Fógraíodh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 in Ollscoil Luimnigh inniu. Ar Derek Hickey, boscadóir as Áth Dara in iarthar Luimnigh, a bhronnfar príomhghradam na bliana ag ceolchoirm a bheidh ar siúl i gceoláras na hollscoile mí na Bealtaine. Bronnfar Gradam Saoil TG4 2024 ar an damhsóir cáiliúil Jean Butler
Buaiteoirí Ghradam Comaoine TG4 2024, Cairdeas na bhFidléirí, eagraíocht a bunaíodh i dtús na 1980idí chun tacú le ceird na fidléireachta a chur chun cinn i nDún na nGall. Pictiúr: Alan Place
Cairdeas ba bhFidléirí. Pictiúr: Alan Place
Eoghan Ó Ceannabháin as Baile Átha Cliath, Amhránaí TG4 2024 Pictiúr: Alan Place
Derek Hickey, boscadóir as Áth Dara, agus buaiteoir Gradam Ceoil TG4 2024 Pictiúr: Alan Place
Ryan Molloy, cumadóir agus ceoltóir as Pomeroy, Tír Eoghain, a bhuaigh Cumadóir TG4 2024. Pictiúr: Alan Place
The Kane Sisters as Leitir Fraic sa Ghaillimh, Grúpa Ceoil TG4 2024. Pictiúr: Alan Place
Buaiteoir Ghradam Ceoil Tg4 2024, Derek Hickey. Pictiúr: Alan Place
Macdara Ó Faoláin, ceoltóir il-uirlise ón Rinn i nGaeltacht Phort Láirge agus buaiteoir Ceoltóir Óg TG4 2024. Pictiúr: Alan Place
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2024 fógartha i Luimneach'