Ar bhóthrín na gcuimhní a shiúil roinnt ban an Satharn seo caite agus iad in éadach a seanmháithreacha thíos ag Caladh Ghólaim, Leitir Mealláin, Conamara, agus iad ag fanacht, mar a dheintí fadó, ar ghabháil éisc na bhfear. Comóradh a bhí in Ionad OIdhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna ar an mbád 'An Brig St John' a cailleadh in 1849 agus paisinéirí ó Chonamara agus tuaisceart an Chláir ar bord agus iad ag teitheadh ó anachain an drochshaoil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Déardaoin, Lúnasa 22 2024 ag 5:35 am
Jacinta O’Flaherty, Leitir Mealláin; Tami Joy Miller, Deborah Grimes, Leamhcán, Baile Átha Cliath; Sarah Ghriallais, Muiceanach Idir Dhá Sháile; Máire Uí Fhlatharta, An Cheathrú Rua; Bríd Uí Choisdealbha, Indreabhán agus Máirín Mhic Lochlainn, Ros an Mhíl
Ag cruinniú le chéile ag Caladh Ghólaim
Bríd Uí Choisdealbha, Sailí Ní Choisdealbha agus Máirín Mhic Lochlainn
Máirín Mhic Lochlainn ag caitheamh seál a chaith Nóra Mhéine Sheáin Learaí Fáirmear, An Trá Bháin
Máíre Uí Fhlatharta, An Cheathrú Rua
Smailc á bhaint as a dúidín ag Máirín Mhic Lochlainn. Ba nós le mná píopaí a bheith acu sna seanlaethanta.
Ó chlé: Sara Ghriallais, Sailí Ní Choisdealbha, Cor na Rón; Barbara Anne Ní Dhonnacha, Caladh Ghólaim; Rosie, an madra; Zoe Holohan (8), agus Bernadette Kelly, Cnoc na Cathrach
Na hiascairí ag filleadh
Mairtín Mac an Rí, Tír an Fhia agus a rothar
An t-amhránaí sean-nóis, Sarah Ghriallais
Tammy Joy Miller, Baile na Cille, Leitir Mealláin
Tammy Joy Miller, Baile na Cille, Leitir Mealláin agus Mairtín Mac an Rí, Tír an Fhia, Conamara i seanéadaigh a muintire
Julie Beck, An Trá Bháin; Sandra Hayden, Foirnis; Jacinta O’Flaherty, Leitir Mealláin; Tami Joy Miller, Baile na Cille; Mairtín Mac an Rí, Tír an Fhia; Deborah Grimes, Leamhcán, Baile Átha Cliath
Áilleacht na ndathanna agus an phatrúin
Maolánaigh an iascaigh: Thomas Mullins, Michael Mullins, a chol ceathrar, Michael Mullins, John Mullins agus Tommy Griallais
Barbara Anne Ní Dhonnacha, Caladh Ghólaim agus a madra
Phyllis Mac Namara ón Siopa Seodóireachta cáiliúil ‘Cobwebs’ a bhíodh i nGaillimh agus a madra nua, Rosie. Tá suim ar leith ag Phyllis sna seálta traidisiúnta agus thug sí ceithre cinn ar iasacht don taispeántas
Togha bheatha na mara le fáil i Halla Chuigéil
An dá chef, Ann Marie Connolly agus Andrea Nic Dhonnacha ón ‘Big House Food Creators’, Leitir Mealláin. Tá gnó nua lónadóireachta bunaithe acu agus súil acu scoil chócaireachta a thosú amach anseo
Ceol i ndiaidh an bhéile
Slán abhaile
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Blaiseadh den saol fadó – mná Chonamara ag caitheamh seálta agus éadach a seanmhuintire ag comóradh an ‘Brig St John’'