imríonn le cumann rugbaí ‘An Ghaeltacht’. Bhain Aoife geit as Bundee nuair a thriail sí é a thabhairt chun talún le greim docht ar a chosa.  Is ‘Bundee Beag’ a thugtar ar Aoife sa gcumann de bharr déine a cuid teaicleála

 

Tomás Ó Fátharta, Inis Oírr agus a mhac Máirtín; Mairéad Ní Fhátharta, príomhoide Choláiste Naomh Eoin, agus agus an siúlóir Oilimpeach Rob Heffernan

 

An madra seo breá sásta a bheith i lár an aonaigh

 

Bundee Aki agus Aoibhe Blake, scoláire in Inis Meáin

 

Robert Toher, reathaí bóthair, Béal Átha na Sluaighe, agus a athair

 

Tagann héileacaptar an Gharda Chósta ar chuairt cúirtéise roimh an rás

 

Thais ón Bhrasaíl, ar chlé, agus Treasa Nic Dhonnchadha, Inis Meáin

 

Dintiúirí an chúrsa á roinnt leis na reathaithe

 

Gaeilge ag bean Chorcaí, Sonia O’Sullivan. Sonia an t-aoi speisialta a bhí ag an gcéad Inis Iron Meáin in 2004 agus 50 reathaí páirteach. Meastar gur ghlac thart ar 500 duine páirt sa rás an Satharn seo caite

 

Is mór an spórt Bundee Aki ag tabhairt comhairle a leasa do na lúthchleasaithe ar fad

 

Amanda Browne, Aisling Judge, Joanne Feeney agus Olivia Mullarkey

 

Ar aghaidh linn, níl soicind le spáráil. Tús an rása

 

Go n-éirí an bóthar leo!

 

Luath sa rás agus tá Rodhlann Mossop chun cinn. Bhuaigh Rodhlann an rás 12k anuraidh

 

 

Rónán Ó Riain agus John Lee sna sála air

 

Áilleacht an chúrsa

 

Gan dua ar bith ar Emma Sheehy, iarthar Luimnigh

 

Fir Inis Meáin ar an gclaí ag déanamh iontais d’iarrachtaí na lúthchleasaithe
Am ag Caitlín Ní Dhubhsaigh le haghaidh beannachtaí

 

Cathal Lynch ag déanamh a bhealaigh tríd an dumhach ag Ceann Gainimh

 

Seo linn!

 

Dúshlán breise sa ngaineamh, Rónán Quinn agus Helen Horan

 

Sonia O’Sullivan ag Ceann Gainimh

 

Boireann an Chláir trasna na chuain

 

Pearce Clancy agus an gaineamh sáraithe aige

 

Scriosta ach sásta. Aishling Reilly, Droichead Átha, Co Lú

 

Amanda Browne an-sásta an t-ard a bheith curtha di aici

 

David Leahy agus fuinneamh fós ina chosa

 

Ní taobh le bealach amháin taistil atá in Inis Meáin

 

Micheál John Ó Fátharta agus a chara dílis

 

Lúcháir ar Jess Tobin agus Caomhán Mac Con Iomaire an ceann scríbe a bhaint amach

 

Méara na Gaillimhe, Peter Kane agus an chéad duais sa rás 12k á bronnadh aige ar John Lee, Baile Átha Troim, Co. na Mí

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Inis Iron Meáin seolta ag Bundee Aki agus leathmhíle duine sa rás'