Cuid de na híomhánna is fearr ó Thóiceo agus bonn Oilimpeach buaite sa rámhaíocht ag gaiscígh na hÉireann, Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegaty. Pictiúir: INPHO
Bhuaigh Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha ar maidin agus iad sa tríú háit ina rás ceannais
Is i lána 2 a bhí mná na hÉireann, an Bhreatain Mhór taobh amuigh díobh agus na hAstrálaigh, a bhuaigh an rás, taobh istigh díobh
Bhí na hÉireannaigh sa chúigiú háit ag tráth amháin sa rás ach chríochnaíodar an-láidir chun an tríú háit a bhaint amach, taobh thiar den Astráil agus den Ísiltír
Is iad Keogh, Lambe, Murtagh agus Hegarty na chéad mhná ón tír seo a bhuaigh bonn Oilimpeacha sa rámhaíocht
Aifric Keogh as na Forbacha i gConamara agus Eimear Lambe ó Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh a ngaisce
Dhá bhonn Oilimpeach a bheidh ag dul siar go Conamara agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn (ar dheis) ar an gcriú, agus Emily Hegarty ó Chorcaigh (ar chlé)
Is é seo an chéad bhonn atá buaite ag foireann na hÉireann i gCluichí Oilimpeacha 2020
Keogh, Lambe, Murtagh agus Hegarty ag ceiliúradh le chéile
An dara foireann ban riamh ón tír seo a bhain áit amach i rás ceannais sna Cluichí Oilimpeacha
Na mná ag déanamh a mbealach chuig an bpóidiam ag an Sea Forest Waterway i dTóiceo
Gaiscígh na hÉireann
Fiona Murtagh ag bronnadh a bonn ar Emily Hegarty
Foireann na hÉireann ag déanamh comhghairdeachais le foireann na hAstráile, a thug leo an bonn óir
Keogh, Lambe, Murtagh agus Hegarty ag baint súp as an éacht a rinne siad
Mí Bealtaine a bhain an ceathrar ban áit amach sna Cluichí Oilimpeacha, an seans deireanach a bhí acu áit a fháil i dTóiceo.
Foireann na hÉireann amuigh ar an uisce arís
Meastar go mbeidh Keogh, Lambe, Murtagh agus Hegarty ag filleadh ar Éirinn an deireadh seachtaine seo
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Boinn Oilimpeacha ag teacht anoir go Conamara agus rámhaithe na hÉireann ag ceiliúradh'