Sheol Pádraig Ó Héalaí an leabhar 'Comóradh an Chéid: Scoil Naomh Eirc' sa scoil féin i bParóiste Múrach i gCorca Dhuibhne. Dos na pictiúir amháin a bhíothas gan masc. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Máirín Uí Shé ag taispeáint pictiúr di féin nuair a bhí sí sa scoil
Siún Nic Gearailt, Nuacht TG4, iardhalta Scoil Naomh Eirc a bhí ina bean an tí ag an ócáid
Is iomaí scéal ag Siún faoina laethanta féin i Scoil Naomh Eirc
Cathaoirleach na scoile, Máire Uí Chinnéide
An lucht freastail an-tógtha leis an gcaint
Aoi speisialta na hoíche, an Dr Pádraig Ó Héalaí a sheol an leabhar
Muintir Uí Chinnéide, clann na n-oidí Edna agus Caoimhín Ó Cinnéide
Scéalta is greann ag an iardhalta, Pádraig Ó Héalaí. Bhí a mháthair ag teagasc sa scoil
‘Comóradh an Chéid, Scoil Naomh Eirc 1921-2021’ seolta ag an Dr Pádraig Ó Héalaí
Amhrán a chum a hathair á chanadh ag Eilís Ní Chinnéide
An Dr Pádraig Ó Héalaí, Siún Nic Gearailt, Áine de Lóndra, príomhoide na scoile; Máire Uí Chinnéide, Cathaoirleach na scoile, agus Dara Ó Cinnéide, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus duine d’eagraithe na hócáide
Micheál agus Pól Ó Cinnéide ag féachaint ar an taispeántas grianghraf
Eilís Ní Chinnéide le pictiúr a hathar, thuas ar chlé, a máthair, Edna Bean Uí Chinnéide, ar dheis ag bun sa phictiúir, agus a seantuismitheoirí, Parthalán agus Eilís Uí Chinnéide
Máire Bhreathnach agus a mac, Ruaidhrí, ag seinm ceoil don chomhluadar
Ellen Uí Chathalláin in aice le pictiúr di féin agus dá teaghlach, Úna, Muiris agus Tomás
Caitlín Uí Chonchúir ag féachaint ar a hiníonacha, Sharon, Caitríona agus Muireann
Tomás Mac Gearailt ag taispeáint pictiúr dá athair, Séamus, a d’fhreastail ar Choláiste Oiliúna Naomh Pádraig mar ábhar múinteora. D’imir sé don Choláiste i gcluiche ceannais na Sóisear i bPáirc an Chrócaigh díreach roimh chluiche na sinsear, Domhnach na Fola 1920. Sa phictiúr chomh maith tá na múinteoirí Nóra Ní Shé agus Caoimhín Ó Cinnéide
Mary Uí Mhuirthile agus Michelle de Mórdha
Tomás (ar dheis) agus a athair Pádraig Ó Sé. Ar thalamh a muintire a tógadh an scoil
Muintir Mhic Gearailt ó Bhaile na hAbha lena gcóipeanna de leabhar an chéid
Tomás Mac Gearailt, Máirín Uí Chonchúír, Gobnait Uí Chonchúir agus Pat Joe Ó Súilleabháin
Máire Ní Bheaglaoich á haimsiú féin i bpictiúr ranga
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:Ok
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Leabhar nua seolta ag ócáid speisialta ag comóradh céad bliain Scoil Naomh Eirc i gCorca Dhuibhne'