Reáchtáladh Comórtas Uí Chon Cheanainn den tríú bliain as a chéile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Dé Sathairn. Is comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal é Comórtas Uí Chon Ceanainn atá ainmnithe as an amhránaí agus scoláire iomráiteach Ciarán Ó Con Cheanainn
Ann-Marie Ní Fhátharta, Coláiste Hibernia, a thug léi Corn Uí Chon Cheanainn, an corn a bhronntar gach bliain i gcuimhne ar an amhránaí agus scoláire Ciarán Ó Con Cheanainn
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ina Bean an Tí ag an gcomórtas i gcuimhne a cara, Ciarán Ó Con Cheanainn
An t-amhránaí sean-nóis iomráiteach agus amhránaí cónaitheach OÉG, Sarah Ghriallais, a bhí ar dhuine de mholtóirí an chomórtais
Sarah Ghriallais (moltóir), Irial Ó Ceallaigh (moltóir), Ann-Marie Ní Fhátharta (buaiteoir), Máire Ní Choilm (moltóir) agus Áine Ní Bhreisleáin (Bean an Tí)
Foréis Mac Giolla Gheimhridh, Coláiste na Tríonóide, a bhí ar dhuine d’iomaitheoirí an chomórtais
Cárthach Ó Faoláin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Corn Uí Chon Cheanainn 2017
Caitlín Ní Mhéalóid, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus an dara duais á bronnadh aige ar Chaitlín Ní Mhéalóid, OÉ Gaillimh
Bláthnaid Nic Cába, An Coláiste Ollscoile BÁC
Antoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, agus an tríú duais á bronnadh aige ar Chaoimhe Blennerhassett
Anna Davitt, Foras na Gaeilge, agus Brídín Uí Chon Cheanainn, máthair Chiaráin, ag bronnadh an choirn ar bhuaiteoir an chomórtais, Ann-Marie Ní Fhátharta, An Chloich Mhóir, Conamara, atá ag freastal ar Choláiste Hibernia
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn buaite ag amhránaí na Cloiche Móire'