Bhí an craoltóir agus iriseoir aitheanta Póilín Ní Chiaráin ina measc siúd ar bronnadh gradam Alumni de chuid Ollscoil na hÉireann orthu ag ócáid mhór san ollscoil le déanaí. Bronntar na gradaim alumni ar dhaoine a d’fhreastail ar an ollscoil sa Ghaillimh “a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu” as na gaiscí a dheineadar sa saol. Pictiúir :Aengus McMahon
Comhfhreagraí Londan RTÉ, Fiona Mitchell agus comhfhreagraí Tuairisc.ie Póilín Ní Chiaráin ar bronnadh gradam Alumni orthu beirt ag ócáid mhór in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ba iad buaiteoirí eile na bliana seo ná Gráinne McMorrow, saineolaí dlí, an Dr John Lyons, eolaí ailse; an Dr Ronan Waldron, máinlia agus an Dr Mick Molloy as Corr na Móna i nGaeltacht Dhúiche Seoighe, iarimreoir rugbaí agus ceannródaí sa leigheas spóirt.
Póilín Ní Chiaráin, a deirfiúr Áine agus a neacht Doireann
Sean O’Rourke, RTÉ, Caroline Murphy agus Iognáid Ó Muircheartaigh
Máire Geoghegan-Quinn agus a fear John Quinn
Póilín Ní Chiaráin, craoltóir agus iriseoir, agus a gradam á fháil aici ó Chiarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉG.
Michelle Ní Chróinín, OÉG, agus Donal Leonard
Avril Kyne agus a fear Seán Kyne, Aire Stáit na GaeltachtaCathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Seán Ó Tuairisg agus a bhean Áine
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/FÍSEÁN: Póilín Ní Chiaráin i measc lucht ghradaim Alumni Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'