Fidléir na Tulaí, Co an Chláir, Sorcha Costello, ag ceolchoirm na hAoine i Halla Naomh Eoin, Inis Meáin
Saileog Ní Cheannabháin ar an vióla
Amhránaíocht aoibhinn ó Shaileog Ní Cheannabháin
Draíocht na cláirsí Ceiltí ag Úna Ní Fhlannagáin
Brí agus fuinneamh an cheoil ó Brian Terry, Luisne Ní Neachtain agus a gclann
Neart ceoil is amhrán ag muintir na háite i dTeach Ósta Inis Meáin. Sa phictiúr tá Dara Taimín, Ciarán Mhéine agus Máirtín Thomáis Mhóir
Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós á tabhairt ag Áine de Blácam in Ionad Pobail Inis Meáin, maidin Dé Sathairn
Éanna agus Caomhán Ó Fátharta ag baint sásamh as Ceardlann na Lúibíní le Fearghas Mac Lochlainn
An-tóir ar an gceardlann Lúibíní. Ó chlé: Crís Ní Cillín, Dara Dara Beag, Juda Mhicil Thomáis, Éadaoin Ní Dhomhnaill, Orlaith Breathnach, Áine de Blácam, Fearghas Mac Lochlainn, Deirdre Ní Chonghaile, Úna Ní Fhlannagáin, Éanna Ó Fátharta, Caomhán Ó Fátharta agus Aedín Ní Thiarnaigh
Gearóid Ó Droighneáin, a thug ceardlann Damhsa ar an Sean-nós, ag taispeáint a chuid steipeanna
An chéad ghlúin eile ag teacht sna sála ar Ghearóid
Jackie Mac Donncha, scríbhneoir agus fear an tí, ag cur tús le ‘Cúirt Filíochta’ – teacht le chéile mhórfhílí na Gaeilge san Ionad Pobail
Dara Dhara Beag Ó Fátharta, mac fhear na hÉigse féin, Dara Beag, ag rá dán dá chuid féin
Feirmeoir is file Inis Meáin, Peadar Mór Ó Conghaile ag baint sásamh as filíocht an chomhluadair
Aingeal Ní Chualáin, file agus údar
Mairéad Ní Fhlatharta
Peadar Mór ag rá a dhánta
Dara Ó Conaola, file is údar Inis Oírr
Sliocht óna shaothar féin á rá ag Dara
A chuid filíochta á rá ag údar Charna, Jackie Mac Donncha
Cruinniú na bhfilí. File Inis Meáin, Peadar Mór, ag cur fáilte roimh fhile Inis Oírr, Dara Ó Conaola, ar de bhunadh Inis Meáin é ó dhúchas
Gafa le ceol, Johnny Óg Connolly ag an gceolchoirm Dé Sathairn i Séipéal Mhuire gan Smál Naomh Eoin
Martin Hayes agus Brian Donnellan ag an gceolchoirm
Brian Donnellan ar an mbouzouki
Fuinneoga dathúla an ealaíontóra Harry Clarke
Na ceoltóirí Johnny Óg Connolly agus Martin Hayes le coiste na hÉigse. Ó chlé: Eoghan Ó Domhnaill, Padraic Ó Foghlú, Áine de Blácam, Jackie Mac Donncha, Tarlach de Blácam agus Fearghas Mac Lochlainn
Cór Inis Meáin ag canadh le linn an Aifrinn sa Séipéal maidin Dé Domhnaigh. Craoladh beo é ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Deirdre Ní Chonghaile ag casadh leis an gcór
Cór Inis Meáin tar éis an tsearmanais
Toisc an oiread sin pictiúr a bheith tógtha aige, cuireadh iachall ar ár ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín a phictiúr féin a chur leo ‘mar dhíoltas’. Pictiúr agus treoir: Dara Dara Beag
Ag airneán i Halla Naomh Eoin ag ‘Clabhsúr’ na hÉigse
Amhrán as Albain ó Vincent Coleman
John Joe and Seáinín Sheáin Bheachlaí á dtaispeáint féin sna pictiúir sa leabhar ‘Cead’, cluiche ársa sainiúil Inis Meáin a seoladh ag an Éigse
An-suim sa leabhar nua ‘Cead’
‘An Poc ar Buile’ á chanadh ag Micheál Mac Craith
Martin Hayes ag an seisiún
Port ag Dara Taimín
Steipeanna na stocaí ag Ruán Ó Fátharta
Tadhg, fear bródúil Inis Meáin, ag an Éigse
JP
Gleoite ar fad, seachas ceann amháin!?