Bhí slua mór i láthair ag seansuíomh Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua inniu nuair a chuir príomhoide na scoile Mairéad Mhic Dhonnacha crann nua 100 bliain ón lá ar cuireadh Ruairí Mhic Easmainn chun báis. Ba chara maith don scoil é in am an ghátair. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Seosamh Ó Cuaig, duine de lucht eagraithe na hócáide cuimhneacháin, i mbun cainte
An slua i láthair
Philip McDonagh, Ambasadóir na hÉireann don Eagraíocht Um Shlándáil agus Comhar san Eoraip ag léamh a dháin ‘Casement in Pentonville’
An crann curtha ag Príomhoide Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua, Mairéad Mhic Dhonnacha
Ó ghlúin go glúin…
Mairéad Mhic Dhonnacha, príomhoide Scoil Mhic Dara, agus Seosamh Ó Cuaig taobh leis an gcrann
An tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin OP (90) ar ghlac a hathair, Garry Holohan, páirt in Éirí Amach 1916
Ag daingniú an chrainn
Laillí Lamb de Buitléar agus Mary Lamb Waugh, iníonacha an ealaíontóra Charles Lamb, taobh leis an gcrann. In éineacht leo tá Máirtín Jaimsie agus Micheál Mac Con Iomaire
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Crann curtha i gcuimhne Roger Casement ar an gCeathrú Rua'