GAILEARAÍ: Féile Coirm Ghael Linn 2015!

Tús spleodrach curtha le Féile Coirm Ghael Linn 2015 i Mainistir Fhear Muí, Condae Chorcaí

Cuireadh tús spleodrach le Féile Coirm Ghael Linn 2015 i Mainistir Fhear Muí, Condae Chorcaí ar an gCéadaoin, 11 Feabhra 2015, nuair a chuaigh suas le 300 scoláire ó scoileanna Chorcaí agus Thiobraid Árann ar stáitse in amharclann an Ionaid Óige ar an mbaile. Leanadh leis an spraoi an lá dár gcionn, Déardaoin, 12 Feabhra 2015,  in Amharclann Naomh Micheál, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman, agus deis ag breis is 350 daltaí  bunscoile ó chontaetha Loch Garman, Port Láirge, Ceatharlach agus Baile Átha Cliath dul ar ardán an t-am seo.