GAILEARAÍ/FÍSEÁN: Póilín Ní Chiaráin i measc lucht ghradaim Alumni Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bhí an craoltóir agus iriseoir aitheanta Póilín Ní Chiaráin ina measc siúd ar bronnadh gradam Alumni de chuid Ollscoil na hÉireann orthu ag ócáid mhór san ollscoil le déanaí. Bronntar na gradaim alumni ar dhaoine a d’fhreastail ar an ollscoil sa Ghaillimh “a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu” as na gaiscí a dheineadar sa saol. Pictiúir :Aengus McMahon

Comhfhreagraí Londan RTÉ, Fiona Mitchell  agus comhfhreagraí Tuairisc.ie Póilín Ní Chiaráin ar bronnadh gradam Alumni orthu beirt ag ócáid mhór in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ba iad buaiteoirí eile na bliana seo ná Gráinne McMorrow, saineolaí dlí, an Dr John Lyons, eolaí ailse; an Dr Ronan Waldron, máinlia agus an Dr Mick Molloy as Corr na Móna i nGaeltacht Dhúiche Seoighe, iarimreoir rugbaí agus ceannródaí sa leigheas spóirt.

 

Póilín Ní Chiaráin, a deirfiúr Áine agus a neacht Doireann

 

Sean O’Rourke, RTÉ, Caroline Murphy agus Iognáid Ó  Muircheartaigh

 

Máire Geoghegan-Quinn agus a fear John Quinn

 

Póilín Ní Chiaráin, craoltóir agus iriseoir, agus  a gradam á fháil aici ó Chiarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉG.

 

Michelle Ní Chróinín, OÉG,  agus Donal Leonard

 

Avril Kyne agus a fear Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta
Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Seán Ó Tuairisg agus a bhean Áine

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/FÍSEÁN: Póilín Ní Chiaráin i measc lucht ghradaim Alumni Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'