GAILEARAÍ: Cuilt in ómós ‘Páistí na Réabhlóide’ nochta in Indreabhán

Maraíodh 40 gasúr go foréigneach le linn Éirí Amach na Cásca. Nocht Club Óige Lurgan in Indreabhán cuilt ag an deireadh seachtaine a dhéanann comóradh ar na gasúir sin

IMG_9899

Nocht Club Óige Lurgan in Indreabhán i gCois Fharraige cuilt ag an deireadh seachtaine a dhéanann comóradh ar na gasúir a bhásaigh go foréigneach le linn Éirí Amach na Cásca.

D’oibrigh baill an chlub óige, faoi stiúir an chuilteálaí, Bríd Ní Fhinneadha, ar an gcuilt ag na cruinnithe seachtainiúla a bhíonn acu ar an gCnoc in Indreabhán. Roghnaigh gach duine acu gasúr amháin a maraíodh le linn an Éirí Amach agus rinne cárta breithe don ghasúr sin mar phaiste den chuilt.

IMG_9913

Maraíodh 40 duine óg go foréigneach le linn Sheachtain na Cásca sa troid ar fud na cathrach. Fuaite ar an ceathracha paiste sa gcuilt nua seo, tá ainmneacha na ngasúr sin agus an aois a bhí siad nuair a maraíodh iad chomh maith le habairtí as Forógra na Poblachta ina luaitear an focal ‘children’.

IMG_9904

Is iad an 40 gasúr atá luaite ar an gcuilt na daoine óga sin, a bhí faoi bhun 16 bliana d’aois nuair a bhásaigh siad, a d’aithin an craoltóir Joe Duffy ina leabhar Childrean of the Revolution. Cuirtear síos sa leabhar sin ar shaol na ngasúr agus ar an gcaoi ar bhásaigh siad, bunaithe ar thaighde a rinne Duffy féin – ina measc Brigid McKane, déagóir a bhásaigh go tragóideach nuair a chaith Óglach trí thimpiste í agus é ar a theitheadh as Ard-Oifig an Phoist, agus níos truamhéalaí fós, ‘Male’ O’Toole, buachaill óg anaithnid a bhí ceithre bliana déag d’aois agus a caitheadh i rith na seachtaine. Comhartha ómóis an chuilt ó ghlúin óg an lae inniu do ghasúir an Éirí Amach.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cuilt in ómós ‘Páistí na Réabhlóide’ nochta in Indreabhán'