GAILEARAÍ ASNC: Bronntanais na Nollag ó Ar Son na Cúise

Tá an clog ag bagairt ort agus níl an bronntanas speisialta sin ceannaithe fós agat. Ná bíodh lá imní ort! Tá rogha iontach bronntanas ar fáil ó Ar Son na Cúise. Glactar le gach saghas cárta creidmheasa nó is féidir deoch na Nollag a cheannach dúinn má ráiníonn go gcastar ar a chéile sinn as seo go ceann coicíse…

 

 

Marion Nicky

Babóga Marion agus Nicky – ‘Sweethearts’ na craoltóireachta, ach seachain nach mbrúnn tú an cnaipe mícheart ar bhabóg Marion nó tosóidh sí ag caint agus ag tarraingt raice! Cad déarfaidh sí? Cad eile ach, ‘Níl barúil na ngrást agam céard ‘tá tú ag rá Nicky Byrne!’ Moltar Babóg Marion a cheannach láithreach nó beidh díomá ort! Más fíor go bhfuil gach babóg Elsa ó Frozen sa tír díolta, cuimhnigh ar an sciob sceab a bheidh ar bhabóg theasaí Marion!


MTS Feilire

Féilire ‘Oifigiúil’ MTS 2015 – Ná bac féilire One Direction, ní rachaidh tú amú le MTS is cuma cén treo a thabharfaidh tú ort féin i 2015! Cén duine nár mhaith leo an bhliain nua a chaitheamh i dteannta MTS! Croch sa chistin nó sa seomra codlata é agus beidh gach ‘By Deaid!’ ag aon chuairteoir a thagann an doras isteach


GI Joe McHugh

GI JOE McHUGH – Taiscéalaí neamheaglach ar aistear foghlama i ndúthaigh aduaine. Saighdiúir de chuid Airm Enda é GI JOE McHUGH, ach ní bhíonn drogall air dul ‘native’ nuair is gá! Tarraing a chorda agus labharfaidh sé a chúpla focal leat! Nó cuir ar ais ina bhosca é agus ní gá bheith ag éisteacht leis ar chor ar bith!


Celtic Noir

CELTIC NOIR – An branda caifé is láidre agus is eisceachtúla dá bhfuil ar an margadh an Nollaig seo, is é ‘Celtic Noir’ an rogha dí ag an nGael sofaisticiúl, gruama…


FearAncaire

FEAR-ANCAIRE – Níos éirmiúla ná Ron Burgundy agus níos gnéasaí ná Bryan Dobson, ní bheidh aon aird an Nollaig seo ach ar ‘FEAR-ANCAIRE’ amháin – Páidí Ó Lionáird! ‘Stay classy Conamara!’


MTS lunch box

Fleasc agus bosca lóin MTS – Tuilleadh iontais ó chatalóg MTS atá ar fáil go heisiach ó Ar Son na Cúise! Is iontach an bronntanas é seo agus is cinnte go mbeidh gach duine sa chlós scoile nó san oifig in éad leat ach a dtiocfaidh ‘am lóin’ den chéad uair sa bhliain nua! Ní bheidh le déanamh agatsa sa cheaintín ach súil a chaochadh leo le teann sásaimh agus an focal draíochta sin a rá: ‘Hah!’


Fág freagra ar 'GAILEARAÍ ASNC: Bronntanais na Nollag ó Ar Son na Cúise'